mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (May-June) » Archive through June 25, 2006 » Scéal Spéisiúil « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Norwegiandame
Member
Username: Norwegiandame

Post Number: 143
Registered: 08-2005
Posted on Friday, June 23, 2006 - 11:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

D'fhuair mé scéal spéisiúlta ar http://www.foinse.ie/ !

Scartha óna muintir

Tá na céadta teaghlach in Éirinn a tháinig go dtí an tír seo mar iarrthóirí tearmainn, ach a bhfuil stádas dleathach acu in Éirinn anois, scartha ó na páistí a rugadh dóibh roimh theacht go hÉirinn de bharr dlí na tíre seo.

Tá na céadta teaghlach in Éirinn a tháinig go dtí an tír seo mar iarrthóirí tearmainn, ach a bhfuil stádas dleathach acu in Éirinn anois, scartha ó na páistí a rugadh dóibh roimh theacht go hÉirinn de bharr dlí na tíre seo. I gcás amháin, tá cailín 10 mbliana d’aois fágtha nach mór léi féin i gcathair Mosul i dtuaisceart na hIaráice, toisc nach bhfuil cead ag a muintir, a tháinig go hÉirinn mar iarrthóirí tearmainn, í a thabhairt anall (féach “Cás Zozan” lch 5).
De réir dlí na hÉireann agus Comhaontú na Ginéive 1951, ní thugtar cearta athaontú clainne ach d’iarrthóirí tearmainn a dtugtar stádas teifigh dóibh. Ní fhéadfadh teifeach saol normálta teaghlaigh a bheith aige i dtír a dhúchais, agus tugtar cead dó baill theaghlaigh a thabhairt anall. Níl cearta athaontú clainne ag iarrthóirí tearmainn nach bhfuil stádas teifigh acu, ag daoine atá ag maireachtáil in Éirinn ar víosa oibre, ná fiú ag daoine atá pósta le hÉireannaigh.
Ach tháinig casadh sa scéal in Éirinn a d’fhág go bhfuil go leor teaghlach ann a tháinig go dtí an tír seo mar iarrthóirí tearmainn agus a bhfuil stádas dleathach cónaithe acu anois ach nach ó lch 1
bhfuil stádas teifigh acu, agus nach bhfuil cearta athaontú clainne acu dá bharr.
Idir Eanáir agus Márta 2005, bhí iarrthóirí tearmainn in ann cur isteach ar stádas dleathach cónaithe má bhí páiste acu a rugadh in Éirinn roimh Eanáir 2005.
Ach ar an bhfoirm iarratais sin, bhí ar na teaghlaigh seo aon chearta ar athaontú clainne a thabhairt uathu:
“I accept that the granting of permission to remain to me does not confer any entitlement or legitimate expectation on any other person, whether related to me or not, to enter the State.”
Chomh maith leis sin, cuireadh ceist orthu siúd a bhí ag cur isteach ar an scéim seo ar mhaith leo leanacht ar aghaidh lena n-iarratas tearmainn.
De bharr go dtabharfaí stádas dleathach cónaithe dóibh bunaithe ar pháiste a rugadh in Éirinn cibé ar bith, d’éirigh go leor teaghlaigh as a n-iarratas tearmainn, an t-aon bhealach le stádas teifigh a fháil, agus an t-aon dóigh leis an gceart a fháil ar athaontú clainne.
Measann eagraíochtaí atá ag plé le hiarrthóirí tearmainn go mbeidh ath-aontú clainne ina cheist ollmhór amach anseo.
“Tá mé féin ag plé le 25 chás ath-aontú clainne i láthair na huaire, agus sin i nGaillimh amháin,” a deir Judy Irwin ón tSeirbhís Eolais do Theifigh (RIS).
“Tugadh stádas dleathach cónaithe do 16,693 duine bunaithe ar pháiste Éireannach a bheith acu. Níl aon fhigiúirí cruinne againn faoin méad teaghlaigh a bhfuil páistí acu nár rugadh in Éirinn agus nach bhfuil cead ag a muintir iad a thabhairt anall, ach d’fhéadfadh na céadta a bheith ann,” a deir Judy Irwin.
“Goilleann sé orm go mór na daoine seo a fheiceáil ag fulaingt agus gan a bheith in ann mórán a dhéanamh dóibh. Cuireann muid isteach iarratais ar ath-aontú clainne ach tá a fhios againn go ndiúltófar iad.”
An t-aon bhealach ar aghaidh do chlanna atá sa chás seo ná a gcás a throid sna cúirteanna, rud a d’fhéadfadh a bheith fíorchostasach má chailleann siad a gcás. Ní mó ná sásta faoin scéal atá dlíodóirí atá ag plé le hathaontú clainne ach an oiread.
“Tá iompar na Roinne Dlí agus Cirt an-mhíshásúil ar fad maidir le ceist an athaontú clainne,” a deir Conor Ó Briain, dlíodóir as Baile Átha Cliath a raibh plé aige le roinnt cásanna athaontú clainne.

http://www.foinse.ie//leighSceal.asp?sId=2607



©Daltaí na Gaeilge