Tá an snáth úd eile ag éirí saghas fada.
Seo sleacht as an Béal Beo le Tomás Ó Máille (lch 141)
Dá mbeadh duine ag gol bheadh
meacan ina chaint nó ina scornach. Deirtear freisin 'labhair sé go
golbhéarach'. Ionann sin agus gol a bheith sa gcaint, idir caoineadh agus caint. 'Bhí sprochaille caointe ag tíocht air' a deirtear freisin, nó 'tá
meacan an chaointe ann'.
Guth an chaointe a bhíos ar an amhrán brónach.
http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=720