Author |
Message |
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, October 15, 2006 - 04:26 pm: |
|
Discuss |
|
Frank N. Stein (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, October 15, 2006 - 04:28 pm: |
|
Droch-úlla - bíonn siad i ngach bairille. |
|
Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Post Number: 63 Registered: 09-2006
| Posted on Sunday, October 15, 2006 - 05:59 pm: |
|
Bad blood (vessal)? |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 05:27 am: |
|
ONe historian in reference to Bram-Stoker's book, mentioned the name was not via 'Count Drak' of Rumania, but rather from irish mythology: fuil ~blood, fhuile ~(of) blood, droch ~bad, with the Romanian material providing more flesh to the story |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 153 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 06:20 am: |
|
Cé hé an t-ONe historian ? |
|
Lucy (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 07:45 am: |
|
An article I read recently said that Stoker had read about the Carpathians and that Dracula meant devil in the Wallachian language. |
|
Diarmo
Member Username: Diarmo
Post Number: 212 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 07:51 am: |
|
pure co-incidence I would say! Dracul is Romanian 100% |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 156 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 08:01 am: |
|
"Dracul is Romanian 100%" Úngárach, dhéarfainn! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1236 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 09:03 am: |
|
Ní shéimhítear "déarfainn" uair ar bith, a Fhirn. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 157 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 09:32 am: |
|
Tuige? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 912 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 09:36 am: |
|
Mar a deireann Diarmo, níl aon Ghaeilge (ná aon Ungáiris) san fhocal. Focal Rómáinis is ea é agus sin sin :-) Summary: It's 100% Romanian, just as Diarmo says. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 158 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 09:42 am: |
|
|
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 914 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 10:07 am: |
|
Is ea, sin é. Duine stáiriúil ab ea é Dracula agus is féidir le gach duine agus Rómáinis aige an focal 'dracul' a fheiscint san ainm, '-ul' as Rómáinis = 'an' as Gaeilge. Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san, ach Rómáinis ab ea é agus is í Rómáinis an teanga a labhair sé. Rud suimiúil: sa leabhar Dracula le Stoker, deireann an fear féin gur Székler é agus is í Ungáiris an teanga atá ag na Székleirí. Ni raibh an ceart ag Stoker, áfach, nuair a scríobh sé an teacst san. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3924 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 10:20 am: |
|
Cé go bhfuil bunús Iar-coillteach le hainm Dracula, deirtear go bhfuair Stoker roinnt dá smaointe ó sean scéal Éireannach maidir le duine a d'fhill ó na mairbh chun fuil a ól. Rachaidh mé sa tóir ar tagairtí nuair a bhíonn deis agam - ní cuimhin liom cár léigh me an tuairimíocht. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1237 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 05:08 pm: |
|
Dúirt mise: quote:Ní shéimhítear "déarfainn" uair ar bith, a Fhirn. D'fhiafraigh Fearn: quote:Tuige? The verb, "abair", is extremely irregular. None of its forms ever take a séimhiú -- never ever. Dúirt sé - Ní dúirt sé - An ndúirt sé Deir sé - Ní deir sé - An ndeir sé Deireann sé - Ní deireann sé - An ndeireann sé Déarfaidh sé - Ní déarfaidh sé - An ndéarfaidh sé Déarfadh sé - Ní déarfadh sé - An ndéarfadh sé and so on... Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1238 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 05:12 pm: |
|
And that goes for all places where you would expect a séimhiú: Sin a duirt sé. Sin a deir sé. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1781 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 08:34 pm: |
|
quote:Sin a duirt sé. Sin a deir sé. Tá míniú stairiúil air seo, ar ndóigh. Sean-Ghaeilge "as·beir" > Meán-Ghaeilge "at·beir" > Nua-Ghaeilge Chlasaiceach "adeir". Bhí an a- ann go dtí le déanaí. Choisc an guta sin séimhiú an d. Sean-Ghaeilge "as·rubairt" > Meán-Ghaeilge "at·rubairt" > Nua-Ghaeilge Chlasaiceach "adubhairt". An guta céanna arís! Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 5 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 05:39 am: |
