Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 207 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 10:02 am: |
|
Haigh! Fuair mé amach go bhfuil “The phonology and morphology of the Irish of Bun a’ Cruc, Sraith Salach, Co. Galway: PhD dissertation, 1975” le Kenneth Nilsen ann. Aon seans gur foilsíodh an leabhar seo? Nó nar foilsíodh (mar níl aon eolas foilsithe ar an nGreasán uirthe)? Cé a bhféadfainn í a fháil sa gcás seo? GRMA Le meas, Peter |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 208 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 10:02 am: |
|
Mise :) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1482 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 12:09 pm: |
|
Peter, Is minic a bhíonn tráchtais mar sin ar fáil ó UMI... ach feicim anois nach bhfuil: http://wwwlib.umi.com/dxweb/search Rats. Tá Ken ag St. Francis Xavier University. Tig leat dul i dteagmháil leis ag < >. Ádh mór -- agus ná beir bó! (mar a déarfadh Bart Simpson) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1484 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 01:01 pm: |
|
quote:Mise :) Go maire tú an pictiúr Cogar: ar chuala tú trácht riamh ar "corrguinecht". B'fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh a leathanach 22 san alt ‘The Evil Eye’ in Early Irish Literature and Law, atá ar fáil mar pdf ag: www.celt.dias.ie/publications/celtica/c24/c24-1-39.pdf "Other scholars have indeed associated Lug’s ritual and words with corrguinecht and glám dícenn. This is based upon the first of two entries in O’Davoren’s Glossary of the ritual called corrguinecht, which is there defined as ‘being on one foot, with one hand, with one eye (closed) while making the glám dícenn’ ( Corrguinecht .i. beith for lethcois for leth-laimh for lethsuil ag denam na glaime dícinn)." |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 01:25 pm: |
|
An-eolas a Dhonncha, grma. Go mairir an grianghraf a Pheadair. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 211 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 02:29 pm: |
|
:) Go raibh maith agaibh, tá áthas orm bhur gcuid formheasa a chloisteáil. Sea, bhí a leithéide de rud ar m’aigne an uair sin. Ní mar dhall gan tsúil atá mise ar an bpeictúr seo, cinnte, agus an dá láimh shlána atá orm atá sínte agam ;). Tá sé ag breáthnú mar an 12ú ceann “Le Pendu” de Tharot freisin, rud beag de dhraíocht atá ann ar fad, nach ea? ;) I ndáiríre, ní maith liom an cháilíocht de na peictúir (60*60, nach beag é sin?), sin é an fáth nar chuir mé ceann de m’éadan, níl mé in ann tréithe m’éadain a dhéanamh amach ar a leithéide de ghrianghraf. Feiceamaist céardós peictúir atá na baill eile ag goil a chur... Róman a bheidh ina chéad óglach eile, b’fhéidir, ah? ;) Dála an scéil, a Sheosaimh, cén fáth nach bhfuil tusa cláraithe fós, mara miste leat mé a bheith ag fíofraí? Cé go scríobhann tú níos mó teachtairechta ná daoine eile atá ag glacadh páirt anseo... Le meas, Peter |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 212 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 04:48 pm: |
|
Sheol mé leitir ‘ag Dr. Nilsen, Dennis. GRMA as do chabhair. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 05:48 am: |
|
>> Dála an scéil, a Sheosaimh, cén fáth nach bhfuil tusa cláraithe fós, mara miste leat mé a bheith ag fíofraí? -- Ní miste ar chor ar bith a Pheadair. Chuir an Béarla cúl orm in am amháin fadó nuair a thugas faoi agus ní raibh d'am ná d'fhoighne agam tabhairt faoi ó shin. Nuair nach mbím ag breacadh liom anseo ar chuile ábhar faoin spéir bím faoi dheifir thart ag obair. Is andúilí oibre mé faoin am seo agus chaith mé leathchloch allais ag cruinniú inné ag faire i ndiaidh gnó duine eile, ach gur le dea-chroí a bhíos gafa leis. Is amuigh ar Bhalla na Síne atá seisean faoi láthair agus an sos saothraithe go maith aige. Ag sealaíocht a bhí sé le bheith ag an gcruinniú sin inné do bhean atá amuigh ar saoire mháithreachais agus an tsaoire tuillte aicise chomh maith leis! Clárófad go luath ach caithfidh mé éalú as an áit seo go Sligeach sula ndúnfar na hoifigí 17.00. Gabháil isteach go hInis Meáin amárach, rud a shuaimhneos go mór mé, agus a bheith ar ais anseo Dé Luain faoi athneart i mo bhrín óg arís le cúnamh Dé. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 213 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 15, 2006 - 11:44 am: |
|
