mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (July-August) » Archive through August 16, 2006 » Teanga na mBrionglóid « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 107
Registered: 03-2006


Posted on Friday, August 04, 2006 - 04:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Oíche aréir a tharla sé. Bhí mé im chodladh go sámh nuair a tháinig an bhriongóid chugam... Mar is gnách le brionglóidí, bhí sí ait, aisteach. Mar shampla: bhí bean, cara liom, in eaglais agus í á posadh... ach ní raibh fear céile le feiscint ar chor ar bith; agus bhí sí ag caitheamh suirplís... Stad ansin!

Ach sa bhrionglóid aréir bhí daoine ag caint i nGaeilge, ar ndóigh, i mBéarla agus i bhFraincís, agus fiú teangacha eile nach raibh aithne agam orthu... Spreagann an bhrionglóid seo an cheist: cén teanga is mó/coitinne labharaítear i bhur mbrionglóidí? Bhur dteanga dúchais, nó teanga/cha eile? Sílim go mbeadh sé simiúil a fháil amach an dtagann an Ghaeile chun cinn i bhur n-aigne i rith bhur gcodladh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3571
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 04, 2006 - 04:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I bpictuirí is mó a bhímse ag brioglóid, feictear dhom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 04, 2006 - 08:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tagaim le aonghus.

Más focla a mbíonn ann, bíonn siad ó na teangacha uile atá agam, uair um a seach. Braithim ar an tír ina bhfuilim, leis, nó na teangacha a mbíonn in úsáid agam an lá sin. Ach den chuid is mó, ní bhíonn fhios agam cad é an teanga a mbíonn ann, ach fhios agam , ina dhiaidh sin, an chiall a bhain mé as.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 88
Registered: 01-2006


Posted on Friday, August 04, 2006 - 10:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I mo theanga rúnda inmheánach féin a bhíonn mo chuid brionglóidí, nach ionann í agus aon teanga eile ar domhan.

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1677
Registered: 02-2005


Posted on Friday, August 04, 2006 - 10:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I mBéarla is mó a labhraíonn daoine i mo chuid brionglóidí, ach uaireanta cloisim Gaeilge nó Spáinnis nó teanga eile, agus uaireanta dúisím le ceist im intinn: "Cén chaoi a raibh mo dhuine in ann an méid sin a rá i nGaeilge, etc., agus gan aon fhocal Gaeilge, etc. ina phluc in real life ?!?"

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1167
Registered: 08-2004
Posted on Friday, August 04, 2006 - 01:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is deacair liom mo bhrionglóidí a chuimneamh, ach as na cinn is cuimhin liom, ní cuimhin liom teanga ar bith seachas Béarla á labhairt.

I find it hard to remember my dreams, but from the ones that I can remember, I don't recall any language other than English being spoken.

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 170
Registered: 12-2005
Posted on Friday, August 04, 2006 - 03:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scríobh Conor343 on another thread: ‘…we will still be debating this i gceann míle blian and the teanga istself will grow as a result.’

Caithfidh gur fhan sé i mo chloigeann nuair a chuaigh mé a codladh aréir.

I mo bhrionglóid aréir bhí grúpa (mé féin ina measc) taobh amuigh de café ag argóint faoin nGaeilge. Caithfidh go raibh sé i nGaeltacht éigin ach bhí sé níos cosúla le Chicago b’fhéidir (ní raibh mé ansin ach uair amháin). Is bhí sé dorcha. Bhí an áit plódaithe le daoine, cosúil leis an Temple Bar ar bhealach.
Ach, ar aon nós, bhí daoine ag teacht as an gcafé ag rá ‘Slán abhaile’ agus ‘Right mar sin’; daoine óga, galánta, is cuid acu ó thíortha eile ó dhúchas. Ar a laghad cheapfá é sin ó bheith ag féachaint orthu. Lean an argóint ar aghaidh go dtí gur stop an chaint go tobann, agus bhí muidne an-chiúin.
Ach lean na daoine mór thimpeall orainn ar aghaidh ag caint. Fuaim aisteach a bhí ann. Ní rabhamar in ann focal a thuiscint. Teanga nua a bhí á labhairt acu, teanga nár thuigeamar. Chuir sé scanradh orainn.
Tháinig fonn orm éalú ón áit ar an bpointe ionas nach bhfaighidís amach go raibh mé difriúil agus nár chóir dom bheith ansin. Dhúisigh mé ag an bpointe sin. Bhí rudaí eile sa bhrionglóid ach ní cuimhin liom gach rud.

Aisteach, ach tá an locht orm fhéin mar d’ith mé fast food deireanach aréir.

But in answer to your question, in whatever language I’d be using the most at the time.

Ceapaim go bhfuilimid ag iarraidh fadhbanna a thuiscint, a oibriú amach, ag iarraidh freagraí a fháil ar cheisteanna mhóra inár gcodladh, ach níl mé cinnte.
An bhfuil tuairim agat faoi do bhrionglóid agus céard is brí leis a Phanguir?

Tá website ag comharsan liom ó Bhaile an tSaoir, Mick Sheridan, ar an ábhar seo: http://www.avcweb.com/ ach tá sé i mBéarla.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 108
Registered: 03-2006


Posted on Friday, August 04, 2006 - 07:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Haidh, A Chaitríona,

GRMMA agat, agus ag chuile duine a fhreagar an méid ar scríobh mé thuas.

Ní síceolaí mé, agus níl ach tuairim aineolach agam, ach déarfainn gur saghas "shórtáil", "de-frag" nó "chomhadú" atá ar siúl san aigne/fhochomhfhiosach chun imeachtaí an lae atá thart a chur in ord agus an "clár dubh" a ghlanadh i gcóir an lae nua.... B'fhéidir. Ach cinnte, is ait iad na rudaí a fhanann linn tar éis brionglóide!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 181
Registered: 12-2005
Posted on Saturday, August 05, 2006 - 12:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ná mise ach oiread. Ach codladh sámh anocht, a Phanguir, agus brionglóid mhaith leis le cúnamh Dé,

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 109
Registered: 03-2006


Posted on Saturday, August 05, 2006 - 05:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA A Chaitriona. Ta suil agam go mbeidh codladh samh agam, agus gurab amhlaidh dhuitse comh maith.

Sorry - my capacity for the sineadh fada seems to be having a 'codladh samh' too.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1383
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, August 06, 2006 - 06:48 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chan minic is cuimhneach liom mo bhrionglóidí nuair a mhusclaim. Mar sin níl's agam cad é 'n teangaidh a chuala mé nó a labhair mé iontu. Go dtí seo, rinneadh brionglóidí i bhFraincis, i mBéarla, i mBriotáinis agus i nGaeilg. Ar namallaibh rinneadh brionglóid domh ina labhair mé i nGaeilg, bhí mé i nGaeltacht Thír Chonaill agus bhí mé 'labhairt le duine as an áit. Rud greannmhar: nuair a ghníthear brionglóid Ghaeilge domh, is minic a labhramsa os ard go fírinneach agus mar sin cluineann mo chailín a' labhairt Gaeilge mé, agus mé 'mo chodladh :-D

Tír Chonaill abú!



©Daltaí na Gaeilge