|
A fhear na mBróg: is cuma dhuit. A jhonais, "Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san, ach Rómáinis ab ea é agus is í Rómáinis an teanga a labhair " Go bhfios dom ní raibh an stráice tíre seo ina chuid den Romáin go dtí i ndiaidh an chéad chogadh domhanda. Go dtí an lá inniu, Úngáiris teanga an mhóraimh. Cá bhfuair tú do chuid eolais? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3937 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 06:09 am: |
|
|
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 916 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 06:15 am: |
|
A chara, Tá an ceart agat, ní raibh Transilvania/Siebenbürgen/Erdély riamh ina chuid de stáit an Rómáin go dtí i ndiaidh WWI. Níl an ceart agat, áfach, nuair a deireann tú gurb í Úngáiris teanga an mhóraimh sa cheantar - níl Úngáiris ach ag 19.6% sa cheantar so. Níos tábhachtach, níorbh í Úngáiris teanga an mhóraimh ríomh an chogadh ach an oiread. Ón gcead census (1850) go dtí an lá inniu, bíonn Rómáinis teanga ag an móraimh. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 160 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 06:27 am: |
|
Nach bhfuilimid ag labhairt i dtaobh tráth cupla céad blian roimh náisiúnacht na hEorpa maille lena polaitíocht, lena bolscaireacht, sílteagasc agus santú talún. Níor luaigh tú an cruthú nach Úngáiris a labhair mo dhuine. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 917 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 06:41 am: |
|
Bhuel, is féidir linn cinnte a bheith gurb í Rómáinis an teanga ag an móraimh inniu agus go raibh le céadta blianta. B'fhéidir ná raibh Ungáiris riamh ag an móraimh sa cheantar ach dá raibh, ba sin fadó. Pé scéal é, táimíd 100% cinnte gurb í Rómáinis an teanga a bhí ag 'Dracula" nó Vlad Tepes. Tá a teideal, 'Dracul' as Rómáinis, tá an t-ainm Vlad as Rómáinis, tá ainm a sheanathar, Mircea, bhí sé ina rí Tara Romaneasca etc. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 162 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 06:48 am: |
|
Is maith an rud go bhfuil tú cinnte. Cogar a mhic, is aimsir Bhlaid atá i dtrácht againn. Fós níl tú ag ligint an cruthú chugainn a fhágann an chinnteacht seo agaibh. |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 06:51 am: |
|
'ONe historian'; bhuel, bhí an 'one historian' sa chlár telifís cúpla mí o shin ar BBC1 nó UTV. B'fhéidir go rabh sé 'lesser spotted ulster' srl |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 918 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 07:06 am: |
|
Switching to English, mo leithscéal If I May, I'd recommend Fe_arn to refrain from being patronising. I'm perfectly aware of what time we're discussing, I'm also well acquainted with the region we're discussing; that's part of the reason I know that Hungarian is not the language of the majority in Transylvania and that Vlad Tepes wasn't Hungarian. Vlad Tepes was ruler of Wallachia, the area forming the core of present Romania. His name is Romanian, as are the names of his ancestors, his brothers and his children. he belonged to the royal house of Basarad, which was Romanian. I haven't heard anyone claim he would be Hungarian, not even in Hungary. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 163 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 07:42 am: |
|
A Jhonais, Níl do "chruthú" puinn níos áitaithigh i mbéarla. B'fhéidir gur fhiú duit suíomh a mholadh dom ós rud é go bhfuil ag imeacht díot argóint a chur i dtoll a chéile. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 919 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 08:04 am: |
|
Chun na fírinne a rá, is cuma liom más doigh leat ná fuil sé "níos áitaithigh". Is eagal liom ná fuil puinn eolais agat mar gheall ar an rud so ("Ungáiris teanga an mhóraimh", "Dracula Ungáiris"). B'fhéidir ba cheart duit an naisc sin a chuiris féin dúinn a léamh. Cogar, an bhfuil focal Rómáinis nó Ungáiris agat? Dá mbeadh, bheadh a fhios agat go bhfuil an scéal san amadánach. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 6 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 08:24 am: |
|
Is aisteach liom do mheilit argóinte |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3941 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 08:39 am: |
|
