a rith liom agus mé ag féachaint ar fhreagra Daniela ar mo fhreagra i nGearmáinis :
Bhí Cearbhall Ó Dálaigh (Uachtarán na hÉireann) ag labhairt le scata fear gnó ón nGearmáin . Dúirt sé go raibh áiféala air nach raibh Gearmáinis aige, agus gan amhras ní raibh Gaeilge acu - mar sin, bhí sé chun labhairt leo "in the geographically intermediate language".