Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 75 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 07:54 am: |
|
A chairde, Ceist agam maidir le Cualann, focal a fheicim go minic á úsáid i logaimnneacha Chontae Chill Mhantáin. Tá Bré Cualann ann mar ainm eile ar Bhré/Bray, is é Ó Cualann an t-ainm Gaeilge ar an Great Sugerloaf, agus cuirtear Slí Cualann ar an Wicklow Way uaireanta. An rud a chuireann mearbhall orm ná nach ndéantar an focal seo a infhilleadh, is cosúil. Cén fáth? Nár cheart é a bheith sa tuiseal ginideach sna háitainmneacha seo, abair "Brí Chualainn"? Nó an amhlaidh gur tuiseal ginideach de rud éigin eile é "Cualann" féin? Agus cad is brí leis, ar chor ar bith? Ainm dílis? Más ea, cad air? Duine? Treabh? Áit? Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3431 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 08:33 am: |
|
Má éiríonn liom lamh a chuir ar sean leabhair atá agam sa bhaile, seans go mbeidh fuascailt na ceiste agam. Ach is minic gramadach ársa gafa i logainm. Slí Cualann Nua atá ó cheart ar an Wicklow way - bhíodh Slí Cualann ó Bhaile Átha Cliath ó dheas ann fadó, agus sin an leagan Gaeilge atá ar an "Dublin Road" i mBrí Chualann. Ainm duine nó treibhe atá i gceist le Cuala(nn) má s buan mo chuimhne. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1619 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 10:30 am: |
|
quote:Nár cheart é a bheith sa tuiseal ginideach sna háitainmneacha seo, abair "Brí Chualainn"? Nó an amhlaidh gur tuiseal ginideach de rud éigin eile é "Cualann" féin? An ginideach de "Cualu" (sa tSean-Ghaeilge) is ea "Cualann". Ainm treibhe nó pobail a bhí ann ó thús: Tír Cúalann, crích Cúalann, fine Cúalann a thugtaí ar an gceantar sna seanleabhair. Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag aon duine cad is brí leis. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 19 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 10:41 am: |
|
Bheadh freagra na ceiste sin ag lucht an Ghúim. Tá an ceann sin aisteach. Fiú nuair a chuirtear Ó Cualann sa ghinideach ní thagann aon athrú air, ie, Beann Ó Cualann. D'oibrigh mé leis an nGúm tráth agus míníodh dom é ach tá dearmad déanta anois agam air. Coinnigh ar an eolas mé faoi. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 76 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 10:51 am: |
|
Go raibh maith agaibh, tá sé sin soiléir anois. Más ginideach d'ainm dílis é, nár chirte séimhiú a chur air? Sé sin, Bré Chualann, Slí Chualann seachas Bré Cualann, Slí Cualann. Sin mar a dhéantar ar ainmneacha dílse sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann - b'fhéidir nach ndéantaí fadó. Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3447 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 21, 2006 - 05:24 pm: |
|
Fuaireas an méid seo i leabhar a phioc mé suas i siopa dara leabhair traidhfil de bhlianta ó shin: Má³ Ealta Éadair (Dú÷ai³ Á÷a Clia÷) Caitlín Nic ²a¢ann do sgríob Na¥ ¢fuil tagairt go farraba¥all i n-ár Šean-lea¢ra do na cnuic atá ag ŠeaŠail leis an Špéir mór-÷im¥eall - do »lia¢ ¤uallann, ar a rai¢ Ae ¤uallann, an ¥lo¥ úd ar leag Crioµ÷ann ceann ¤uala uir÷i l'éiŠ a ¢aŠui³÷e An tuairim ag aoinne cén Criomhthann a bhí i gceist? |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 96 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, July 22, 2006 - 03:42 am: |
|
Go bhfios dom bhí an tainm "Slí Chualann" mar leagan Gaeilge de "Stradbrook Road" ar an gCarraig Dhubh. Níl fhios agam an bhfuil sé mar sin fós. Eoin Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce
|
|
Enfield
Member Username: Enfield
Post Number: 30 Registered: 10-2005
| Posted on Sunday, July 23, 2006 - 05:01 am: |
|
Bray... Bré, Breagh, Bregha, Bréagán, Brí, agus Brí-Cualann, |
|