Is aisteach liomsa do dhiongbhailteach, a Fhirn. Ó bheith ag léamh an nasc thuas, gach seans gur ilteangeach a bhí an bruid úd. Ach is léir go bhfuil an ceart ag Jonas maidir le Wallachia: http://www.eliznik.org.uk/RomaniaHistory/wallachia-history.htm Ní fíor cuius regio eius idioma! (Message edited by aonghus on October 17, 2006) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 7 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 08:44 am: |
|
Seo a scríobh jonas is seo a cheistigh mé: ""Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san, ach Rómáinis ab ea é agus is í Rómáinis an teanga a labhair "" Níor iarr mé air ach a chinnteacht chéad faoin gcéad a chruthú. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3942 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 08:54 am: |
|
Rugadh anseo é, dar leis an nasc a thug tusa: http://www.sighisoara.com/ Feicim Rómáinis agus Gearmáinís ar an lch sin; ach níl Magyar! Scríobh tusa: quote:Go dtí an lá inniu, Úngáiris teanga an mhóraimh Cruthúnas, le'd thoil! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 8 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 09:03 am: |
|
"Cruthúnas, le'd thoil!" Cad a ghlacfá mar chruthú? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 920 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 09:28 am: |
|
"Is aisteach liom do mheilit argóinte" Bhuel, mar a deirimíd as Sualainnis 'Som man ropar i skogen får man svar', tá an fhreagairt mar an cheist. "Níor iarr mé air ach a chinnteacht chéad faoin gcéad a chruthú." Ana-mhaith ar fad. Caithfead a admháil ná fuilim cinte. Nílim cinte gur labhair Louis XIV Fraincis, gur labhair Henry VIII Béarla, gur labhair Wilhelm I Géarmáinis. Is dócha, ach nílim cinte. Má tá ainm Rómáinis aige, más Rómáinis é a athair, má rugadh é i gceantar ina labhraíodh Rómáinis, má bhí sé ina rí Rómáinis, bhuel, b' fhéidir gur labhair sé fós Gaeilge ach nílim ró-chinte. "Cad a ghlacfá mar chruthú?" Cad a ghlacfaimíd mar chruthú go bhfuil Ungáiris ag an móraimh i dTransilvania? Sin ceist ana-mhaith nuair a deireann an 'census' ná fuil sí ach ag 19.6%, ach b'fhéidir go bhfuil cruthú maith agat. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 9 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 09:34 am: |
|
A jhonais, Shíl mé gur chuma leat is go raibh mé ag déanamh uasal le híseal leat. " ach nílim cinte......... ach nílim ró-chinte" Dhá uair scríobh tú go raibh tú cinnte céad faoin gcéad! |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 165 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 09:50 am: |
|
""Cad a ghlacfá mar chruthú?" Cad a ghlacfaimíd mar chruthú go bhfuil Ungáiris ag an móraimh i dTransilvania? Sin ceist ana-mhaith nuair a deireann an 'census' ná fuil sí ach ag 19.6%, ach b'fhéidir go bhfuil cruthú maith agat." Sa sliocht thuas, ní raibh mé ag labhairt leat, a jhonais. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 921 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 10:28 am: |
|
"Sa sliocht thuas, ní raibh mé ag labhairt leat, a jhonais." Ana-mhaith. B'fhearr leat do scéalta a insint agus is cuma leat ná fuil an ceart agat, ach má deireann duine ná fuil aon chiall ann, ní labhraíonn tú leis. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 166 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 10:34 am: |
|
A jhonais, Bhí fhios agam go raibh tú ró-ghnóthach ag cur do chuid chruthúnais i ceann a chéile |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 922 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 10:39 am: |
|
Nóta do gach aon duine eile: níl Ungáiris ag an móraimh i dTransilvania, cuir an cheist orthu féin. Léigh an census, nó leigh é seo http://www.minority2000.net/Gr-75/t84gb.htm Is ana-mhinic go bhfuil na h-Ungáiridh agus na Rómáinigh ag argóint lena cheile, ach aontaíonn siad gurb Rómáin é Vlad Tepes agus ní chuala riamh duine a rá nárbh é. Más maith le duine teoiric nua a cheap, b'fhédir gurbh fhearr leat cruthúnas a thabhairt go bhfuil an ceart aige féin amháin. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 923 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 10:47 am: |
|
"A jhonais, Bhí fhios agam go raibh tú ró-ghnóthach ag cur do chuid chruthúnais i ceann a chéile" Ana-ait é seo, an bhfuilir a labhairt liom nó ná fuilir?? Cogar, más maith leat a rá go bhfuil gach aon duine mícheart agus ná fuil an ceart ach agatsa, ní hé uaimse atá cruthúnas. Pé scéal é, táim tar éis cruthúnas a thabhairt cheanna féin, ach b'fhéidir gur maith leat a census féin a léamh? Ana-mhaith, seo duit é. http://www.insse.ro Is féidir leat é a léamh as Rómáinis agus as Béarla. Anois, cá bhfuil do chruthúnas féin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3945 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 11:12 am: |
