Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 16 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 11:30 am: |
|
Haigh! Tá a fhois agam go bhfuil roinnt de na daoine atá ina mbaill den chlár plé seo ag foghlaim Gaeilge na hAlban, taobh amuigh den Ghaeilge í féin. Sin í mo cheist oraibh: Céard a thuganns sibh ar Ghaeilge na hAlban i mBéarla, den chuid is mó? Le meas, Peter |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1087 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 01:52 pm: |
|
Scottish Gaelic de ghnáth, ach braitheann sé ar (the e an crochadh air) an gcomhthéacs. Más ag caint le daoine atá sáite i (a tha an sàs ann an) saol na Gàidhlig -- agus tá a lán acu anseo in Seattle, is leor Gaelic a rá... ach é a rá mar "GAH-lic", ar ndóigh! ;-) |
|
Dalta
Member Username: Dalta
Post Number: 42 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, March 09, 2006 - 11:19 am: |
|
I mBearla na hAlbann, deirtear Gaelic de gnáth. Mé féin, úsáidim 'Scots Gael', go hoifigiúil is Scottish Gaelic é an t-ainm. Ní deirfidh mé cad a deir daoine Éireannacha mar níl a fhios acu ar an ainm teanga na hÉireann ann, ná bac le hainm teanga na hAlbann. |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 09, 2006 - 11:33 am: |
|
An bhfuil fhios agat cad a thug siad ar Ghaeilge na hAlban i mBéarla sa 19ú aois ? "Irish". Creid é nó fág i do dhiaidh é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1097 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 09, 2006 - 12:25 pm: |
|
quote: cad a thug siad ar Ghaeilge na hAlban i mBéarla sa 19ú aois ? "Irish" Hey, is fíor duit! Ach bhain siad feidhm as an seanainm "Erse", nach ea? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 17 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, March 10, 2006 - 07:36 am: |
|
Go raibh maith agaibh! Ní mé cén fáth nach dtugtar ‘the Scottish language’ uirthi? An measeann sibh an mbeadh an t-ainm seo cineál míthreorach? An mbaineann duine ar bith leas as ‘Gaelic’ nó fiú amháin ‘Irish Gaelic’ agus is í an Ghaeilge atá i gceist aige / aici? BTW Cé mar a úsáidtear ainm teangan thar éis ainmfhocal eile sa gCaighdeán? focal Béarla focal (na) Gaeilge focal (na) Rúisise / Rúisis ?? Cé acab is fíor? Céard i dtaobh an ailt, más é do thoil é? Le meas, Peter |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 10, 2006 - 10:21 am: |
|
" Ach bhain siad feidhm as an seanainm "Erse", nach ea?" Ó, sea. Agus cad a thugann na hOllainnigh uirthi, Gaeilge an lae inniu? De ierse Taal. Ierse > Iers (= Éireannach ) Dar ndóigh, Ír = freamh den fhocal Ireland é, agus seanainm (ceann acu )d'Éirinn. " Ní mé cén fáth nach dtugtar ‘the Scottish language’ uirthi? " Tá teanga eile ann a thugtear Inglis air sa teanga fhéin, Scots i mBéarla nó Albainis i nGaeilge ( Ní Albáinis é ). Scríobh Robert Burns i gcanúint di. Agus scríobh Hugh McDiarmid i leagan litríochta di, darb ainm Lallans |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1100 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 10, 2006 - 11:43 am: |
|
quote:An mbaineann duine ar bith leas as ‘Gaelic’ nó fiú amháin ‘Irish Gaelic’ agus is í an Ghaeilge atá i gceist aige / aici? Go mion minic, thar lear go háirithe. Tá sé neamh-PC in Éirinn "Gaelic" a thabhairt ar an teanga, ach sin é an t-ainm thug na heisimearcaigh leo thar lear sa 19ú agus 20ú céad, go Meiriceá, etc., agus mhair an t-ainm sin beo sna háiteanna sin go dtí an lá inniu. Má deirtear "Gaelic" sna Stáit, is í Gaeilge na hÉireann atá i gceist go hiondúil, ní Gaeilge na hAlban. quote:focal (na) Rúisise / Rúisis ?? focal Rúisise, focal Laidine, etc. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 19 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, March 10, 2006 - 01:45 pm: |
|
GRMMA |
|