http://debates.oireachtas.ie/DDebate.aspx?F=DAL20061109.xml&Node=H9-2&Page=12 quote:An Coimisiún Logainmneacha.
3. D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aird tugtha aige ar thuairimí mhuintir Chorca Dhuibhne mar aon le tuairimí mhuintir Dhaingean Uí Chúis maidir le hainm an bhaile agus cad atá beartaithe aige a dhéanamh faoin gceist anois. [37285/06]
Éamon Ó Cuív: I dtús báire, ní miste dom a mhíniú don Teachta go mbeidh mé ag casadh le Comhairleoirí de chuid Chomhairle Chontae Chiarraí ar an 17 Samhain 2006 chun an cheist seo a phlé. Tá i gceist agam freisin freastal ar chruinniú poiblí i mbaile an Daingin an lá céanna chun éisteacht le tuairimí mhuintir na háite, ceisteanna a fhreagairt agus eolas a thabhairt ar an gceist seo agus ar nithe a bhaineann le scéimeanna Gaeltachta agus Forbairt Tuaithe mo Roinne
....
quote:Go minic tá míthuiscint ar an bpobal maidir le bunfhíricí a bhaineann leis seo. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh an tAire i láthair go míneoidh mé le héinne a bhfuil spéis aige ann cad iad na fíricí. Ní bheidh mé ag tabhairt breithiúnais. Tá sé ráite agam go bhfuil mé ag fanacht ar Chomhairle Chondae Chiarraí mar d’eagraigh sé an reifreann agus an t-aon éifeacht a bhí leis an reifreann ná dhul i gcomhairle leis an chomhairle chondae. An rud cúirtéiseach domsa le déanamh ó thaobh cinnidh de ná fanacht ar an dream a d’eagraigh an reifreann go gcuirfidh sé moladh faoi mo bhráid. Níl a fhios agam an bhfuil sé ag fanacht go dtí tar éis an chruinnithe a bheidh agam leis, go ndéanfaimid malairt ar tuairimí, go bpléifimid féidearthachtaí, go mbreathnóimid ar ceisteanna dlí agus mar sin agus ansin go gcuirfidh sé moladh chugam. Nuair a gheobhaidh mé moladh, mar atá geallta agam go minic, breathnóidh mé air chomh gar agus is féidir leis sin a fheidhmiú ach caithfidh mé á dhéanamh taobh istigh den dlí.