|
|
|
Author |
Message |
Marioberti
Member Username: Marioberti
Post Number: 20 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 03:11 pm: |
|
a little help for my translation exercises, please. is fear è a bhfuil dua caite aige le go leor rudaí = he’s a man who dedicates himself to many things cé a shamhlódh gur i siopaí mar sin a dhíoltar go leor de na leabhair atá scríofa ag an údar seo, ach is amhlaidh atá = who would imagine that in such shops many of the books written by this author are sold? But it is just so! an rud a chuireann olc orm ná an leisce atá ar Sheán glacadh leis na rudaí sin = what makes me angry is John’s reluctance to accept those things seo seanscéal agamsa = that’s my problem / my concern / my disappointment (or what else might be an appropriate translation?) a doubt on a grammar rule: siopa leabhar Chonradh na Gaeilge / siopa leabhar Conradh na Gaeilge: Conradh or Chonradh? Perhaps Conradh because siopa is masculine? go raibh maith agaibh a chairde mario |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 17, 2006 - 01:00 pm: |
|
Táimid ag déanamh leathcheala ort a Mhario! Posted on Friday, May 12, 2006 - 03:11 pm: ------------ is fear è a bhfuil dua caite aige le go leor rudaí = he’s a man who has spent a lot of effort with many things. Ceart. cé a shamhlódh gur i siopaí mar sin a dhíoltar go leor de na leabhair atá scríofa ag an údar seo, ach is amhlaidh atá = who would imagine that in such shops many of the books written by this author are sold? But it is just so / but such is the case! Ceart. an rud a chuireann olc orm ná an leisce atá ar Sheán glacadh leis na rudaí sin = what annoys me is John’s reluctance to accept those things. Ceart. seo seanscéal agamsa = I'm well used to this / this is the usual business as far as I'm concerned / It's the same old story as far as I'm concerned. Ceart. a doubt on a grammar rule: siopa leabhar Chonradh na Gaeilge. Ceart. Perhaps Conradh because siopa is masculine (it doesn't lenite)? -The séimhiú here is just from the fact of 'C. na G.' being a nominal unit (as well as being a proper noun), the séimhiú being a genitive marker, just like a séimhiú on the initial of a proper noun in genitive: Cóta (masc.) Cóta Mháire. Ceart. And the nominal unit: Saothar (masc.) Saothar fhear na sluaiste. Ceart. go raibh maith agaibh a chairde -Do chéad fáilte. I don't know how we overlooked you for so long. Níl dream saoithe gan locht. |
|
Marioberti
Member Username: Marioberti
Post Number: 21 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, May 17, 2006 - 06:12 pm: |
|
deá sceal é, a Sheosaimh, gur cheart m'aistriúchán. Fhios agat táim ag foghlaim i m'aonar agus táim i ngá mórán cabhrach mar níl m'fhoclóir pearsanta saibhir in aon chor (i nGaeilge agus i mBéarla). Buíochas le Dia tá foclóir mór leis an Dónallach agam anseo ar mo bhord. ádh mór gur féidir liom cabhair a fháil uait. go raibh míle maith agat |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 18, 2006 - 05:34 am: |
|
.. táim ag foghlaim i m'aonar ... - Bail ó Dhia ort, tá tú ag déanamh go maith is a rá go bhfuil tú in ann teacht anseo agus go dtuigimid thú gan stró. Maith thú, tá droim na hoibre briste agat. ...agus táim i ngá mórán cabhrach - Cabhróidh gach éinne leat anseo, fan go bhfeicfe tú. ... Buíochas le Dia tá foclóir mór leis an Dónallach agam anseo ar mo bhord. Foclóir an Dálaigh (< fear/bean de mhuintir Uí Dhomhnaill), is iontach an áis í. .. go raibh míle maith agat - Agus céad fáilte romhat. |
|
|
|