Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1511 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 17, 2006 - 12:39 pm: |
|
http://home.pages.at/onkellotus/TTK/_IndexTTK.html I made a word for word gloss in Irish of the first poem, and then an actual Irish translation. I could post just the gloss here first, if anyone wants to try their hand at an Irish version. A _____, an mbeifeá sásta tabhairt faoi? (Líon an bhearna le d'ainm, led thoil!) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 225 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, June 17, 2006 - 05:35 pm: |
|
Bheinn sásta! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1513 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 17, 2006 - 09:51 pm: |
|
Tá go maith! Seo agat é: dao * ke * dao, fei * chang * dao; slí * féad * labhairt, ní * síor- * slí ming * ke * ming, fei * chang * ming. ainm * féad * ainmniú, ní * síor- * ainm wu * ming, tian * di * zhi * shi; gan * ainm, neamh * talamh * [mír ghin. = Eng. 's] * tús you * ming, wan * wu * zhi * mu. le * ainm, deich míle * rud * [mír ghin.] * máthair gu * chang * wu * yu, yi * guan * qi * miao, mar sin * de shíor * gan * dúil, chun * féachaint * a * hiontas chang * you * yu, yi * guan * qi * jiao. de shíor * le * dúil, chun * féachaint * a * cruth ci * liang * zhe * tong * chu * er * yi * ming. seo * beirt * [mír choibhneasta] * le chéile * tagann as * ach * ní hionann * ainm tong * wei * zhi * xuan, araon * tabhair ar [= Eng. "call"] * iad * rún xuan * zhi * yoú * xuan, rún * [mír ghin.] * tuilleadh * rún zhong * miao * zhi * men. uile * iontas * [mír ghin.] * doras. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 228 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 09:16 am: |
|
Haigh! I'm sorry for making you wait for so long. Seo ‘ad é: An tslí le n-inseacht, ní híse an tsíor-Shlí, An t-ainm le n-ainmniú, ní heisean an síor-Ainm. Sa Neamh-ainm tá an tús leis an spéir is talamh. Sé an t-Ainmnithe máthair do deich míle rud. An síor-neamhdhúilmhear lena hiontas a fheiceáil. An síor-dhúilmhear fheicfeas a cruth. An bheirt acu is ionann sa bhfoinse gan a bheith cosúil san ainm; Iad araon, an rún a thugtar orthu. Tilleadh rúin den rún. An doras don uile iontas. D’úsáid mé leagan Béarla is leagan Rúisise freisin. Ní hionann iad ar chor ar bith :) amhail is dá mbeadh dhá dhán éagsúla á n-aistriú. Leagan eile ar an líne dheireanach, b’fhéidir: An doras a bhfuil an uile iontas taobh thiar dhe. Cén Ghaeilge a chuirfeá air seo, más é do thoil é: I”m sorry for making you wait for so long? :) Le meas, Peter |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1518 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:56 am: |
|
quote:Cén Ghaeilge a chuirfeá air seo, más é do thoil é: I”m sorry for making you wait for so long? Tá brón orm go raibh feitheamh fada ort, gur chuir mé feitheamh fada ort, gur thug mé ort fanacht chomh fada sin. Aonghuis, céard a déarfá? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1519 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 12:03 pm: |
|
An tslí is féidir a rá, ní an tsíorshlí í. An t-ainm is féidir a ainmniú, ní an síorainm é. Gan ainm, is tús neimhe agus talaimh í. Le hainm, is máthair deich míle rud í. Mar sin, Bí de shíor gan dúil chun a hiontas a fheiceáil; De shíor le dúil, chun a cruth a fheiceáil. Tagann an bheirt seo amach le chéile, ach ní hionann a n-ainm. Tugtar rún orthu araon. Rún na rún, doras na n-iontas uile. Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1523 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 03:08 pm: |
|
quote:Ní hionann iad ar chor ar bith :) amhail is dá mbeadh dhá dhán éagsúla á n-aistriú. "Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán" (mar a deir an duine aosta)... agus dhá aistriúchán ar fhichid (ar a laghad) ar gach dán sa Tao Te Ching! Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3308 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 04:59 pm: |
|
quote:Aonghuis, céard a déarfá? N'fheadar. Is dá bhrí sin nar fhreagraíos fós. Brón orm as bheith mall, seans. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 237 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 10:41 am: |
|
quote:Tá brón orm ... gur chuir mé feitheamh fada ort, gur thug mé ort fanacht chomh fada sin. Sin é. Ní raibh ‘s ‘am an focal “to make (=to compel)” sa nGaeilge. GRMA |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 26, 2006 - 10:30 am: |
|
Molaim an dá iarracht Gaeilge! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 245 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 28, 2006 - 06:31 pm: |
|
GRMA as do chuid focla deasa! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 12:04 pm: |
|
Nach bhfuil ceithre fichead rann eile ann? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1570 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 12:20 pm: |
|
Ar mhaith leatsa tabhairt faoi cheann eile? Bheinn an-sásta an téacs a thabhairt duit in éineacht le gluais "focal ar fhocal". Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 12:26 pm: |
|
Ar an drochuair, ní scoláire mé, ach ná bíodh cúl ort na bunleagain a chur ós ár gcomhair, bail ó dhia ort |
|