http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1411&viewby=date quote:Tá úsáid bainte as an leabhar ag lucht frith-Ghaeilge, ar nós an Reform Movement, chun cur i gcoinne mhúineadh na Gaeilge i scoileanna na tíre, rud a chuireann olc ar Hindley féin.
quote:Tá an dúshlán céanna ag an nGaeilge dar leis, sé sin go gcaithfí réimse iomlán de nádúr an duine a bheith clúdaithe agus go gcaithfí gach dream sa tsochaí a mhealladh, na 'maistíní' 'nó na yobs ' san áireamh. Dúirt sé go raibh uafás air a leithéid a rá ach go mbeadh gá le pornagrafaíocht i nGaeilge amach anseo agus ábhar eile nach mbaineann le 'hard-chultúr'.
De réir Hindley tá 'corp álainn' cruthaithe ag gluaiseacht na Gaeilge in Éirinn le 80 bliain anuas ach caithfear beocht a chur sa chorp sin chun go mbeadh sé inmharthana. Ceann de na héachtanna is mó atá bainte amach go bhfuil 1.5 milliún duine a deir go bhfuil Gaeilge acu, ceann eile go bhfuil an Ghaeilge ina ábhar éigeantach sna scoileanna, rud a léironn go gceapann formhór an phobail go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge.
'Tá dúshlán deacair ann chun an Ghaeilge a fhorbairt amach anseo ach molaim go hard iad siúd atá i mbun na hiarrachta.'