Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1035 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 08:48 am: |
|
Bíonn ainm duine scríofa i gceannlitreacha ar phas Éireannach, mar shampa: Sloinne: BYRNE Réamhainm(neacha): MARK JAMES Más ceart litreacha áirithe i d'ainm a scríobh mar litreacha beaga i gcónaí, cén chaoi ina mbíonn d'ainm scríofa ar do phas? 1) PROINSIAS Ó hAODHÁIN nó: 2) PROINSIAS Ó HAODHÁIN An scríobhann siad na sínte fada i gceart? ------------ A person's name is written in uppercase on an Irish passport, for example: Surname: BYRNE Forename(s): MARK JAMES If certain letters in your name should always be written in lowercase, what way is your name written on your passport? 1) PROINSIAS Ó hAODHÁIN or: 2) PROINSIAS Ó HAODHÁIN Do they write the acute accents properly? (Message edited by Fear_na_mBróg on February 23, 2006) Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : )
|
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 10:03 am: |
|
Nach gcuirfeá ceist ar Oifig na bPasanna? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1036 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 10:13 am: |
|
Maith an smaoineamh... déanfaidh mé fiosrú faoi. Bhíos ag smaoineamh gurbh fhéidir le duine anseo insint dom dá mbeadh pas aige... Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : )
|
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 11:20 am: |
|
Bhuel, ar mo phas tá m'ainm is mo shloinneadh i nGaeilge dar ndóigh, na litreacha ar aon mhéid ach níl réamhlitir i gceist. Ná labhair leis na cosa nuair atá an ceann i láthair! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 40 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 11:34 am: |
|
Níl freagra na ceiste agam, ach má thuigim nósanna clóchuradóireachta na Gaeilge i gceart, sé "PROINSIAS Ó hAODHÁIN" an leagan is fearr. Tá nós sa Ghaeilge réimíreana ar nós h, t-, n-, a fhágáil ina litreacha beaga i gcónaí, fiú má tá an chuid eile den téacs ina gceannlitreacha. Anois, sí an cheist ná an bhfuil an riail seo ar eolas ag Oifig na bPasanna, agus an bhfuil an teicneolaíocht a úsáideann siad in ann chuige... Is mise, Michal Boleslav Mechura
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3014 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 04:59 pm: |
|
Ó H ALMHAIN (le bearna idir an H agus an A) atá ar mo phas nua a éisíodh anuaraidh. Roimhe sin, bhí m'ainm scríofa le lámh, agus is Ó H ALMHAIN a bhí ann. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1037 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 23, 2006 - 05:58 pm: |
|
quote:bhí m'ainm scríofa le lámh Written by hand? How come your passport was written by hand? So did they have a space between the H and the A, and made the A slightly bigger and bold? Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : )
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3020 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 24, 2006 - 04:15 am: |
|
Toisc gurbh ón Ambasáid i mBonn a fuaireas é - ~10 mbliana ó shin. Bhí an "A" rud beag níos mó, sin an méid. |
|