mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (September-October) » Archive through September 11, 2006 » Eireann - A Quiz. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 214
Registered: 12-2005
Posted on Tuesday, August 29, 2006 - 02:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil a fhios agaibh ...?

Answer as many or as few as you wish imBéarla no i nGaeilge. Any takers?

1. Cé hiad an deichniúr Éireannach a bhuaigh duaiseanna Nobel?
2. Cé hé an scríobhneoir cáiliúl a scíobh an dráma is giorra ar domhan? Ní mhaireann sé ach 30 soicind.
3. Cad é an sliabh is airde is Éirinn?
4. Cad é an abhainn is faide in Éirinn?
5. Cad é an loch is faide in Éirinn?
6. Cad é an t-eas is airde in Éirinn?
7. Cad é an séadchomhartha clochaoise is fairsinge ar domhan?
8. Cad iad na míonna is fuaire, cad iad na míonna is teo agus cad iad na míonna is grianmhaire in Éirinn?
9. Cad é an t-oileán (tír) is faide siar san Eoraip?
10. Cad é an fad is mó aduaidh ó dheas in Éirinn agus an fad is mó aniar soir?
11. Cad é fad iomlán líne an chósta in Éirinn?
12. Cathain a rinne pobal na hÉireann Bunreacht na hÉireann a achtú? Cathain a chuaigh Éire isteach i gCEE?
13. Cé mhéid litir atá - go traidisiúnta - in aibítir na Gaeilge?
14. Cé mhéid daoine ar fud an domhain a mhaíonn gur de shliocht Éireannach iad?
15. Cé a bhaist an t-ainm Hibernia ar Éirinn sa chéad aois R.Ch ?
16. Cén naomh (manach as Éirinn) a deirtear gur tháinig ar Mheiriceá roimh aimsir Chríostóir Colambas?
17. As cén duine (a deirtear) a ainmníodh an rud ar a dtugtar lynch-law? Bhí an Loingseach seo ina mhéara agus ina bhardach ar chathair na Gaillimhe agus chuir sé triail ar a mhac féin agus chuir sé chun báis é in 1493.
18. Cén t-ainm atá ar bunaitheoir agus céad uachtarán idirnáisiúnta Aontas Oibrithe Iompair Mheiriceá (1934) as Contae Chiarraí?
19. Cén t-ainm atá ar an céad diúc Wellington, arbh é a bhua i gCath Waterloo buaic a réime míleata agus a saolaíodh i mBaile Átha Cliath i 1769.
20. Cén t-ainm atá ar an t-ailtire as Contae Chill Chainnigh a dhear an Teach Bán in 1762?

Go néirí an t-ádh libh,

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mac Léinn na Gaeilge (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, August 29, 2006 - 02:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

3. Ní shíl mé go bfhuil an ceart agam, ach an Mount Eirigal (sp?) an sliabh is airde is Éirinn?

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 217
Registered: 12-2005
Posted on Tuesday, August 29, 2006 - 03:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go maith ach ...
An tEaragail – an Sliabh is airde i nDún na nGall atá agat ach tá sliabh níos airde fós in Éirinn i gCo. Chiarraí.
Bain triail as arís más mian leat.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mac Léinn na Gaeilge (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, August 29, 2006 - 03:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Contae Chiarraí? Ní shíl mé go bfhuil aon sliabh ansin.

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 220
Registered: 12-2005
Posted on Wednesday, August 30, 2006 - 01:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní chreidim thú ach here's a chance to take a flying trip to see the best of Ireland and get the lie of the land.
Fhad is atá sibh ag smaoineamh ar na freagraí, b’fhéidir go bhfuil inspioráid le fail anseo: http://www.youtube.com/watch?v=gLGEvwDzDFk

The music in the background is Mal Bhán Ní Chuilionain (Song of Beltaine). Lyrics anseo: http://www.minogue.com/albums/malbhanb.html

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 231
Registered: 12-2005
Posted on Thursday, August 31, 2006 - 06:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

My final contribution for a while: I'll give ye the answers on Sunday unless anyone else wants to try.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3667
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 01, 2006 - 08:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

