Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3952 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:26 am: |
|
(A chuala mé ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar RnaG ar maidin) Cuirtear é, agus baintear é, ach ní itear é.
cur [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir). baint [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan. Is foirm de "ithe" atá i "itear". |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 273 Registered: 05-2005
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 10:54 am: |
|
Hmmm. 'Sé suimiúil é. An bhfuil teanga (focail) í? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1792 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 12:44 pm: |
|
Glas? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3961 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 02:44 pm: |
|
Agat, a D. Fútsa atá sé anois ceann eile a scaoileadh chughainn! |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 274 Registered: 05-2005
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 04:05 pm: |
|
Ah. Tuigim anois. Agus is féidir le theanga a ithe. Figuratively and physically. Duh... Ba cheart liom a fheiceáil sin. GRMA, a Aonghuis. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1794 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:31 pm: |
|
quote:Fútsa atá sé anois ceann eile a scaoileadh chughainn! Cá bhfuil sé sin scríofa sa rialacha? Seancheann é seo, ach is maith liom an rím: Droichead ar loch, Gan adhmad, gan chloch. Cad é? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 07:56 pm: |
|
Leac oighir, ar ndóigh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1795 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 08:38 pm: |
|
Ar ndóigh. Do shealsa anois, Jack. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3963 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 04:10 am: |
|
quote:Cá bhfuil sé sin scríofa sa rialacha? San Hobad, gan amhras! Tarraingíonn scéal scéal, agus tomhas tomhas! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1797 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 12:00 pm: |
|
quote:San Hobad Hobbit? An bhfuil an leagan Gaeilge ar fáil anois? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3970 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 03:12 pm: |
|
Níl fós, go bhfios dom. Deireadh 2006 a deir an suíomh. http://www.evertype.com/gram/hobad.html Ach tá tomhasanna larnach san eachtra idir Bhilbo agus Gollum, agus mar sin rith sé liom. Anois, cad tá i mo phóca? |
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, October 21, 2006 - 09:49 am: |
|
Cén fáth ar maith leis an tseanbhean cónaí sa lios? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1806 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 22, 2006 - 01:04 pm: |
|
Euhhh... ní maith léi cónaí i mbróg? Leid, led thoil: an ionann "lios" agus "ráth" sa chás seo? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 10:19 am: |
|
Is ionann dearfainn. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1822 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 24, 2006 - 09:29 pm: |
|
OK, éirím as. Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 24, 2006 - 11:54 pm: |
|
Mar bíonn sióg i gconaí ann! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1824 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 25, 2006 - 12:46 am: |
|
Mar bíonn sí óg i gcónaí ann! (ag ligean *och* asam) GRMA as an bhfuascailt, a Shéadna ... nó a Shéamais?? Cad é a deirtear faoin bpun? Rud éigin faoin lowest form of humor? Ach tá spin deas dúchasach ar an gceann seo, ós rud é nach ionann imeacht an aimsire sa saol seo agus sa saol eile (an t-alltar, an sídh). Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4005 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 25, 2006 - 05:08 am: |
|
A punnán is the lowest form of wheat, mar a dúirt Niall Toibín, tráth. |
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 06:23 pm: |
|
Is aoibhinn liom Niall Toibín. Sheer mad amach is amach atá sé. Ní déanfaidh mé dearmad ar seó i NE aige a thosnaigh ar 9/11/01! Bhí ticéaid againn agus chuamar go an amharclann b'fhéidir seachtain ina dhiaidh sin. Bhíomar go léir faoi dubhrón an oíche sin ar ndóigh ach ar feadh uair a chloig no mar sin, bhíomar sna trithí aige. Nach bua é sin? Anois: Ní maide ná clár é ach mar sin féin is adhmad é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1841 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 06:25 pm: |
|
Crann? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 06:30 pm: |
|
Ní crann é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1842 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 06:35 pm: |
|
Cén fáth? Tá súil agam nach pun eile é seo! An mbaineann fuaimniú an fhocail "adhmad" (AH-mud v. EYE-mud) le hábhar? Ummm... páipéar? (Message edited by dennis on October 26, 2006) Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Jack Frost (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 08:32 pm: |
|
Rud níos measa na pun é, a Dhennis, ach ceann lag (lame). Min sáibh an freagair. |
|