Author |
Message |
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 267 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, May 20, 2006 - 12:24 pm: |
|
Is dóigh liom go bhfiafraítí sin céad míle uaireanta ar clár plé seo cheana, ach ní thuigim é fós! Cogar, cén difríocht atá idir "Táid na ba á ndíol acu" agus "Táid siad ag díol na mbó" ann? GRMA Mhuise, FRC, ambáist'. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1357 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, May 20, 2006 - 08:36 pm: |
|
An difríocht chéanna, feictear dom, agus atá sa Bhéarla idir an dá abairt seo: The cows are being sold by them. (Tá[id] na ba á ndíol acu.) They are selling the cows. (Táid ag díol na mbó.) Ní bhainim úsáid as "táid" de ghnáth; uaireanta mar fhreagra (An bhfuil siad ansin? - Táid.) Ní déarfainn féin "táid siad" -- is leor "táid" leis féin le "siad" a chur in iúl, mura bhfuil dul amú orm. Rud beag eile: deirtear "céad uair, míle uair" etc. de ghnáth (cf. "céad míle fáilte"). |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 271 Registered: 03-2006
| Posted on Sunday, May 21, 2006 - 04:58 am: |
|
Ní bhainir úsáid as "táid" mar tá canúint Conamara agat! Is coitianta "táid siad" i gcanúnaibh Múscraí agus Oileán Cléire. Ní deireann éinni "táid" amháin. Tá deifríocht idir Ciarraí agus Corcaigh ann. Ciarraí: Tá na ba ann. Táid ag díol na mbó. Corcaigh: Táid na ba ann. Táid siad ag díol na mbó. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 88 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, May 21, 2006 - 11:39 pm: |
|
quote:Cogar, cén difríocht atá idir .... Seo mar a thuigimse iad -- quote:"Táid na ba á ndíol acu" "They have to sell the cows." agus quote:"Táid siad ag díol na mbó" "They are selling the cows." Ach b'fhearr liomsa 'tá na ba' agus 'tá siad' ná 'táid'. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1359 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 21, 2006 - 11:55 pm: |
|
quote:"Táid na ba á ndíol acu" "They have to sell the cows." ?? An dáiríre atá tú, Liz? How would you translate "Céard atá á dhéanamh acu?" |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 89 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, May 22, 2006 - 12:50 am: |
|
quote:How would you translate "Céard atá á dhéanamh acu?" Déarfainn: "What are they doing?" Ach tá 'díol na mba' difriúil, ar chaoi éigin. quote:"Táid na ba á ndíol acu" Déarfainn 'They have cows to be sold' nó 'They have to sell the cows'. Sin an chéad aistriúchán a phreab suas i mo chloigeann nuair a léigh mé an abairt. Níl a fhios agam cén fáth. (Bhí mé ar an bhfidil ag déanamh iarracht G géar a aimsiú i gceart le beagnach dhá uair anuas agus níor éirigh liom. B'fhéidir go ndearna an taom éadóchais praiseach de m'inchinn.) Ní raibh mé cinnte de m'aistriúchán, áfach, gur bhreathnaigh mé i bhFoclóir Uí Dhónaill roimh mo chéad phost thuas, ar leathanach 10, uimhir a 3g "(Of duty, of something to be done) ... Ni raibh agam ach an teach a dhíol, I had no alternative but to sell the house. Sin é a bhí agat a dhéanamh, that is what you should have done." |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1361 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 22, 2006 - 11:38 am: |
|
quote:Ni raibh agam ach an teach a dhíol, I had no alternative but to sell the house. Sin é a bhí agat a dhéanamh, that is what you should have done." Ach féach nach n-ionann "a dhíol" agus "á dhíol". Is tábhachtach an síneadh fada sin sa chás seo. Seo aistriúchán eile duit: Tá na ba á ndíol. = ? An bhfeiceann tú anois é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3171 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 22, 2006 - 03:39 pm: |
|
Muise, chualas riamh gur deacair bó a chur thar abhann, ach is cosúil gur deacra fós iad a dhíol. Díol iontais, ambaist! Na bá á dhíol anseo ó mhaidin. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 90 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, May 22, 2006 - 07:21 pm: |
|
quote:Seo aistriúchán eile duit: Tá na ba á ndíol. = ? An bhfeiceann tú anois é? Feicim. Is cosúil leis an bhfocal 'le' é an focal 'a' san abairt 'Ni raibh agam ach an teach a dhíol'. Go raibh maith agat, a Dennis. Ar ais go 'G géar' liom inniu, roimh theacht abhaile m'fhir. Tá seisean an-fhoighneach, ach is deacair dó éisteacht le hardnóta mícheart arís is arís is arís. Táim dóchasach go mbeidh an nóta agam sa deireadh. D'aimsigh mé 'B' i gceart i ndiaidh iarracht sé míosa anuraidh. Agus táim ag teacht i ngar do 'F'. Má mhairfidh mé an céad, tiocfaidh gach nóta chugam, agus beidh mo chuid ceoil go hiontach ansin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1364 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 22, 2006 - 09:40 pm: |
|
quote:Na bá á dhíol anseo ó mhaidin. Eh? Teachtaireacht mheasctha (mixed message?) í sin! Deir "na" gur ainmfhocal iolra atá ina dhiaidh, ach deir "á dh-" gur ainmfhocal firinscneach uatha atá i gceist. Agus maidir le "bá", tá trí ainmfhocal ann leis an litriú sin, gan trácht ar "ba", .i. níos mó ná bó amháin! Céard atá le díol anois? (Agus cogar, cé mhéad atá air, agus an féidir leat é a chur sa phost chugam?) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1365 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 22, 2006 - 10:06 pm: |
|
quote:Má mhairfidh mé an céad, tiocfaidh gach nóta chugam, agus beidh mo chuid ceoil go hiontach ansin. Beidh siad uilig agatsa i bhfad níos luaithe ná sin, le cúnamh Dé agus foighid an diabhail, mar a deirtear -- agus le foighid do chéile, ar ndóigh! Caillim féin an fonn uair ar bith a thugaim iarracht ar aon amhrán a ghabháil. Dála an scéil, cé nach "fonn" atá i gceist, deirtear go mbíonn ar an duine nár tógadh le Sínis, nó le teanga thonúil eile, focal a rá céad uair len é a fháil i gceart nuair a thosaíonn sé ar an teanga sin a fhoghlaim! |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 275 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 03:03 am: |
|
na bá? a dhíol? WTF???? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3172 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 04:02 am: |
|
Níl saoi gan locht, go hairithe nuair atá deabhaidh air. "Na ba á díol" a bhí i gceist agam. |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 276 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 07:30 am: |
|
Na ba (d)á ndíol, b'fhéidir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3177 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 07:44 am: |
|
Nuair a dheanaim iarracht smaoineamh domhain ar an leagan ceart de rud, téann an méid beag gramadaí agam glan as mo cheann. Is dócha go bhfuil tú ceart, beacht agus cruinn. Damnú air, níor theastaigh uaim ach píosa spraoi a bheith agam. |
|