1. Cé hiad an deichniúr Éireannach a bhuaigh duaiseanna Nobel?
Roinnt acu: Heaney, Yeats, Beckett, Joyce, Walton,

2. Cé hé an scríobhneoir cáiliúl a scíobh an dráma is giorra ar domhan? Ní mhaireann sé ach 30 soicind.
Beckett?
3. Cad é an sliabh is airde is Éirinn?
Corrán Tuathail
4. Cad é an abhainn is faide in Éirinn?
An Sionann
5. Cad é an loch is faide in Éirinn?
Loch Erne?
6. Cad é an t-eas is airde in Éirinn?
Powerscourt
7. Cad é an séadchomhartha clochaoise is fairsinge ar domhan?
Cá bhfios? (Ach ní fairsing a bheadh agam do rud amháin)
8. Cad iad na míonna is fuaire, cad iad na míonna is teo agus cad iad na míonna is grianmhaire in Éirinn?
Éanair go Nollaig, i ngach cás!
9. Cad é an t-oileán (tír) is faide siar san Eoraip?
An tIoslainn!
10. Cad é an fad is mó aduaidh ó dheas in Éirinn agus an fad is mó aniar soir?
Hmm.
11. Cad é fad iomlán líne an chósta in Éirinn?
Hmm.
12. Cathain a rinne pobal na hÉireann Bunreacht na hÉireann a achtú? Cathain a chuaigh Éire isteach i gCEE?
1937 agus 1973 faoi seach
13. Cé mhéid litir atá - go traidisiúnta - in aibítir na Gaeilge?
Ocht gceann déag
14. Cé mhéid daoine ar fud an domhain a mhaíonn gur de shliocht Éireannach iad?
Iad uilig, feictear dom!
15. Cé a bhaist an t-ainm Hibernia ar Éirinn sa chéad aois R.Ch ?
Ptolemy
16. Cén naomh (manach as Éirinn) a deirtear gur tháinig ar Mheiriceá roimh aimsir Chríostóir Colambas?
Breanáinn (bhíos i gCuas an Bhodaigh le gairid)
17. As cén duine (a deirtear) a ainmníodh an rud ar a dtugtar lynch-law? Bhí an Loingseach seo ina mhéara agus ina bhardach ar chathair na Gaillimhe agus chuir sé triail ar a mhac féin agus chuir sé chun báis é in 1493.

Níor dhein. Cuireadh triail airm, bhí sé ciontach, ach theastaigh ón gcúirt fabhar a thaispéaint dhó. Níor ghlac a athair leis sin (an ceart aige dar liom; dúnmharú a bhí ann, agus b'shin an dlí ag an am. Ní Lynch a bhí sa chéad cás mar sin).

18. Cén t-ainm atá ar bunaitheoir agus céad uachtarán idirnáisiúnta Aontas Oibrithe Iompair Mheiriceá (1934) as Contae Chiarraí?

19. Cén t-ainm atá ar an céad diúc Wellington, arbh é a bhua i gCath Waterloo buaic a réime míleata agus a saolaíodh i mBaile Átha Cliath i 1769.

Athure Wellesley

20. Cén t-ainm atá ar an t-ailtire as Contae Chill Chainnigh a dhear an Teach Bán in 1762?

N'fheadar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gnag
Member
Username: Gnag

Post Number: 2
Registered: 09-2006
Posted on Friday, September 01, 2006 - 11:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

1. Cé hiad an deichniúr Éireannach a bhuaigh duaiseanna Nobel? oscar wilde? an naonúr eile, níl 's a'm...
2. Cé hé an scríobhneoir cáiliúl a scíobh an dráma is giorra ar domhan? Ní mhaireann sé ach 30 soicind. ----
3. Cad é an sliabh is airde is Éirinn? Carrontuohil
4. Cad é an abhainn is faide in Éirinn? an tSionainn
5. Cad é an loch is faide in Éirinn? Lough Nea (the one in th enorth beside armagh,antrm etc)
6. Cad é an t-eas is airde in Éirinn? ----
7. Cad é an séadchomhartha clochaoise is fairsinge ar domhan? newgrange?
8. Cad iad na míonna is fuaire, cad iad na míonna is teo agus cad iad na míonna is grianmhaire in Éirinn? is fuaire = Eanáir, is teo = Iúil, is grianmhaire = Lúnasa
9. Cad é an t-oileán (tír) is faide siar san Eoraip? Éire
10. Cad é an fad is mó aduaidh ó dheas in Éirinn agus an fad is mó aniar soir? -----
11. Cad é fad iomlán líne an chósta in Éirinn? ----
12. Cathain a rinne pobal na hÉireann Bunreacht na hÉireann a achtú? 1937 Cathain a chuaigh Éire isteach i gCEE? 1973
13. Cé mhéid litir atá - go traidisiúnta - in aibítir na Gaeilge? 17
14. Cé mhéid daoine ar fud an domhain a mhaíonn gur de shliocht Éireannach iad? 40 milliún
15. Cé a bhaist an t-ainm Hibernia ar Éirinn sa chéad aois R.Ch ? Julius Caesar
16. Cén naomh (manach as Éirinn) a deirtear gur tháinig ar Mheiriceá roimh aimsir Chríostóir Colambas? ---
17. As cén duine (a deirtear) a ainmníodh an rud ar a dtugtar lynch-law? Bhí an Loingseach seo ina mhéara agus ina bhardach ar chathair na Gaillimhe agus chuir sé triail ar a mhac féin agus chuir sé chun báis é in 1493. ---
18. Cén t-ainm atá ar bunaitheoir agus céad uachtarán idirnáisiúnta Aontas Oibrithe Iompair Mheiriceá (1934) as Contae Chiarraí? ---
19. Cén t-ainm atá ar an céad diúc Wellington, arbh é a bhua i gCath Waterloo buaic a réime míleata agus a saolaíodh i mBaile Átha Cliath i 1769. ---
20. Cén t-ainm atá ar an t-ailtire as Contae Chill Chainnigh a dhear an Teach Bán in 1762? -----
an-dheacair ar fad!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3669
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 01, 2006 - 12:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