|
A Fhirn, Táimse sásta leis an firicí a thug Jonas mar cruthú nach fíor do éileamh go bhfuil Ungáirís ag an móramh san áit gur rugadh mo dhuine. Quot erat demonstrandum. Seachas sin, is dóigh liom go bhfuilimid i bhfad ar strae faoi láthair: quote:Táthar ag iarraidh ort go mbeadh do chuid teachtaireachtaí múinte agus bainteach leis an nGaeilge. |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 05:00 pm: |
|
An bhfuil cóip ag éinne de "Was Dracula an Irishman?" (foilsithe i History Ireland, Vol 8, No 2, Summer 2000). Bhí sé sin ar fheabhas, ach ní cóip agamsa, 'brón orm a rå. Le meas, Paul |
|
Medbh
Member Username: Medbh
Post Number: 4 Registered: 10-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 05:27 pm: |
|
I was told Dracula belonged to the order of the Dragon (Draco), which is why the nickname stuck... |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 927 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 04:43 am: |
|
His father, Vlad II, was a member of the Order of the Dragon and became called "the dragon" or "Dracul" in Romanian. The name was then passed on to this son. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 10 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 09:31 am: |
|
A jhonais agus a aonghuis, Aon seans oraibh go bhfuil sibh ag meascadh teangacha (An Rómáinis is An Úngáiris) agus gné tíreolais/staire/cine (An Rómáin agus An Úngáir)? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 928 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:11 am: |
|
Níl. Agus ní dóigh liom go bhfuil an census oifigiúil agus gach aon leabhar atá scríte fén abhar so á meascadh ach an oiread. http://www.minority2000.net/Gr-75/t84gb.htm http://www.insse.ro http://en.wikipedia.org/wiki/Transylvania#Population Campbell, G. (1995) Concise Compendium of the World's Languages Cogar, má tá gach aon duine, gach aon leabhar, gach an suíomh ar an Idirlíon agus gach aon census ag rá A agus tusa féin ag rá B gan aon chruthúnas, bhuel, b'fhéidir ná fuil an ceart agatsa. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 17 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:20 am: |
|
Cad faoi seo??????????? ""Dracul is Romanian 100%" "Úngárach, dhéarfainn!" "Is ea, sin é. Duine stáiriúil ab ea é Dracula agus is féidir le gach duine agus Rómáinis aige an focal 'dracul' a fheiscint san ainm, '-ul' as Rómáinis = 'an' as Gaeilge. Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san, ach Rómáinis{??????????????} ab ea é agus is í Rómáinis an teanga a labhair sé. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 929 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:32 am: |
|
Bhuel, cad faoi? Is é tusa a dúirt "Úngárach, dhéarfainn!" agus bhí sé sin mícheart. Dúirt Diarmo "Dracul is Romanian 100%" agus dúart féin ""Is ea, sin é. Duine stáiriúil ab ea é Dracula agus is féidir le gach duine agus Rómáinis aige an focal 'dracul' a fheiscint san ainm, '-ul' as Rómáinis = 'an' as Gaeilge. Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san, ach Rómáinis ab ea é agus is í Rómáinis an teanga a labhair sé." Sin é, agus is féidir le gach aon duine agus focal Rómáinis nó Ungáiris aige é a thuiscint. Na daoine ná fuil na teangacha san acu, is féidir leo foclóir agus leabhar gramadaigh a léamh agus an focal "drac" a fheiscint as Rómáinis in éineacht lena "-ul". Féach: Gaeilge - Diabhal Rómáinis - Drac Ungáiris - Ördög Gaeilge - An diabhal Rómáinis - Dracul Ungáiris - Az ördög (Message edited by Jonas on October 18, 2006) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 21 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:38 am: |
|
"Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san" Quod Est Demonstrandum. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3950 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:41 am: |
|
Seo a bhí le cruthú: quote:Níor luaigh tú an cruthú nach Úngáiris a labhair mo dhuine. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 24 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:51 am: |
|
Ag jonas!!!!!!!!!!!. Tá mé ag feitheamh go fóill. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1785 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 11:07 am: |
|
Conas a deirtear "jh" in quote:A jhonais, ?? Caminante no hay camino, se hace camino al andar.
