Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 246 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 10:20 am: |
|
Róman, Uair amháin scríobh tú faoi [z] i nGaeilge Mhúsgraí. Chuir mé ceist sa snáth sin ort faoina stádas ó thaobh na foineolaíocht (ar focal ceart Gaeilge é, ní mé?). Anois ní fheicim an snáth seo sa liosta, so fiafraím aríst. Mara bhfuil sé chomh deacair sin, mínigh an pointe seo anois: an bhfuil /z/-fhóinéim ann nó ar leagan den /s/-fhóinéim í? Tá mé ag feitheamh le do fhreagra sa nGaeilge mar gheall tú é a dhéanamh feasta. Le meas, Peter |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1552 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 10:46 am: |
|
Peter, quote: foineolaíocht (ar focal ceart Gaeilge é, ní mé?) Is focal ceart é, ach le 'ó' fada: fóineolaíocht. Maidir le "an snáth seo", ní hionann snáth agus snáithe. D'úsáid mé féin "téad" le fada, ach ghéill mé do "snáithe" ar na mallaibh. Bheadh orainn "minimal pair" a aimsiú le /s/ vs. /z/ le stádas fóinéimeach a bhronnadh ar /z/, nach bhfuil sin ceart? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 356 Registered: 03-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 11:27 am: |
|
Foghraíocht is ea an focal so, creidim. Níl ach cúpla focal le guta [z] ann: Músgraí agus rós (an planda). Is deacair é a rá arb an fhóinéim nó an leagan fóinéim í. Is suimiúil é go bhfuil an foghar [3] (Béarla "zh") sa tuiseal ginideach - róis - ann. Is an focal amháin é cá bhfuil an foghar so. Má chuirir an focal "rós" i gcomparáid leis na focalaibh "ros" nó "clós", chíonn tú go mb'fhéidir labhairt fé /z/-fhóinéim. Agus tá cúpla ceist agam ort leis anois (fé ghramadach): faoina stádas = fén stádas? (iolra nó uatha?) ó thaobh na foineolaíocht_ = de thaoibh na foghraíochta (ginideach?) ar focal ceart Gaeilge é, ní mé? = an focal ceart Gaelach (Gaeilge = teanga) é, nárbh ea? fiafraím aríst = táim ag fiafraí? sa nGaeilge = i nGaelainn nó as Gaelainn? Bhuel, buin sult as, mo chara dílis (Message edited by Róman on June 29, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1553 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 11:41 am: |
|
Ní hionann foghraíocht agus fóineolaíocht. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 359 Registered: 03-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 11:50 am: |
|
Ní fheadar pioc fé fhóineolaíocht, agus níl ach an cuid bheag fhoghraíochta agam. Afách, már bhí an cheist fé [z]-foghar (ná /z/) i Músgraí, creidim go raibh sí fé fhoghraíocht. (Message edited by Róman on June 29, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1554 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 12:00 pm: |
|
Is dóigh liom, áfach, gur thogh Peter an focal ceart. An cheist a chuir sé faoinár mbráid ná, an fóinéim é an foghar /z/ sa chanúint is ansa leatsa? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1555 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 12:16 pm: |
|
quote:Níl ach cúpla focal le guta [z] ann: Músgraí agus rós (an planda). Tá an /z/ céanna cloiste agam sna focail "geansaí" agus "caesar" chomh maith ó dhaoine a bhfuil Gaeilge na Mumhan acu. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 247 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 12:36 pm: |
|
quote:faoina stádas = fén stádas? (iolra nó uatha?) "about its status" faoi + a --> faoina quote:ó thaobh na foineolaíocht_ = de thaoibh na foghraíochta (ginideach?) fóineolaíocht -cht (b.)--> an ceathrú díochlaonadh i gConamara quote:ar focal ceart Gaeilge é, ní mé? = an focal ceart Gaelach (Gaeilge = teanga) é, nárbh ea? ar = an (níl "an" chomh coitianta sin cé go bhfuil sé ann. Deirtear /ə/ uaireantaí freisin) focal Gaeilge, nath cainte Béarla, deirtear mar sin i gcónaí Má thaithníonn sé leat é a rá le “ea”, bheadh sé ag breathnú mar sin: ar focal ceart Gaeilge é, nach ea? quote:fiafraím aríst = táim ag fiafraí? B’fhéirir é. quote:sa nGaeilge = i nGaelainn nó as Gaelainn? Ní hea, sa nGaeilge :) Le meas |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 248 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 12:50 pm: |
|
Nuair is léir codarsnacht i gcás fuaimeanna eicínt sa teanga, ach níl an chodarsnacht i gceist ach i gcupla focal, deireann teangeolaithe na hEireann i gcónaí, gur “fuaimeanna iasachta” iad. Ní ‘chuile dhuine, ach an chuid is mó acab atá ag caint faoi fhóinéim ina gcás. Is léir dhom óna scríobhann Róman gur /z/ tá i nGaeilge Mhúzzzzzzzgraí. (Message edited by peter on June 29, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1557 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 12:58 pm: |
|
