Rí_na_hÉireann
Member Username: Rí_na_hÉireann
Post Number: 1 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 07:27 am: |
|
Dia daoibh a chairde Ghaeil, is é seo mo chéad phost ar an fhóram anseo. Tá cesit ghramdaí agam oraibh i dtaca leis an riail dntls. Shíl mise i gcónaí nach raibh éisceacht ar bith ann in aghaidh na rialach seo ach le déanaí, insíodh scéal eile dom. Más eol daoibh agus muna miste libh, an dtiocfadh libh insint dom cad iad na héisceachtaí a bhaineann leis an riail seo, má tá éisceachtaí ann? Go raibh maith agaibh uilig roimh ré. |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 84 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 07:51 am: |
|
Eisceacht amháin a ritheann liom faoi láthair ná nach gcuirtear an riail DNTLS i bhfeidhm ar aidiacht a leanann ainmfhocal baininscneach. Mar shampla, bean dheas atá ceart agus ní *bean deas. Sin mar atá de réir na leabhar gramadaí, ar scor ar bith. Seans go bhfuil corr-eisceacht eile ann chomh maith. Is mise, Michal Boleslav Mechura
|