Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 259 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 07:59 am: |
|
‘aimsir na gcluas’ Céard í seo? Céard a tharlaíos sa gcineál seo aimsir? Ar sioc é seo? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3607 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 08:52 am: |
|
N'fheadar. Is fear cathrach mé, agus mé dall dá réir ar aimsir. Cá bhfuair tú an nath, agus caithfead súil ar na dea leabhair? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 261 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 11:22 am: |
|
I leabhar teangeolaíocht, a dtugtar an nath seo mar shompla úsáid an ghinidigh iolra, nach bhfuil an t-aistriúchán soláthraithe. (Message edited by Peter on August 09, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3609 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 11:54 am: |
|
An luaitear canúint leis? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 262 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 12:51 pm: |
|
Sea, Gaeilge Iar-Chonnacht. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1711 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 02:04 pm: |
|
Aimsir na gCluas = the winter storytelling season ??? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3611 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 03:34 pm: |
|
Theip orm teacht ar aon tagairt. Gan comhthéacs, is deacair a rá. Tá an ciall seibhís ag baint leis an bhfocal "aimsir" chomh maith, agus tréimhse sa stáir, agus... Ceann don chlár "leagan cainte"! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 263 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, August 10, 2006 - 08:52 am: |
|
A Aonghuis, aimsir na gcluas ~ ar rud eicínt ar an bpatrún de "lip service" é seo??????????? Ar an drochuair níl aon chomhthéacs agam. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3613 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 10, 2006 - 09:02 am: |
|
Níl fiú tús tuairim agam faoi. http://www.rte.ie/rnag/leagancainte.html Cuir ríomhphost chucu! Iadsan na saoithe. (B'fhiú an leabhair a lua). Ní dóigh liom go bhfuil an clár ar siul faoi lathair, seans go gcuireadh mé glaoch ar Liam. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 10, 2006 - 09:55 am: |
|
Chuala mé a leithéid : " Cá raibh tú aimsear na gcluas?" Deireadh nuair nach raibh duine ag éisteacht ná ag tabhairt aire .i. Cá raibh tú nuair a bhí Dia ag dáileadh bua na héisteachta ar gach duine, sa mhéid is nach bhfuil an bua sin agat anois? Tá aimsear na súl ann leis |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1714 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, August 10, 2006 - 10:28 am: |
|
quote:"Cá raibh tú aimsear na gcluas?" Bingo! Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3615 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 10, 2006 - 10:38 am: |
|
Tá ciall leis sin, gan amhras. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 264 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, August 10, 2006 - 11:32 am: |
|
Maith thú! |
|