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 25 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 11:21 am: |
|
Coinnigh siar, a dhinnis. Tá tú sa tslí. |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 11:45 am: |
|
Jonas -> Djónas ->Diónas ->Diomhnas [d'o: n@s] [d΄oːnˠəs] ... a Jhonais [joːnˠəʃ] |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 930 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 12:21 pm: |
|
Cad é an rud ná tuigeann tú anois? Scríobhas féin "Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san" agus is dóigh le Fearn gurb Ungáiris gach aon duine a saolíodh in Ungáir agus go raibh Ungáiris acu go leor. Bhuel, saolaíodh Padraig Pearse, Michael Collins, Peig Sayers agus a leithéid i gceantar a bhí ina chuid den Sasana san am san, an deireann tú anois gur Sasanaigh ab ea iad?!? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 931 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 12:23 pm: |
|
"Jonas -> Djónas ->Diónas ->Diomhnas [d'o: n@s] [d΄oːnˠəs] ... a Jhonais [joːnˠəʃ]" Bhuel... :-) Deirtear m'ainm mar Iúnas, ní mar Dseonas. |
|
BRN (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 12:58 pm: |
|
Iúnas...gabh mo leithscéal! |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 932 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 01:17 pm: |
|
Mhuise a chara, níl aon drochas ann agus níl aon gá leithscéal a cheist. Bhaineas ana-shult as :-) |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 03:16 pm: |
|
A chairde agus lucht vampire, I wasn't able to find Bob Curran's article in History Ireland online. Here's a link to a posting/article that paraphrases the article extensively. http://www.thecovenorganization.com/was-dracula-irish/ If I can find the original article later, I'll post that. Le meas, Paul |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 03:25 pm: |
|
Here's a long excerpt of the Bob Curran article from the journal History Ireland: http://www.tain.net.au/tain12/dracire12.htm Saol fada, Paul |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 933 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 04:12 pm: |
|
Thanks, it's always interesting to read about Irish folkstories. When I read the discussion here and Curran's article, it seems like people think that Bram Stoker was a pioneer in writing about vampires and that the ideas sprung from his imagination. That's not the case. It's the most famous, but it builds on many books written during that time dealing with vampires. As I happen to have Stoker's Dracula at home, here are the main points given in the introduction to the book. - Vampyrism builds on a long history of folk traditions, especially in South Eastern Europe. - The first 'modern' vampyre-tale was the poem "The Vampyre" by John Stagg (1810). It contains all the main characteristics found in later books, such as Dracula. - A better known book, also called "The Vampyre" was published by J.W.Polidori in 1819. The book soon became very popular, being translated into many European languages. Authors such as Alexandre Dumas, Eugène Sue, Viktor Rydberg and Charles Nodier wrote vampyre-books in their own languages, building on Polidori's book. A play based on the book was popular in England in 1820. - The German opera "Der Wampyr" by Marschner was translated into English and performed, this was the first time the vampyre-story was set in Transylvania. - In 1847, Thomas Preskett Pres authored "Varney, the Vampyre", reaching an even larger audience than Polidori's book. It was republished in many editions. Stoker's Dracula builds almost totally on the Varney. Both are aristrocrats, preying on young ladies of the upper classes, sleeping in coffins, and they even have the same clothes and manners. - In the early drafts of Dracula, Stoker placed his vampyre in Styria but changed it to Transylvania after he read about Vlad Tepes, called Dracula, this giving him both the location and the name. Interesting as this Irish folktale is, I don't think it is there one should look for the origins of Stoker's story. ps It's quite sad if Curran could deliver that lecture in Ireland without anybody in the audience pointing out that droch-fhuola isn't correct Irish and that if it were, it would not be pronounced droc'ola. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 31 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 05:26 am: |
