mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (March-April) » Archive through April 07, 2006 » Gramadach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 48
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 10:01 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Brón orm (arís!)
Tá cúpla ceist agam maidir leis an ngramadach


ag déanamh an dhinnéír- an bhfuil sé sin i gceart?

D'iarr sé orm gan teacht isteach go fóill- ceart?

Dúirt sé leí suigh síos ansan-ceart?

the long songs- na hamhráin fhada nó na hamhráin fada agus mar sin cén fáth?

Maith agat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Asarlaí
Member
Username: Asarlaí

Post Number: 114
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fadhb ar bith

Cúpla rudaí

ag déanamh an dinnéir
Dental 'd' anseo creidim

Dúirt sé léi suí síos ansan/ansin

Na hamhráin fhada
Weak plural noun

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 20
Registered: 03-2006
Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 12:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

ag déanamh an dhinnéír


Déarfainn féin :Ag déanamh an dinnéir.

Fiú amháin agus an tuiseal ginideach i gceist, fuaimníonn "ag déanamh an dhinnéir" saghas ait do chluasa Gaelacha. Agus cuimhnigh ar dea-fhoghrais a mholann gan séimhiú agus d.n.t.l.s. i gceist.



D'iarr sé orm gan teacht isteach go fóill.

Ceart go hiomlán.



Dúirt sé leí suigh síos ansan.

Más ag am éigin atá i gceist agat, tá seo ceart go hiomlán.

Ach más in áit éigin atá ag teastáil uait bheadh 'ansin' de dhíth.

Mar aguisín, tá an litriú saghas sean-aimsireach. Scríobhfainn féin 'suí'.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 53
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, April 06, 2006 - 03:31 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Na hamhráin fhada atá ceart (le séimhiú ar "fada"). Cén fáth? Sí an riail ná: má tá ainmfhocal san ainmneach iolra, má chríochnaíonn an t-ainmfhocal ar chonsan caol, agus má leanann aidiacht an t-ainmfhocal, caithfear séimhiú a chur ar an aidiacht.

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1290
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, April 06, 2006 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cha bhíonn séimhiú ar d, t, s i ndiaidh an ailt "an", sin a' fáth nach n-abartar "ag déanamh an dhinnéir" in áit ar bith in E'irinn.

In Ultaibh deirfeadh muid "ag ullmhú 'n dinneára" nó "ag déanamh réidh a' dinneára".

Dúirt sé leí suigh síos ansan.

"Ansan" is the Munster form of "ansin" (which is used in Connemara and Ulster, and in the Standard).

The verbal noun of "suigh" is "suí". "Suigh" itself is the imperative form "sit (down) !".

"With her" is "léi", not "leí".

So:

Dúirt sé léi suí síos ansin. (He said her to sit down there)

If it is a quotation of what he said, then you'd have

Dúirt sé léi "suigh síos ansin!". (He said to her "sit down there!".)

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Róman
Member
Username: Róman

Post Number: 115
Registered: 03-2006
Posted on Friday, April 07, 2006 - 01:24 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá ceist amháin agam fé ghramadach. There is a sentence in my book "Tá tobac ó Sheán agus Tadhg". Is it a usual way to say two nouns after leniting prepositions and agus? I mean isn't it "ó Sheán agus ó Thadhg"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 54
Registered: 01-2006


Posted on Friday, April 07, 2006 - 04:46 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

As far as I can tell, there is definitely a preference for factoring prepositions in rather than out, as in "ó Sheán agus ó Thadhg" rather than "ó Sheán agus Tadhg" - especially if the preposition causes a mutation. But this is more of a styllistical preference then a rule. "Ó Sheán agus Tadhg" is a little awkward but it is not incorrect.

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Róman
Member
Username: Róman

Post Number: 118
Registered: 03-2006
Posted on Friday, April 07, 2006 - 07:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh míle maith agat



©Daltaí na Gaeilge