Beidh Seán Federico-Ó Murchú ag tabhairt léacht
dar teideal "Covering American news through the
medium of Irish" Dé Céadaoin 22 Márta 2006 sa
CUNY Graduate Center, 365 Fifth Avenue, New York,
NY. Tá aithne ag dhaoine i Meirceá ar Seán
Frederico-Ó Murchú mar gheall ar a obair a mbíonn
ar siúl aige leis an staisiún MSNBC. Is
bainisteoir nuachta don chósta oirthear é. Is
féidir é a chloisteáil in Éirinn áfach ar
Raidió na Gaeltachta go rialta ag déanamh tuairisc
ar a bhfuil ag tarlú i Meirceá.
Seolfaidh Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge
suíomh nua idirlín ag an ócáid seo chomh maith:
www.paistilegaeilge.com. Is suíomh é seo ar
déanadh do thuistí atá ag tógáil clainne trí
mheán na Gaeilge agus tá sé lán d’eolas maidir
le na hacmhainní atá le fáil ar an ábhar seo.
Chuir saineolaithe teangeolaíchta an suíomh seo ar
bun agus is féidir ceisteanna a sheoladh chucu agus
cuirfidh siad freagra na ceisteanna ar an tsuíomh.
Tuilleadh eolas ag
www.lehman.edu/cunyiias/.