Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3886 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 11, 2006 - 08:33 am: |
|
http://www.foinse.ie/leighSceal.asp?sId=2793 http://www.belfasttelegraph.co.uk/news/story.jsp?story=708746 quote:Tá obair tosaithe ar “an chéad mhórscannán dátheangach Gaeilge/Béarla”. Tá Boicíní - Kings i mBéarla - bunaithe ar an dráma clúiteach ardáin The Kings of the Kilburn High Road le Jimmy Murphy agus tá sé le scannánú i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath agus i Londain. Tá radharc eile a bhaineann le bá fir i ndiaidh taisme húicéara le scannánú ar chósta Chonamara.
|
|
Wee_falorie_man
Member Username: Wee_falorie_man
Post Number: 88 Registered: 04-2006
| Posted on Wednesday, October 11, 2006 - 10:55 am: |
|
Ana-mhaith ar fad! |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 138 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, October 12, 2006 - 06:54 am: |
|
Tuige a bhfuil Béarla ann? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3893 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 12, 2006 - 07:29 am: |
|
Deirtear liom go mbíonn Béarla forleathan i Londain. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 139 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, October 12, 2006 - 07:43 am: |
|
Ach is saothar cruthaíochta scannán, fantasaíocht. Bíonn smacht ag lucht a dhéanta ar a thréithe; an teanga go háirithe. Léigh mé úrscéal Gaeilge i dtaobh na hAfraice cé go ndeirtear liom nach bhfuil Gaeilge go forleathan ann ;) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3895 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 12, 2006 - 08:44 am: |
|
Sea, ach is scéal "realaíoch" atá i gceist. Bhí na Boiciní seo (ár léithéidí fhéin) ilteangach go gníomhach. Is mithid sin a chuir in iúl sa scannán. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 143 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, October 12, 2006 - 08:54 am: |
|
Cibe sainmhíniú ar "scéal", ní shamhleoinn realaíoch leis. Réalaíoch, shamhleoinn leis: an rud a tharla. Scéal,shamhleoinn leis an rud a bhraitear a tharla, móide cur leis is baint uaidh le gach aithris. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3902 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 12, 2006 - 10:45 am: |
|
ribescoilteaire den scoth thú, a fhirn. Eachtraí atá sa scannán mar sin, eachtraí a tharla a mhacasamhail san fíor saol, agus go minic. Tá daoine ann a mhaireann trí mhéan an iliomad teanga; tá sé thar am ár saol a chuir ós comhar an tsaoil mar a fheictear is a cloistear dúinne é, ambaist! |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 148 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, October 13, 2006 - 05:18 am: |
|
"ribescoilteaire" ? Beidh mo ghruagaire i bhfeirg liom. Ach i ndáirire, nach dtuigeann tú an pointe agam? Is ag lucht déanta an scannáin rogha na teangan. Scannán atá i dtrácht, ní hé an saol. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3912 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 13, 2006 - 06:05 am: |
|
Tuigim go pointe. Ach is mó seans go ndeanfar an scannán seo má bhíonn freastail airithe ann ar lucht an aonteangachas. Pé scéal é, chonaic mé i bhfad siar cúpla scannán lonnaithe ar "nan Eilean Siar" a rinneadh sa dóigh dátheangach seo. Thaithin siad go mór liom - sin mar a mhaireann muid, idir dhá (nó trí) theanga. Feicim mé fhéin ionntu. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 150 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, October 13, 2006 - 07:47 am: |
|
Ar luaigh mé leat go fóill nach ionann an saol is scannán? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3919 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 13, 2006 - 09:55 am: |
|
Beatha duine a thoil. De gustibus non est disputandum Táimse ag súil leis. |
|