Author |
Message |
Max
Member Username: Max
Post Number: 468 Registered: 05-2005
| Posted on Friday, July 07, 2006 - 09:24 am: |
|
Cluiche Beag: Cén ainm atá ar na logainmneacha seo i nGaeilge?: - Inchavore River, a ritheanns i Loch Té, Co. Chill Mhantáin - Glanmore River, Leithinis Bhéara - Healy Pass, Leithinis Bhéara - Kellig Ring - Cumuragh Valley, Leithinis Uíbh Ráthach - Lady's View, Páirc Náisiúnta Chill Airne - River Loe, Bearna an Choimín, Co. Chiarraí - Leamaneagh Castle, An Bhoireann, Co. an Chláir - Boston Castle, An Bhoireann, Co. an Chláir - Errislannan, Conamara - Sky Drive, Conamara - Burrishoole Abbey, Co. Mhaigh Eo - Carrigahowley Castle, Co. Mhaigh Eo - Temple Finghin, Cluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí - The Campanile, Coláiste na Tríonóide, Cathair Bhaile Átha Cliath Tiebreaker(s): Cén ainm atá, i nGaeilge agus i mBéarla, ar: - an loch atá suite idir Loch na Coille Móire agus Loch Fidh, in aice leis an N59 (Conamara) - an abhainn bheag a ritheanns ó thuaidh i Loch na Coille Móire (Conamara) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3379 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 07, 2006 - 10:50 am: |
|
1) Inse Mhuire (ach is dóigh liom gurbh Loch Dean seachas Té an dheireadh) Bheadh orm taighde a dhéanamh ar na cinn eile. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1581 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, July 07, 2006 - 07:16 pm: |
|
Carrigahowley Castle -- Sin Carraig an Chabhlaigh, mar a raibh Gráinne Mhaol ina cónaí tráth den saol. Glanmore River < An Gleann Mór ? Abhainn an Ghleanna Mhóir ?? Leamaneagh Castle < Léim an Eich ? Burrishoole Abbey = Mainistir Bhuiréis Umhaill ? River Loe = Abhainn Lóith ?? (Dunloe = Dún Lóith) Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Ceolmhar
Member Username: Ceolmhar
Post Number: 90 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, July 07, 2006 - 07:39 pm: |
|
Errislannan = Iorrais Fhlannain (tá teach agam ansin!) Just googled.. it's 'Iorras Fhlannin'. I was close enough anyway. (Message edited by ceolmhar on July 07, 2006) Please correct me if you have the time }:-D
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1583 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, July 08, 2006 - 12:37 pm: |
|
- The Campanile, Coláiste na Tríonóide Tá dhá fhocal dúchasach againn: cloigtheach (clog + teach) = belltower, round tower clogás (< clog + cás) = belfry, belltower Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 58 Registered: 08-2005
| Posted on Saturday, July 08, 2006 - 02:50 pm: |
|
Ach níl aon chlóg ar an gCampanile Choláiste na Tríonóide, go bhfios dom. Lars |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1585 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, July 08, 2006 - 04:17 pm: |
|
Campanile gan chloig? An bhfuil tú cinnte? quote:But it is the merging of Parliament and Library Squares with the great campanile, with its two ancient and sonorous bells, rising from the center that is perhaps Trinity's most successful architectural innovation. - ó alt ar an NY Times. Is focal Fraincise campanile, ón Iodáilis ó cheart (campana = clog). Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 59 Registered: 08-2005
| Posted on Saturday, July 08, 2006 - 06:16 pm: |
|
quote:Campanile gan chloig? An bhfuil tú cinnte? Tá. Níor chonaic mé clog ar an gCampanile nuair a bhí mé i mBaile Átha Cliath agus níl aon chlog le feiceáil ar ghriangrafanna: http://www.tcd.ie/iss/avms/photocentre/gallery/m18.jpg http://www.tcd.ie/iss/avms/photocentre/gallery/m47.jpg http://en.wikipedia.org/wiki/Image:Trinity_college_parliament_square.jpg Ach tá roinnt clog ar na tithe eile. Lars |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1587 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, July 08, 2006 - 07:14 pm: |
|
Ach an raibh tú thuas sa chuid uachtarach riamh? Nach ansin a bheadh na cloig? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3389 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 09, 2006 - 03:32 pm: |
|
Lars, er meint Glocke nicht Uhr! clog [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] ball miotail a dhéanann cling nuair a bhuailtear é, cloigín; gléas a thomhaiseann agus a léiríonn an t-am. (Message edited by aonghus on July 09, 2006) |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 61 Registered: 08-2005
| Posted on Sunday, July 09, 2006 - 03:57 pm: |
|
Ó. Tuigim anois. Ar ndóigh. Tá a leithéidí de chloig ann. :-) Céard faoi: "Túr an chloig" (Tá an túr seo ar an gcoláiste in 'Lig Sinn i gCathú' le Breandán Ó hEithir) Lars (Message edited by Lars on July 09, 2006) |
|
Max
Member Username: Max
Post Number: 469 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 09:45 am: |
|
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3393 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 10:59 am: |
|
Max, tá an Loch mícheart agat in uimhir 1! Más abhainn Inse Mhuire atá ann, (agus is dóigh liom gurbh ea), Loch Déan atá i gceist. |
|
Max
Member Username: Max
Post Number: 470 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 01:20 pm: |
|
|
|
Enfield
Member Username: Enfield
Post Number: 27 Registered: 10-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 01:21 pm: |
|
Inse Uí Mhordha Abhainn Ghleo Roinn An Ceilge |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3394 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 04:36 pm: |
|
Más ea, abhann eile atá ann: Cloghoge River a théann tríd Loch Té: tá an dá loch gar dá chéile, agus d'fheadfadh do phictiúr a bheith ag ceachtar acu. (Message edited by aonghus on July 10, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3396 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 04:51 pm: |
|
|
|
Max
Member Username: Max
Post Number: 471 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 05:33 pm: |
|
Ní raibh a fhios agam gurbh aibhneacha éagsúla a bhí i gceist. Ba cheart dhom mo cheist a chur i bhfocail eile, mar sin: Cén t-ainm atá ar an abhainn a ritheanns i Loch Té? Más é "Cloghoge River" an t-ainm atá uirthi, cad é a hainm i nGaeilge? |
|
Max
Member Username: Max
Post Number: 472 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 05:48 pm: |
|
A Aonghuis, Go raibh maith agat as a nasc seo, tá sé an-úsáideach: - Cén ainm atá ar an loch atá suite idir Loch na Coille Móire agus Loch Fidh, in aice leis an N59 (Conamara) --> Lough Nacarrigeen. Ach cad é a ainm i nGaeilge? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1595 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, July 10, 2006 - 06:10 pm: |
|
Cloghoge < An Chlochóg (baile fearainn) Abhainn na Clochóige, mar sin? Lough Nacarrigeen -- Loch na gCarraigín ? Is é sin an chosúlacht atá air. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Enfield
Member Username: Enfield
Post Number: 29 Registered: 10-2005
| Posted on Sunday, July 16, 2006 - 02:48 am: |
|
Cloghoge, clochóg, a row of stepping stones, stony land or a little stone. |
|