A ndúirt siúd:
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1193&viewby=date http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=1192&viewby=date quote:An dúshlán is mó a bheidh roimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta romhainn ná a chinntiú go mbainfear úsáid agus buntáiste as na seirbhísí nua trí Ghaeilge de réir mar a thagann fáil orthu.
Tá ráite agamsa go mion minic le heagraíochtaí stáit nach féidir a bheith ag súil go mbeidh lánmhuinín ag pobal na Gaeilge as a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge go dtí go mbeidh fáil orthu ar comhchéim agus ar comhchaighdeán le seirbhísí trí Bhéarla.
Agus meabhraím dóibh nach bhfuil aon phribhléid ná buntáiste breise á lorg ag lucht na Gaeilge ach an tseirbhís chéanna atá ar fáil gan cheist ag pobal an Bhéarla ina rogha siúd teanga.