mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (September-October) » Archive through October 26, 2006 » An Dreoilín - Na Liricí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cathal
Member
Username: Cathal

Post Number: 3
Registered: 08-2006
Posted on Saturday, October 21, 2006 - 05:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel, chonaic mé thread éigin sna chartlainn maidir leis an amhrán, mar sin, bhí orm na liricí a scríobh!!! D'fhóghlaim mé na liricí siúd ag mo Choláiste Gaeltachta (Coláiste Lurgan, an Coláiste is fearr!!!). Bhuel, D'éist mé leis an méid sin go dtígo raibh na liricí go léir ar eolas a'm!! Tá an t-amhrán agam ar dlúthdhiosca darbh ainm "Cuimhní Gaeltachta". Tá na liricíleis an dlúthdhiosce, mar sin, is eol dom go bhfuil siad ceart. Ar aon nós, seo dóibh:

Ó, mo dhreo, Ó mo dhreolín
Ite ag an gcat, fuil ar a smut,
's gan fágtha a'm ach cnáimhín
Ite ag an gcat, fuil ar a smut,
's gan fágtha a'm ach cnáimhín

Dúidín, dáidín,
An rudín deas a chaill mé,
go lige Dia na nGrásta
go bhfaighidh mé aríst é

Scéilín faoi mo Dhreoilín,
Is di do shil mé deoirín
Nuair a bhuail an cat í,
Is thit sí síos ón ard

Pé ar bith mí-ádh aitseach
A tháinig uirthi teastail
Cé a chreidfeadh go bhféadfadh sí bás 'fháil
Is mé i mo sheasamh lena taobh

Mar 'bheadh cinéal magnet ann,
Is ábhar iontas aigne dom
An chaoi ar fhág sí an rata,
Is mar léim sí i mo threo.

An rud is annamh is iontach
Mar léim sé ina thintreach
Thug sé sceilp dá crúb di
's ní raibh's aici níos mó.

Ciúnas binn ón éinín,
's gan inti ach méid mo mhéirín
Mar a bheadh éinín Dé ann,
Is íimithe suas ar neamh.

Sin é críoch mo scéilín,
Scéilín faoi mo dhreoilín
An chaoi ar ith an cat í
's nár fhág sí a'm ach cnámh.

Sin sin. Má tá aon cheisteanna agaibh, seol ríomh-phoist chugam. Slán

Níor Theanga Oifigiúil í Seo!!!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Riona
Member
Username: Riona

Post Number: 625
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, October 26, 2006 - 12:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I can't help you or say anything that pertains to your post but maybe if you're at the top of the list then someone more knowledgable than mo fein can be of use to you.

Beir bua agus beannacht



©Daltaí na Gaeilge