Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3668 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 01, 2006 - 10:57 am: |
|
Chuir Suaimhneas ceist faoi seo roimh mo chuid laethanta saoire. Anois agus an áit siúlta agam, tá lé agam le leagan Dennis - murach an fada (orach = imeall). Ach tá "Ór" leis an brí "ortha/paidir" ag Dineen. Chuir mé ceist go haitiúl, ach faraor ní bhfuair mé freagra ar an bpointe. Dúirt TP Ó Conchúir liom go raibh brí feicthe aige le gairid, ach bhí sé ag brostú amach. Dála an scéal, tá teach ar an Mám, agus Suaimhneas is ainm don teach - aon nasc, a Mhartin? |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 9 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, September 04, 2006 - 11:39 am: |
|
A Aonghuis Is ar Mám na Gaoithe atá mo thig féin. Cheap mé gurb rud nuálaioch é an ainm sin a chur air. Ar mo chead spaisteoiracht amach, ar Mám an Oraigh, bhi sé riléir go raibh an smaoineamh chéanna ag a lán daoine. Tá cúig ti ar a laghad i gCorca Dhuibhne agus an ainm sin orthu. Maidir leis Mám an Oraigh, tá sé in aice le Cosán na Naoimh. Bfheidir go raibh ceangail idir an Mám agus oilithreacta fadó. Má thú don chur sios ar do eachtrai i gCorca Dhuibhne! GRM agus FRC |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3675 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 04, 2006 - 12:03 pm: |
|
Shiúl mé cosán na Naoimh, agus tá sé i gceist agam cur síos ar ar mo bhlag. Chuir mé r-phost chuig TP, seans go bhfaighfidh mé freagra uair éigin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3676 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 05, 2006 - 04:09 am: |
|
Freagra ó TP: Aongas a chara, deir "an tSeabhach" gur uarach nó uisce atá i gceist san ainm mar go bhfuill 3 thobar fior uisce thuas ann. Is doigh liom go bhfuil san leis i gceist sa bhfocal fionúrach i mBaile bhFionúrach. T.P. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 11 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 05, 2006 - 06:11 am: |
|
Cá bfhuil Baile an bhFionúrach? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3677 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 05, 2006 - 08:26 am: |
|
|
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 25 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 05, 2006 - 08:46 am: |
|
B'fhéidir gur Darfúr na Súdáine a bhí i dtrácht? Darfúr = Tír na Fúrach |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 26 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 05, 2006 - 08:47 am: |
|
('Dhaibhail) Tír na bhFúrach, dar ndóigh |
|