Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 329 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 09:43 am: |
|
uirrdhiughadh Seo dhaoibh focal a bhfuil cuma an-spéisiúl sa seanlitriú aige, cé nach bhfuil sé ach ina théarma teangeolaíochta forleathan ar fad. Leis an fhírinne a rá, bhí sé ag cinneadh orm é seo a athneachtáil sa gcuma seo nó gur thug mé féachaint ar na samplaí a bhí ina aice. An bhféadfadh sibh a rá céard tá i gceist leis sin agus gan fhoclóir a úsáid? 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4193 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 10:32 am: |
|
urú? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 330 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 11:13 am: |
|
Sin é. Nach gcuireann an litriú seo scanradh agus sceoin an domhain ortsa? 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Alun (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 11:27 am: |
|
"Urdhubhadh, act of darkening, obscuring, eclipsing." Dinneen's Irish-English Dictionary, 1934. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1936 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 11:30 am: |
|
An litriú a bhí ag Seathrún Céitinn (Nua-Ghaeilge Chlasaiceach) ná "urdhubhadh", nach bhfuil chomh scanrúil le "uirrdhiughadh". Bhí sé níos fearr ó thaobh na sanasaíochta de freisin, mar tá an focal "dubh" le feiceáil ann. "Darkening" an chiall a bhí leis ar dtús. Urú abú! Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 331 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 11:55 am: |
|
Ar aon chaoi, seo é an litriú atá in úsáid ag Tomás Ó Máille ina "Urlabharaíocht", 1927. Uirrdhiughadh abdhughadh! 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1937 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 12:12 pm: |
|
Bhí uirrdhiughadh ag an Duinníneach freisin, sa chéad eagrán dá fhoclóir. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Alun (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 01:05 pm: |
|
What would be the etymology of uirrdhiughadh? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1941 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 01:20 pm: |
|
urdhubhadh < ur (= very, entirely) + dubhadh (blackening, darkening) Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4195 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 03:57 pm: |
|
Ní chuireann ná sceon orm. Tá rudaí níos measa, níos "uruithe" fecithe agam i dteangacha eile! |
|