mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (September-October) » Archive through October 06, 2006 » Ceist faoi bhrú an tséimhiú! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 164
Registered: 12-2004
Posted on Tuesday, September 26, 2006 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dúradh liom

go ndeirtear faoi bhrú [le séimhiú]

ach faoi brú millteanach [gan séimhiú]

An bhfuil sé sin ceart, agus má tá, cén fáth go díreach?

Níl fianaise ann in O'Donail faoi 'faoi' ach sílim gur chuala mé faoin riail seo in áit éicinnt.

An bhfuil a fhios ag éinne?

Grmma!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 102
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, September 26, 2006 - 01:27 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá a leithéid seo de riail ann maidir leis an réamhfhocal gan, go bhfios dom: cuireann gan séimhiú ar ainmfhocal, ach ní chuireann má tá aidiacht nó cáilitheoir éigin eile ag gabháil leis an ainmfhocal. Mar shampla, gan phingin ach gan pingin rua.

Níor chuala mé riamh go mbeadh an riail chéanna ag gabháil le faoi, áfach. Dar liomsa go gcuireann faoi séimhiú ar gach rud, faoi bhrú millteanach san áireamh - seachas corrleagan cainte calctha, dála rud a thabhairt faoi deara.

Ná téadh sé seo idir tú agus codladh na hoíche! Tá "rialacha" ann (mar dhea) nach mbíonn éinne ag cloí go docht leo, agus nach mbíonn iontu uaireanta ach tuairmíocht an té a scríobh an leabhar gramadaí.

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1439
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, September 27, 2006 - 05:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Faoi bhrú mhillteanach" féin i gCúige Uladh.

Tír Chonaill abú!



©Daltaí na Gaeilge