|
"agus is dóigh le Fearn gurb Ungáiris gach aon duine a saolíodh in Ungáir agus go raibh Ungáiris acu go leor. Bhuel, saolaíodh Padraig Pearse, Michael Collins, Peig Sayers agus a leithéid i gceantar a bhí ina chuid den Sasana san am san, an deireann tú anois gur Sasanaigh ab ea iad?!?" Ní dóigh is ní deirim. I.S. Bhfuil tú réidh an cruthúnas a chur faoi mo bhráid go fóill? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 934 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 05:52 am: |
|
Ná fuil léamh agat?? Táim tar éis cruthúnais a chur anso aríst is aríst, gach aon sort cruthúnais. Táimíg fós ag fánacht saghas cruthúnais uaitse. Níl puinn déanta agat fós ach caoineadh. (Message edited by Jonas on October 19, 2006) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 33 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 05:57 am: |
|
Fianaise imthoisceach a chuir tú ós ár gcomhair. I.S. Tá tú i do shuí go luath ar maidin. Buairt leapan? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 935 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:20 am: |
|
"Fianaise imthoisceach" Cuireann an duine bocht so me ag gáire. Chuireas an census oifigiúil, an príomh-leabhar mar gheall ar teangacha Eorpacha, an suíomh chun míon-teangacha agus na focail as Gaeilge, as Rómáinis agus as Ungáiris. Sin iad na rudaí a chuireas féin agus cad chuir tusa? Faic! Agus tusa ag rá gur chuireas "fianaiuse imthoisceach"! lol N'fhaca riamh an duine eile anso a bheith chomh mí-mhacánta leatsa. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 936 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:22 am: |
|
Ó, agus níl sé go luath ar maidin anso, tá domhan ann amuigh do tír féin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 34 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:44 am: |
|
"Chuireas an census oifigiúil,"-Fianaise imthoisceach "an príomh-leabhar mar gheall ar teangacha Eorpacha," - Fianaise imthoisceach "an suíomh chun míon-teangacha agus na focail as Gaeilge,as Rómáinis agus as Ungáiris. - Fianaise imthoisceach "Sin iad na rudaí a chuireas féin agus cad chuir tusa? Faic!" Níl mé céad faoin gcéad cinnte de aon rud - is fútsa an cruthúnas "Agus tusa ag rá gur chuireas "fianaiuse imthoisceach"! Tá, ambaist " N'fhaca riamh an duine eile anso a bheith chomh mí-mhacánta leatsa." Mar a deir tú:"tá domhan ann amuigh do tír féin" |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 937 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:48 am: |
|
Bhuel, cuir chugainn do chruthúnas féin anois, le do thoil. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 37 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:51 am: |
|
cruthúnas i daobh caidé? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 938 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 07:00 am: |
|
Bhuel, seo tus chugat. 1. Scríobhais go bhfuil Ungáiris ag an móraimh i dTransilvania. 2. Scríobhais gurb Maidiar ab ea é Vlad Tepes. Cruthúnas, le do thoil. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 38 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 07:04 am: |
|
Ligfidh mé duit tabhairt isteach don phríomhphointe, sula dtugaim faoi na mionphointí. Baineann an argóint leis an príomhphointe agus is fútsa cruthúnas a thabhairt. Greas ort. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 939 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 07:12 am: |
|
