Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 12:30 pm: |
|
Scéal eile ó 'Múineadh Labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh' 3. Gadaíocht Bhí seanchúpla as Baile Átha Cliath ag brath ar dheireadh a saoil a chaitheamh i gConamara. Chuala said ar Raidió na Gaeltachta go raibh teachín deas le díol i Ros Muc agus tháinig said ag breathnú air. Teachín álainn a bhí ann ceart go leor. Bhí sé aoldaite agus cóta deas tuí chruithneachta air. Bhí seomraí beaga deasa ann agus leagan amach maith air. Agus ní raibh an praghas ró-ard. Bhí go maith is ní raibh go holc. Bhí said ag breathnú thart ar an gcistin nuair a chuir an “tsean-lady” cogar i gcluas an tsean-leaid. Is gearr gur iompaigh seisean chuig úinéir an tí agus dúirt sé “Tá gach uile rud ceart go leor,” a deir sé, “ach cá bhfuil an leithreas?” “Á” a deir an t-úinéir, “níl aon cheann sa teach ach tá ceann beag deas amuigh sa gháirdín.” Amach leo. Bhí leithreas beag deas sa gháirdín ceart go leor – teachín beag bídeach – bláthanna ag fás timpeall air, ach ní raibh ann ach buicéad. Isteach leis an “tsean-lady” ann ach ba ghearr gur tháinig sí amach arís. Dúirt sí leis an úinéir “Ní féidir glas a chur ar an doras ann.” “Ó muise,” a deir an t-úinéir, “tá mise i mo chónaí anseo le dhá scór bliain agus bhí mo mhuintir romham ann le leathchéad blian agus i rith an ama sin ar fad, níor goideadh aon bhuicéad as an leithreas orainn.” |
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 08:33 pm: |
|
3. Gadaíocht - Theft Gluais seanchúpla - old couple ag brath ar - intending to ar dheireadh a saoil – at the end of their lives a chaitheamh – to spend le díol – to be sold Ros Muc – placename ag breathnú air – looking at it aoldaite – whitewashed tuí – thatch leagan amach – layout an praghas – the price cogar – whisper an tsean-leaid – the oul’ lad Is gearr gur – After a short while d’ iompaigh seisean - he turned úinéir an tí - the owner of the house gach uile rud – every single thing beag bídeach – tiny little buicéad - bucket glas a chur ar an doras – to lock the door dhá scór bliain – two score years (40 years) mo mhuintir romham - my people before me níor goideadh aon bhuicéad - no bucket was ever stolen |
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 08:54 pm: |
|
Go raibh maith agat féin Lucy. Gabh mo leithscéal nach raibh seans agam gluais a scríobh d'uimhir a dó. It's graduation season here. Tá mo ghasúir ag fás suas. Agus mé ag breathnú orthu tá áthas agus uaigneas orm ag an am céanna. Ay, I feel a bout of wistfulness coming on. Bain aoibhnis as an saol. Carpe Diem agus araile. Caithfimid craic a bheith againn anois is arís. Tá áthas orm gur thaitin sé leat. |