mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (March-April) » Archive through April 07, 2006 » Little Words « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 47
Registered: 01-2006
Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 03:09 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Do bhíos ag léamh agus ní raibh mé in ann na focail sin a thuscint in aon chor!

An bhfuil fhios ag éinne cad is brí leis na focail sin:

Is ar éígean

is duaisiúla

Ní socair

ar thurtóig

Go mórmhór

Is giorra cabhair Dé

Ag deilbh plainín

Ag cur an tsnáithín

Bullóg

Ag dul sall

Scailéathan uirthi

Ródáladar

Aniar aduaidh

Maraitheach

Gan réabadh

Croisire

Straidhn

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 04:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá brón orm ach tá deifir orm. Mar sin tabharfaidh mé ceithre cinn duit anois agus ansin caithfidh mé dul ag obair. Beidh mé ar ais muna bhfaigheann tú freagraí ó dhaoine eile.

1. Is ar éígean: only just ~ Is ar éigean a chríochnaigh mé é in am. I only just finished it in time.

2. Go mórmhór: especially ~ Tá decrachtaí sa teach sin, go mórmór leis an athair. There are problems in that house, especially with the father.

3. Is giorra cabhair Dé: God’s help is closer ~ Is giorra cabhair Dé ná an doras. God’s help is closer than the door.

4. Aniar aduaidh: Northwesterly ~ Gaoth aniar aduaidh. A northwesterly wind.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1227
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 05:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Aniar aduaidh: Northwesterly ~ Gaoth aniar aduaidh. A northwesterly wind

Agus freisin sa chor cainte seo, a chloistear sách minic:

Tháinig sé aniar aduaidh orm. = It took me by surprise.

Níl agamsa anois díreach ach cúpla nóiméad le spáráil -- ach beidh mé ar ais freisin. :-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 09:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

5. Ní socair: Not still (calm) ~ Ní socair atá sí. She’s not calm (settled, still).

6. Scailéathan uirthi: Wild exaggeration on her. Tá scailéathan uirthi. She’s letting her imagination run away with her.

7. Maraitheach = marfach: carnage, lethal, oppressive ~ Tá teas marfach i Death Valley. There’s killer (oppressive) heat in Death Valley.

8. Gan réabadh: Without tearing (it) apart, without violating (it)

9. Bullóg ( bulóg?) B’fhéidir arán (loaf) nó iasc (pollock).

10. Straidhn: Strain ~ Tá mé faoi straidhn ag iarraidh gach duine a shásamh. I’m under strain trying to please everyone.

Níl do liosta críochnaithe agam ach feicim go raibh Dennis anseo is b’fhéidir go gcríochnóidh sé duit é. Tá súil agam go bhfuil said seo ceart ach má cheapann duine nach bhfuil, gheobhaidh mé scéal faoi. Tá súil agam go gcabhraíonn sé seo leat.
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1228
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, April 04, 2006 - 10:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus seo mise arís le cúpla ceann nár mhínigh Caitríona fós a dhéanamh:

is duaisiúla < duaisiúil = tedious, wearisome, hard
an rud is duaisiúla = the most tiring thing

ar thurtóig = on a hummock (tortóg)

Ag deilbh plainín = hatching a little plan (deilbhiú)

ag dul sall = ag dul anonn

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 12:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

11. Ag cur an tsnáithín: putting the little thread. Ta mé ag cur an tsnáithín i snáthaid. I'm putting the little thread in the needle.
12. Ródáladar: They anchored.
13. Crosaire: Crossword puzzle

Bhfuil Gaeilge ag éinne ar 'Beyond laughable'? Sin rud a chuala mé uair.
C

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1229
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 12:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

13. Crosaire: Crossword puzzle

Ach "crossroads" chomh maith. Sin í an chiall a bhí leis an bhfocal sin ar dtús, roimh na nuachtáin.
quote:

Beyond laughable

Tá brón orm. Chuaigh mé thar fóir leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 03:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Thar fóir ó do thaobh, Dennis, is trí mo chroí ó mo thaobh. Táim buíoch gur scríobh tú na focail a bhí ag teastáil uaim. Tá comhacht ag na focail sin freisin. Un idioma es un tesoro que tiene el alma de la cultura y su gente. Tread softly… Bueno… an chaibidil sin thart. Tá súil agam nach bhfuil Podsers meascaithe suas leis an gcaint seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 49
Registered: 01-2006
Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 07:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

meascaithe-saghas;)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, April 05, 2006 - 07:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gabh mo leithscéal Podsers.
Ná bac leis an méid a scríobh mé go Dennis. Tharla sé nach raibh bealach eile agam dul i dteangmháil leis ar an ábhar sin.:)
Scríobh tú: Do bhíos ag léamh agus ní raibh mé in ann na focail sin a thuiscint in aon chor! Anois tá mé fiosrach. Cén leabhar atá tú ag léamh?
C

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Podsers
Member
Username: Podsers

Post Number: 50
Registered: 01-2006
Posted on Thursday, April 06, 2006 - 07:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Deirfidh mé leat, am eile i rith an tsamhraidh geallaimse duit, a bhean uasail.



©Daltaí na Gaeilge