"Ligfidh mé duit tabhairt isteach don phríomhphointe, sula dtugaim faoi na mionphointí." Tuigim é sin, mar tá a fhios againn go léir ná fuil puinn cruthúnais agat. Sin é an mí-mhacántacht, tánn tú ag rá "cruthúnas, cruthúnas, cruthúnas" cé bhfuil lán tabhartha agam cheanna féin, ach ní dóigh leat gur gá duit féin puinn cruthúnais a thabhairt. Mí-mhacántacht. "Baineann an argóint leis an príomhphointe agus is fútsa cruthúnas a thabhairt" B'fhéidir gur mhaith leat an príomhphointe a rá agus cad é saghas cruthúnais atá uait agus ná fuil curtha agam cheanna féin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 40 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 08:48 am: |
|
An ea nach bhfuil fhios agat cad tá faoi caibidil? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 940 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 09:15 am: |
|
Tá a fhios agam cé h-iad na ceisteanna go léir ana-mhaith ar fad Ceist: An é an t-ainm Dracula as Gaeilge nó as Rómáinis? Freagair: As Rómáinis. Ceist: An bhfuilimíd cinte nach Ungáiris is ea é? Freagair: Táimíd, 100% cinte. Ceist: An bhfuil Ungáiris ag an móraimh i dTransylvania? Freagair: Níl ar chor ar bith. Tá Rómáinis ag an móraimh Ceist: An bhfuil Jonas agus Aonghus ag ag meascadh teangacha? Freagair: Nílid, tá eolas maith acu agus gach seans go mbeadh saghas eolais mar gheall ar na teangacha so ag Fearn leis má léann sé an cruthúnas a bhí uaidh. Ceist: An bhfuil cruthúnas ann? Freagair: Tá, agus tá cruthúnas curtha agam aríst agus aríst cheanna féin. Caitfidh mé a admháil tá ceisteanna ann gan aon fhreagiar. Ceist 1: An bhfuil aon chrutúnas ag Fearn. Is dócha ná fuil mar níl sé ábalta é a chur chugainn, ach ní féidir liom cinte a bheith. Ceist 2: An bhfuil na naisceanna curtha agam léite ag Fearn. Is dócha ná fuil, is fearr leis "cruthúnas, cruthúnas" a caoineadh ná an cruthúnas a léamh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 44 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 09:33 am: |
|
F+Úngárach, déarfainn! J-Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san. F+Quod Est Demonstrandum. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 942 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 09:39 am: |
|
Ní hé Ungárach ab ea é. Cuir an cheist ar Ungárach nó ar Rómán éigint más maith leat. (Tá cailín ungárach agus cailín Rómán ag obair san oifis seo agam, bhaineadar ana-gháire as an dteiric sin gurb Ungárach ab ea é Dracula). http://en.wikipedia.org/wiki/Vlad_Tepes |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 05:46 pm: |
|
I think Prof Curran's point is that Irish folklore contains tales of blood-drinking undead, and that there are some interesting related placenames. History Ireland is a respected scholarly periodical. Again, if I can find the actual full article, I'll post it. Le meas, Paul |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 944 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 06:13 am: |
|
Bhuel Fearn, an bhfuil dearmhad déanta agat mar gheall ar na ceisteanna? Seo iad chugat aríst: Ceist 1: An bhfuil aon chrutúnas ag Fearn? - Scríobh sé go bhfuil Ungáiris ag an móraimh i dTransilvania. - Scríobh sé gurb Maidiar ab ea é Vlad Tepes. Ceist 2: An bhfuil na naisceanna curtha agam léite ag Fearn? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 50 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 06:23 am: |
|
Ar thug tú isteach do mo phríomphointe go fóill? Scríobh mé: "Ligfidh mé duit tabhairt isteach don phríomhphointe, sula dtugaim faoi na mionphointí. "Baineann an argóint leis an príomhphointe agus is fútsa cruthúnas a thabhairt. Greas ort." |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 945 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 07:16 am: |
|
Agus tá sé sin déanta agam, aríst is aríst. Tabhair dúinn do chruthúnas anois! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 53 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 07:40 am: |
|
'Dhaibhail, a jhonais, baineadh stangadh asam. Tá tú ag glacadh leis seo, an ea?: F+Úngárach, déarfainn! J-Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san. F+Quod Est Demonstrandum. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 946 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 07:49 am: |
|