quote:Ní ‘chuile dhuine, ach an chuid is mó acab deireanns faoi fhóinéim ina gcás. Is léir dhom óna scríobhann Róman gur /z/ tá i nGaeilge Mhúzzzzzzzgraí. Gabh mo leithscéal, Peter, ach ní thuigim céard atá á rá agat. An ndeir an chuid is mó de na teangeolaithe gur fóinéimí iad na fuaimeanna iasachta seo, /z/ san áireamh? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 249 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 02:06 pm: |
|
Deir. Ní mór dhom a shonrú: an té atá i gceist agam, an té bhfaca mé a gcuid saothair. Brian Ó Curnáin deireanns faoi fhóinéimí /d. t. zh sh dzh/ nach bhfuil ach sna focla iasachta. Tomás de Bhaldraithe ina measc, ach sé Séamas Ó Murchú (in Teanga Bheo: Gaeilge Chonamara) an teangeolaí nach bpléann “na consain iasachta”, mar a scrióbhanns sé, ó thaobh na fóineólaíocht dhíobh. An rud níos speisiúla dhom ná /z/ mar an /s/ uraithe. Bhí mé a cheapadh go mbeadh /z/ - an t-urú de /s/ - i measc na somplacha i gcanúint Mhúsgraí. Tá sé scríofa sa ngramadach le Lars Braesike go dtarlaíonn seo in áit eicínt. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 250 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 02:13 pm: |
|
quote:deireanns faoi fhóinéim ina gcás D’athraigh mé an chuid seo mar ba ciotach í. D’éirigh leat mo theachtaireacht a fheiceál agus mé go glan díreach dhá ceartú ;) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1558 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 02:24 pm: |
|
quote:/z/ - an t-urú de /s/ Tá trácht air seo in "Gaeilge na Mumhan" 2.33, in Stair na Gaeilge lch. 490. An bhfuil fáil agat air? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 251 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 04:04 pm: |
|
An rud is iontaí anseo ná go bhfuil an /z/ seo le fáil sa bhfocal bunúsach a dtugann muintir Mhúsgraí ar a ndúchas féin leis. Tá sé sin cosúil ar mhodh leis an bhfocal ﷲﺍ Araibise ina bhfuil fuaim /l/ leathan nach bhfuil le fáil in aon fhocal eile sa teanga. quote:An bhfuil fáil agat air? (An bhfuil an leabhar seo 'am? ab ea?) Níl. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 252 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 04:23 pm: |
|
Mhí-litrigh mé do shloinne taobh thuas, Lars, sorry. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 253 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 04:29 pm: |
|
Róman, thaithnigh do “personal quote” go mór liom :) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1560 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 06:56 pm: |
|
quote:An bhfuil fáil agat air? (An bhfuil an leabhar seo 'am? ab ea?) = An bhfuil sé agat nó an bhfáil tú in ann é a fháil. = Is it available to you? Tóisc nach bhfuil, seo agat a bhfuil in Stair na Gaeilge: 2.33 Uaireanta bíonn an fhuaim z ar s a bhfuil urú air i gCléire, m.sh. ar ar son > eir ár zun. Bhíodh an nós céanna go fánach i Múscraí, agus d'aimsigh Wagner sampla i ndeisceart Chiarraí (LASID, II, pointe 13, foclóir s.v. Sasanach). Is minic a dhéantar z de s deiridh an fhocail níos nó is le breischéim nó sárchéim na haidiachta roimh chonsan glórach ( b, d, g, l, m, r) i gCléire, agus fo-uair roimh ghuta, m.sh. iz duí 'is duibhe', níoz uírde 'níos airde'. Airítear s caol glórach /3/ ann uaireanta ar an gcuma chéanna roimh d caol, m.sh. is déine. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 365 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, June 30, 2006 - 08:12 am: |
|
quote:-cht (b.)--> an ceathrú díochlaonadh i gConamara An bhfuil tuiseal ginideach sa Chonamara i n-aon chor? quote:ar focal ceart Gaeilge é, nach ea? ar - Do thuigeas é go raibh sé aimsear chaite, ná raibh? Mar sin - ar <> nárbh ea (an aimsear chaite chopail leis), nó: an focal ceart Gaelach é, nach ea? (aimsear láithreach) quote:focal Gaeilge, nath cainte Béarla Ceapaim go bhfuilid na focail Ghaelainne AGUS na focail Ghaelacha ann. Ní hionann siad. Is Béarlachas an focal Gaelainne leis, ach ní an focal Gaelach é! quote:B’fhéirir é. "B'fhéidir" a raibh i gceist? quote:sa nGaeilge :) Táid na focail, na habairtí ann, ach ní féidir liom freagairt "sa nGaelainn", "as Gaelainn" nó "i nGaelainn" amháin. quote: “fuaimeanna iasachta” Iasachta cad as? Is an focal ó dhúchais Músgraí!!! Ní an focal iasacht é i n-aon chor! quote:Uaireanta bíonn an fhuaim z ar s a bhfuil urú air i gCléire uareanta=i gcomhnaí, féach "An Teanga Bheo: Gaeilge Chléire". (Message edited by Róman on June 30, 2006) |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 366 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, June 30, 2006 - 08:19 am: |
|
A Pheadair, quote:thaithnigh An foirm Chonamara é (le "th" seachas "t")? Is "taithnigh", nach "taitnigh" mar sa chaighdeán, é i gcanúintíbh Mhumhain go léir leis! |
|