mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (July-August) » Archive through July 26, 2006 » Test « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 91
Registered: 03-2006


Posted on Thursday, July 20, 2006 - 07:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Messe ocus Pangur Dubh
Cechtar le dúil mhór i subh.

(le leithscéal leis an úr-údar!)

Nílim ach ag scrúdú athrú a rinne mé ar mo phróifíl, ach feictear dhom go n-oireann an véarsa thuas. :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1618
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, July 20, 2006 - 09:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An leatsa an cat? Nó i bhfocail eile, an leis an gcat thusa? Leis an gceist a chur i ndóigh neodrach, an bhfuil tusa agus an cat sa phictiúr in aontíos?

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 92
Registered: 03-2006


Posted on Friday, July 21, 2006 - 08:11 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Admháilim, a Dhennis, gur lei mé. (Ní chóir a rá gur liomsa í!) Agus ise máistreás an tealaigh. Portia a ghlaotar uirthi (Shakespeare, Tá's agat. Is cat liteartha í, ar ndóigh) ach ní bhacann sí ach leis na daoine is áil lei. Uaireanta liomsa, ach go h-annamh, chun an fhírinne a rá, fad is a bhíonn bia sa mhias aici. Fad nach mbíonn, sin scéal eile! :)

An maith leatsa na cait? Nó b'féidir gur fearr a rá: "an maith leis na cait tusa?"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 98
Registered: 12-2005
Posted on Friday, July 21, 2006 - 08:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

The quality of mercy is not strained Portia, an ea? Is maith liom í.

Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 93
Registered: 03-2006


Posted on Saturday, July 22, 2006 - 06:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Chaitriona, tá dhá Phortia i ndrámaí an Bháird. S'é an ceann eile ná bean Bhrútais, .i. an Brútas atá ina bhall den gcomhcheilg i gcoinne Shéasair. Mar sin, bíodh do rogha agat. Ach s'é mo thuairim ná gur Portia Bhrútais í, nuair a smaoiním ar a crúba. Cuireann siad an dréacht seo i gcuimhne dhom:

"...Fainic an Gheabairleog, a mhic!
Na gialla géara, greim na gcrúb..."

Ach tá mé sábháilte go leor fé láthair. Tá sí ina codladh le leath-shúil ar oscailt aici, mar is gnách.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1627
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, July 22, 2006 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

An maith leatsa na cait?

Is maith, agus is maith leo mise, de ghnáth. Le fírinne, is maith liom na hainmhithe go léir, préacháin agus nathracha san áireamh. Níl ach seanchat amháin againn, áfach, Mr. Cat, a shlánaigh ocht mbliana déag an mhí seo. Fuair mé é nuair a bhí sé ina phiscín fiáin. Trodaí cróga a bhí ann nuair a bhí sé óg. Tá sé leathbhodhar anois, agus ní féidir leis léim in airde ar an leaba, ach tá a ghlór níos airde ná riamh agus é ag tabhairt orduithe dúinn: Amach! Isteach! Bia! Tós suas mé!

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 94
Registered: 03-2006


Posted on Saturday, July 22, 2006 - 01:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin é an nós atá ag cait, ordaithe a thabhairt dúinn, agus iad le comhlíonadh ar an bpoinnte. Ach is trua go bhfuil saol comh ghearr acu, mar is buan-chairde iad.

Is maith liom na hainimhithe comh maith, ach is fuath liom na nathracha. Níl siad againn in Éirinn, ach anseo...well, sin scéal eile. Agus de bhrí go bhfuil cónaí orm ar imeall shráidbhaile, tá baol ann i gcónaí go dtaga siad ó na fíonghoirt isteach sa tigh. Níl nimh ach ag ceann amháin (an 'viper'), ach dar liom, sin an ceann a buailtear lei go minic. Coimeádeann an cat iad amach uainn. ugh! Tá kit fith-nimhe ullamh againn ar eagla na h-eagla.



©Daltaí na Gaeilge