Ní glacaim leis, agus tá a fios agat go maith é sin mar scríobhas é seo cheanna féin: Ní hé Sasansach gach aon duine a rugadh in Éirinn nuar a bhí Éire fé smacht Shasana agus ní hé Ungárach gach aon duine a rugadh i dTransilvania nuair a bhí an ceantar fé smacht Ungárairis. Ba dóigh liom go dtuigfeadh gach aon duine é sin... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 57 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 10:32 am: |
|
Bhal, táimid tagtha go leamhsháinn mar a mhaíodh lucht LÁ. Muna bhfuil bogadh ionat sa phríomhphointe, ní tairbhe dom an dua a chuir orm na mionphointí a phlé. D'fhéadfá, dar ndóigh , iad a phlé áit ar bith eile. Agus nach iontach an chomhluadar oifige atá agat? is maith liom gáire na mban agus nach iontach go deo gur bhain tú an aon gháire as Úngárach is as Rómáineach. Mná sna tríthí i m'ainmse. Sin spraoi. Agus iad ina heolaithe staire is teangacha. Sin go hiontach. Nó an ea gur seanchailíní iad a bhfuil an 6 chéad nó an 7 gcéad choinneal ar a gcístí lá breithe acu, aithne pearsanta acu ar mo dhuine Deisceabail leis , b'fhéidir? Shíl mé go raibh an bheirt seo mar mhámh ar chúl láimhe agat, an buille a thabharfadh an argóint leat Beir bua, a mhic ;) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 949 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 20, 2006 - 11:02 am: |
|
Táimíd tagtha leis an eolas gur duine mí-mhacánta tusa agus leis an eolas gur rinne tú amadán asat féin. Chuireas ceist aríst is aríst ort do chuid cruntúnaise a thabhairt. Níor dheinis, agus tuigim é sin mar níl faic agat. Ach in áit an fhírinne a rá, bíonn tú ag bréagadóireact ag rá ná fuil crunúthas tarbtha agamsa. Mura bhfuil léamh agat, ní hí sin mo fadhbsa. "Agus nach iontach an chomhluadar oifige atá agat?" Tá an oifig againn ana-dheas ar fád. Daoine as deich dtír Eorpacha. Is dócha ná tuigeann tú é, bíonn ag taispeáint gach aon lá anso ná fuil aon eolas agat mar gheall ar Eorpa. "Agus iad ina heolaithe staire is teangacha." Níl in aon chor. Ach an dtuigfeá go bhfuil Rómáinis ag cailín Rómán agus Ungáiris ag cailín ungárach? Ní tuigeann tú? Ná bac leis, níor dóigh liom sin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 58 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 06:42 am: |
|
F+Úngárach, déarfainn! J-Saolíodh é i gceantar a bhí ina chuid den Ungáir san am san. F+Quod Est Demonstrandum. Causa finita est. (Creo. Spero) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 953 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 07:03 am: |
|
Qoud Est Absurdum |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 61 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 07:28 am: |
|
nausia, non est? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 954 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 10:56 am: |
|
Latina on niin tylsä, vaihdetaan suomeksi. Tämä asia on jo täysin selvitetty ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 65 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 24, 2006 - 07:11 am: |
|
Mar a deir an tÉireannach i gcomhthéacs eile: Cé gur fhoghlaim mé an Fhionnlainnis le trí bliana déag, agus go bhfuil mo chroí innti, níor thug mé focal liom riamh ;-) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 957 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 25, 2006 - 03:32 am: |
|
;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 68 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 25, 2006 - 06:28 am: |
|
Sinn Féin! Sinn Féin! a jhonais? (Mar a deir an tAthair Ó Duinnín) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 960 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 25, 2006 - 07:32 am: |
|
Me itse, me itse? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 69 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 05:42 am: |
|
Bhí mé ag deimhniú nár éirigh eadrainn, a jhonais. Níl ag éirigh le mo chara Bein, ach an oiread, bun a chur le diospóireacht stóinsithe ;-) http://www.economist.com/world/international/displaystory.cfm?story_id=8058029 |
|