Bheinn mé féin ag obair go fonnmhar ar ghnaithe na Gaeilge ar nós thusa agus ba mhian liom a bheith ag taisteal ar fad na Gaeltacht ar an gcaoi chéanna. Ach ní dóigh go dtiobhrfaí aon aird duth ná dath i mo stáit féin ar an teanga seo ariamh. Cogar, cloisim go bhfuil comhlachtaí Gaelacha eicínt ann atá dhá reachtáil thríd an nGaeilge ainneoin go bhfuil siad go minic ag obair le cuisliméaraí thar lear. D’inis mo iarmhúinteoir faoi dhá dhlíodóir Rúiseacha dhom a bhí sé a mhúnadh sa nGaeilge. Bhí siad ag reachtáil gnaithe idirnáisiúnta lena gcomhbhádóirí agus ba bunadh Éireannach a bhí iontab sin. Chuireadarsa ‘chuile shórt de leitreacha sa nGaeilge ariamh acab, cé nach raibh focal Gaeilge ar bith ag na Rúisigh seo. (Message edited by peter on June 15, 2006) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 09:33 am: |
|
>>Bhí siad ag reachtáil gnaithe idirnáisiúnta lena gcomhbhádóirí agus ba bunadh Éireannach a bhí iontab sin. Chuireadarsa ‘chuile shórt de leitreacha sa nGaeilge ariamh acab,.... An rud is annamh is iontach go deimhin. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 230 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 09:40 am: |
|
Leath-ghreann atá sa scéal, is dócha. Ach mar sin féin bhí faoi na Rúisigh sin Gaeilge a fhoghlaim ;) |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 331 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:04 am: |
|
A Pheadair, An bhfuarais an obair sin fós? Scríobhsa anso nuair a bheidh sí agat! Is mise |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 233 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 02:02 pm: |
|
Faraor, cé is moite gur chuir mé e-maighl ‘ag an Ollamh Nilsen seachtain ó shoin, ní bhfuair mé aon fhreagra fós :( |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1522 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 03:01 pm: |
|
quote:Faraor, cé is moite gur chuir mé e-maighl... E-mile? B'fhéidir go bhfuil sé as baile faoin am seo. (Ní gá "cé is moite" a chur san abairt thuas: cé gur chuir mé...) Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 234 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 05:23 pm: |
|
quote:E-mile? Oi speik English with a broad Bri’ish ahccent :) quote:Ní gá "cé is moite" a chur san abairt thuas: cé gur chuir mé... B’fhéidir é, ach féach (gan ach an dara habairt leis an gciall seo): “ 387. ... ní fiú é, cés moite go mbainfí píosa as; ... bhí proes (=praghas) maith ar an móin i mbliana cé is moite nar dhíol mise mórán (De Bhaldraithe. Gaeilge Chois Fhairrge: An Deilbhíocht) Liosta na bhFocal: cés moite go (cón.) except that, although.” Is dóigh liom go bhfuiltear in ann “although” a úsáid sa dara sompla thuas. Céard a cheapanns tú? Ach ar ndóigh bheadh “cé go” go hiontach. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1525 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 10:19 pm: |
|
bhí proes (=praghas) maith ar an móin i mbliana cé is moite nar dhíol mise mórán quote:Is dóigh liom go bhfuiltear in ann “although” a úsáid sa dara sompla thuas. Sa chás seo is féidir an abairt a aistriú le "although" : there was a good price for turf this year, although I didn't sell much Agus is féidir é a aistriú mar seo chomh maith: ... except that I didn't sell much. Tá an bhrí chéanna leis an dá aistriúchán, ach tá an dara ceann níos giorra don Ghaeilge. Is féidir an méid a scríobh tú thuas a aistriú sa dara dóigh -- sin é an t-aistriúchán is fearr, sílim -- ach ní chiallaíonn an rud a bhí ar intinn agat: quote:cé is moite gur chuir mé e-maighl ‘ag an Ollamh Nilsen = except that I sent an e-mail to Professor Nilsen An bhfeiceann tú an fhadhb? Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 235 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 10:38 am: |
|
Cheapainn gur chiallaigh “cé go” agus “cés moite go” araon “though”, cé go bhfuil an nath cainte “cés moite go” ilchiallach, cinnte. Mara bhfuil cialla eicínt eile ach “except that” ag an gcor cainte seo i bhfoclóir an Dónallaigh agus tú a bheith cinnte go raibh sé níos goire do “except that” (.i. don phríomhchiall dhe) san abairt i gceist, ní bheadh aon aimhreas orm go ndearna mé meancóig. Níl an foclóir seo in aice láimhe agam faoi láthair. (Message edited by peter on June 20, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1527 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 10:59 am: |
|
cé 2. (In phrase) Cé is moite (de), except (for). Cé is moite díom féin, except for myself. Cé is moite de labhairt leis, except to speak to him. Cé is moite is moite gur bheannaigh sé dom, except that he saluted me. Sin a bhfuil in FGB (Ó Dónaill). Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 241 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 12:52 pm: |
|
Teagaim leat, Dennis. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1529 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 01:08 pm: |
|
Scríobh mé: Cé is moite is moite gur bheannaigh sé dom Cad é an Ghaeilge ar "dittography"? Téarma tábhachtach é seo do na daoine a dhéanann staidéar ar LSS (lámhscríbhinní). Go raibh [do rogha meafar] leat!
|
|