1. Here are the results of your search:


Sean Mac Bride Winner of the 1974 Nobel Prize in Peace
Mairead Corrigan Winner of the 1976 Nobel Prize in Peace
David Trimble Winner of the 1998 Nobel Prize in Peace
Ernest Thomas Sinton Walton Winner of the 1951 Nobel Prize in Physics
John Hume Winner of the 1998 Nobel Prize in Peace
Betty Williams Winner of the 1976 Nobel Prize in Peace
Seamus Heaney Winner of the 1995 Nobel Prize in Literature
George Bernard Shaw Winner of the 1925 Nobel Prize in Literature
Samuel Beckett Winner of the 1969 Nobel Prize in Literature
William Butler Yeats Winner of the 1923 Nobel Prize in Literature

(Goidthe ó http://almaz.com/nobel/cgi-bin/search.cgi - cuardaigh Ireland)

7. Aah. Céide Fields atá i gceist! http://www.museumsofmayo.com/ceide.htm

18. Michael J Quill, (google arís!)
20. James Hoban (is cara liom google!) http://www.google.com/search?hl=en&rls=GGLD,GGLD:2004-41,GGLD:en&sa=X&oi=spell&r esnum=0&ct=result&cd=1&q=white+house+leinster+house&spell=1

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 233
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, September 03, 2006 - 02:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith sibh go léir. Tá sibh cliste. Nach mór an trua nach pub quiz é agus pionta nó Diet Coke ós ár gcomhair amach agus duais éigin ag an deireadh.
Tá beagnach gach freagra agaibh anois.
Tá Loch Eirne sa cheathrú áit nó sa triú. Braitheann sé ar do thuiscint d’"Eirinn."
'Sé Loch Coirib an loch is mó sa deisceart.

Is fearr liom do fhreagraí, a Aonghuis, do na huimhreacha a leanas:
a hocht, a naoi, a ceathair déag, a cúig déag, agus a seacht déag.


Freagraí
1. Duais Nobel:
1. William Butler Yeats (Litríocht)
2. George Bernard Shaw (Litríocht)
3. Ernest Thomas Sinton Walton (comhbhuaiteoir) (Fisic)
4. Samuel Beckett (Litríocht)
5. Seán Mac Giolla Bríde (Síocháin)
6. Mairéad Corrigan (Síocháin)
7. Betty Williams (Síocháin)
8. Séamus Heaney (Litríocht)
9. John Hume (Síocháin)
10. David Trimble (Síocháin)

2. Samuel Beckett. ‘Breath’ an t-ainm atá air.
3. Corrán Tuathail
4. An tSionainn
5. Loch nEathach
6. Eas Chúirt an Phaoraigh
7. Achadh Céide
8. Na míonna is fuaire: Eanáir agus Feabhra
Na míonna is teo: Iúil agus Lúnasa
Na míonna is grianmhaire:Bealtaine agus Meitheamh
9. Éire ach tá mé ag ceapadh go bhfuil an ceart ag Aonghus. An Ioslainn
10. An fad is mó aduaidh ó dheas: 302 míle (486 km) agus an fad is mó aniar soir: 171 míle (275 km).
11. Fad iomlán líne an chósta in Éirinn:1,970 míle (3,169 km).
12. 1937 agus 1973.
13. Ocht litir déag (abcdefghilmnoprstu)
14. 70 milliún duine ach is fearr liom d’fhreagra anseo arís a Aonghuis
15. Julius Caesar nó Pytheas b’fhéidir. http://www.aolsvc.worldbook.aol.com/wb/Article?id=ar255720
16. Bréanainn Naofa,
17. James Fitzstephen Lynch ach an bhfuil ‘?’ anseo? Leis an 'deirtear'…bhuel…mmm? Creidim thú a Aonghuis.
18. Mike Quill
19. Arthur Wellesley
20. James Hoban

Feictear dom go bhfuil eolas níos fearr ag daoine anseo ar freagraí áirithe anseo ná mo 'source' mar sin má tá rud le cheartú, is breá liom bheith ag foghlaim.

Go raibh maith agaibh go léir, a chairde,

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3674
Registered: 08-2004


Posted on Monday, September 04, 2006 - 04:14 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóigh liom go bhfuil difríocht idir Eoraoip na Polaitíochta agus Eoraip na tíreolaithe - níl mé cinnte go bhfuil an Ioslainn ar an cuid den domhan ar a bhfuil Éireann (continental shelf).



©Daltaí na Gaeilge