Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 05:47 am: |
|
Bhuel, mar a bhí 'fhios ag cúpla duine go raibh mé ar buile Dé Satharn agus scríobhas "Major Mistake" maidir le "Cathair Corcaigh"- mí-cheart. Fuaireas an rud seo inniu Féach: Dear Mr. O’ Driscoll This matter was brought to my attention on Thursday of last week and I have advised, as you correctly point out , that the genitive singular (gineadach uatha) Cathair Chorcaí should have been used. It is being rectified a.s.a.p. and I will contact you when it is complete. Please leave full contact details so I may keep you appraised Le dea mhéin Chris Níl an teanga marbh! Táim an-áthasach anois leis sin!:) |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 223 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 06:33 am: |
|
Is iontach san, cinnte! Maith thú! Tá an cheist bheag agam anois. Scríobhais: "Táim an-áthasach anois..." An Gaelainn mhaith san? B'fhédir go fearr "Tá áthas (ana-)m(h)ór orm"? Cé go ní rabhas féin cinnte... Slán go fóill FRC |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 39 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 09:50 am: |
|
Ní cheist ghramadaí í, ar aon nós. Déarfainn féin go bhfuil sé ceart go leor "táim áthasach" a rá, ach go mbeadh, b'fhéidir, an fhoirm "áthas orm" níos coitianta. Is 'caint na ndaoine' atá i gceist anseo. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 74 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 11:29 am: |
|
Tuigim- D'úsáid mé an fhoirm seo nuair a bhíos ar scoil agus ag scríobh bhí sé níos éasca a fhoghlaim- I am happy- táim áthasach ach tá fhios agam cinnte go bhfuil sé níos fearr a rá tá áthas orm. |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 226 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 11:45 am: |
|
Ní rabhas cinnte, ach táimse cinnte anois! "Táim áthasach" - Is Béarlachas so! Bhíos ag éasteacht Blas inné - tá aon píosa ana-mhaith fé Ghaelainn mhaith acu. Creidim go "Prepositions" a thideal. Tá mórán úsáide uaidh. FRC |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 41 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 03:18 pm: |
|
A Rómain, ní dóigh liom go n-aontóinn leat faoi Bhéarlachas sa chás seo. Ach chun bheith cinnte dhe, nuair a bhí mé ag caint ar an nguthán uair a'chloig ó shin le cara sa Ghaillimh d'ardaigh mé an pointe leis. Táimíd ar aon aigne nach Béarlachas é. Dá mba rud é go mbeadh ainmfhocal i gceist, áfach, ní fhéadfaí an structúr seo a úsaid, creidim - mar shampla, "Tá mé fear". Bheadh an dul seo mícheart go hiomlán. Ach, cé nach n-aireofaí go minic feidhm mar a scríobh an duine ar thosaigh an babhta seo (bheadh sé an-annamh dá gcloisfí é ariamh) tá sé féidireach. Chun an scéal a léiriú, déan macnamh ar seo: "Tá mé áthasach gur bhuaigh tú duais." Tá an structúr i gceart, ach cinnte is fearr go mór leis an nGaeilge an structúr leis an bhforainm réamhfhoclach, .i. "Tá áthas orm". Agus tá áthas ormsa go raibh an chaoi seo againn an pointe seo a phlé |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 75 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 06:19 pm: |
|
Ar an ábhar seo, nach Béarlachas é "Sea" nuair a deireann daoine é gach uair a labhraíonn siad? Brón orm maidir leis an mBéarlachas ar aon nós a dhaoine uaisle. |
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 76 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 06:21 pm: |
|
Ní bhfuaireas aon mholadh ach mí-shásamh le mo chuid Gaeilge!:) Tá saghas brón orm anois!:) |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 228 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, May 03, 2006 - 02:48 am: |
|
Pangur_dubh, Tá an cheist ana-shimplí anois. Cad é "an Béarlachas"? Sílim ná "Tá mé fear" Béarlachas, ach dearmhaid an gramadaighe! In my understanding "Béarlachas" is a "correct words in wrong order". Like "give up" = "tabhair suas". There is nothing wrong with the word "tabhair", neither with "suas". But "tabhair suas" IS NOT "to give up". This thing is called - wrong syntaxis, word-by-word translation from English. It is the feature of Irish that all emotion are ON someone. That's why you say: Tá brón orm, not "Táim brónach". The same goes for "Tá áthas ort", not "Tánn tú áthasach". Simple as that. p.s. Tá brón orm fém chuid Bhéarla ach nílim ach im fhoghlaimeoir! FRC |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 43 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, May 03, 2006 - 12:50 pm: |
|
A Rómain, ná bí buartha faoin mBéarlachas, ná faoin méid Ghaeilge atá agat. Tá sé go breá go bhfuil suim agat inti agus gur féidir leat í a úsáid. An fhadhb atá agamsa ná an náire atá ar daoine/Éireannaigh i dtaobh úsáid na Gaeilge. Agus maidir le Tabhair Suas, tá sin i gceart dar liom. Bhíodh an fhoirm sin á úsáid agam riamh. Agus má dheineann tú cuardú i bhfoclóir Uí Dhónaill (Ó Dónaill), gheobhaidh tú ann í. Déarfainn go dearfa nach Béarlachas an fhoirm seo. Ach an teachtaireacht ba mhian liom a scaoileadh anois: tá sé i bhfad níos tabhachtaí an Ghaeilge a labhairt, botúin agus Béarlachas san áireamh, ná bheith in ár dtost, agus sa tslí sin ligint di bás a fháil ar son na bhfoirfeachtóirí (perfectionists). Mar a deireann na hIodáiligh: "Sbagliando si impara". Sé sin: Foghlaimímíd trí ár mbotún. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1301 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, May 04, 2006 - 12:18 pm: |
|
Déarfainn go dearfa nach Béarlachas an fhoirm seo. Deirfinn féin gurb ea: ar feadh m’eolais, chan fhaghann tú "give + up" le ciall an bhriathair Bhéarla "to give up" i dteangaidh ar bith seachas i mBéarla agus i nGaeilg. An féidir é gur de thaisme atá sin ann? Ní dóigh liom go rabh "tabhairt suas" ar bith sa Ghaeilg fadó (ie. sula rabh Béarla aige’n chuid is mó d’Éireannaigh agus sula dteachaigh ’n Ghaeilg síos). Bheadh "give up" in dheá theangaidh sa domhan, agus de thaisme tá siad á labhairt in dheá thír atá ar thaobh a chéile agus bheadh cionn de na teangthacha sin faoi bhrú ’n chinn eile... ? Give up = éirí as. An abróchása "to raise off" i mBéarla le "give up" a ráidht ? Is cor cainte ("idiom") atá in "give up". Siocair nach dtabhrann tú rud ar bith agus nach bhfuil bogadh ar bith suas ach an oiread. - "Give up" is an idiom, because actually when you give up, you don’t give anything and you don’t do any motion upwards. Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3098 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 04, 2006 - 02:10 pm: |
|
Éirigí as . . . . . A bheadh agamsa seachas "tabhair suas" |
|
Aindréas
Member Username: Aindréas
Post Number: 76 Registered: 09-2005
| Posted on Friday, May 05, 2006 - 12:58 am: |
|
Did you write the letter in Irish …? Coimhéad fearg fhear na foighde.
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 05, 2006 - 01:24 pm: |
|
Do Dheineas cinnte:)ach Fuaireas é sin trí Bhéarla Bhuel : Ní saoi gan locht! |
|