>> Dála an scéal, an bhfuil fhios ag éinne an bhfuil leacht i gcuimhne Bryan Merriman i Luimneach fós?
Tá, ar ndóigh, agus tá cearnóg bheag baiste ina dhiaidh ag ceann thiar Shr. an Chláir, an áit a bhfuil an leacht cuimhneacháin.
>> .... Galway, Dublin and Belfast are much better cities!
>> .... I suspect that both reputations are undeserved, yet I would not advise any tourist to visit the place.
Ní as Luimneach na Long mé féin ach tá taithí fhada na háite agam faoin am seo. Chaitheas blianta fada i nGaillimh, roinnt blianta i mBÁC agus is as taobh Shligigh mé. Chonaic mé níos mó fola dá doirteadh i nGaillimh ná in áit ar bith eile mar gur ann a oibríos doirseacha dioscó le snáithe a choinneáil faoin bhfiacail nuair a bhí mé san ollscoil. Briseadh mo chnámha in eachtraí éagsúla. Bhí orm cuachadh mar liathróid le theacht slán as speachadh slua 14/15. Sáitheadh cara liom le linn do bheirt acu mé a thabhairt slán as. Maraíodh é ina dhiaidh sin lasmuigh de Ghaillimh nuair a bhí sé ag tiomáint abhaile istoíche ar ghluaisrothar. Theith an meisceoir tiománaí ach lean cailín é gur bhuail sé faoin gclaí scathamh fada ar shiúl. D'fhreastail an tiománaí ar an tsochraid in éineacht léi. Scaoileadh urchar i ndiaidh urchair liom agus le triúr gasúr eile nuair a bhí mé 4-5 bliana d'aois i Sligeach na blianta fadó agus gortaíodh buachaill den chomhluadar go dona, os comhar mo dhá shúl. Chonac eachtra i mBÁC oíche eile a raibh mé féin le robáil ag stócach cruadhéanta ach nár oibrigh sé amach mar sin. Chuireas aithne ar lucht slada i gcathracha eile thar lear ach ligidís liom i gcónaí in áit amháin mar go raibh a gcuid rialacha féin acu. Thug canúint mo chuid Béarla slán mé ó mhuintir an Tóchair ag Highfield Rugby Club oíche amháin nuair a mheas roinnt i láthair gurbh as tuaisceart Chorcaigh mé!
http://www.highfield-rugby.com/ An tiománaí a bhuailfeas isteach faoi do charr ag crosbhealach faoin tuaith, beidh sé ar sciorradh fuadair isteach go cathair/baile mór éigin nó ar fuadar amach as.
Gearr marc ar an méid seo: Is contúirteach gach cathair agus is contúirteach gach duine, idir fhear, bhean is aosán! Is í mo chomhairle, fanacht glan ar GACH cathair, ar gach glas tráchta agus ar gach dioscó!
'Ní hionann dul chun an bhaile mhór agus teacht thar n-ais' mar a deir siad.
Pádraig Ó Mileadha (Maol Aodha) a chum (tá na focail seo cineál ann as):
Tá crainnín aonair a bhfuil air géaga
A bhriseann géirshioc is gaoth aduaidh
Ag fás go treorach ó thráth nach eol dom
Is sásta gleoite é, is breá, is buan,
Tá éinín páirteach ar ghéig ‘na bharr san
‘S é go fáiltiúil ag labhairt ó chroí
‘S i bhfios dom féineach, tá suite taobh leis
Im thig beag aerach sa ngleann seo thíos
Tá sruth ar m’eolas ag rith go ceolmhar
As ucht an mhórchnoic le fánaí anuas
A bhfuil poirt is féar glas á fhoilsiú in éineacht
‘S á chur gan bhuíochas ‘na bráighe chun cuain
Tá an t-eas ag géimnigh ann an breac ag léimnigh
‘S an bheach ag saothrú le fonn chun tís
‘S mise im aonar cois tine ag éisteacht
Im thig beag aereach sa ghleann seo thíos.
Ó éirí na gréine go dtéann sí fé thiar,
Tá a haghaidh go séimhgheal ar m’áras féin,
Is ionmhain léithí mo phinniúr aolmhar,
‘S m’fhuinneog léir ghlan i lár an lae
Is deas gan bhréig díbh a thagann ré dhó
‘S í ag bailiú léithí thar toinn is tír -
Níl ionad saolta chomh clúthar néata
Lem' thig beag aerach sa ghleannseo thíos.
Ní iarrfainn aoibhneas, ní iarrfainn saoirse,
Ní iarrfainn choíche caislean ná cúirt,
Níl eolas uaimse ar ór ná ar uaisleacht,
Ná ar bhóiceáil uaibhreacht ag soláthar clú,
Mo thrua gach éinne ‘tá ar thuairisc féile,
Níl uaimse ar aon chur mar gheall sa tír,
Ach mo chrainnín aonair mo shruth is m’éinín
‘S mo thig beag aerach sa ghleann seo thíos.
http://www.padraig.de/MoThig/mothig.html