Author |
Message |
Celtoid
Member Username: Celtoid
Post Number: 89 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 09:14 pm: |
|
"Ní raibh ginealach ag corraí - ní hé a fhearacht sin is Domhnaigh eile é - timpeall an Choláiste Gaeilge thuas ar Dhroim na Móna." |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2817 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 06:21 am: |
|
N'fheadar! De ghnáth ginealach [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] áireamh ar shinsir duine. ach níl ciall le sin anseo. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 3 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 06:52 am: |
|
De réir m'eolais, ciallaíonn ginealach pedigree más ar mhadraí agus a leithéidí atáthar ag caint, agus descent más ar dhaoine atáthar ag caint. Mar shampla, má tá máthair Éireannach agat is féidir leat saoránacht Éireannach a fháil, agus an téarma a chuirtear air seo i ndlí na hÉireann na saoránacht ó ghinealach - citizenship by descent. Sé sin ráite, ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh den abairt sin a thug tú. Cad is comhthéacs di? Michal |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2820 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 07:18 am: |
|
Is léir gur neach éigin atá i gceist. Tamall ó shin bhí Celtoid ag streachailt le gearrscéal de chuid an Chadhainaigh, seans go bhfuil sé ag streachailt le ceann eile acu anois. Tá ciall le: Ní raibh neach ag corraí - ní hé a fhearacht sin is Domhnaigh eile é - timpeall an Choláiste Gaeilge thuas ar Dhroim na Móna Buille faoi thuairim - paistí óga ata i gceist. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 494 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 07:25 am: |
|
ginealach ... 2. B: Generation. Ó ghinealach go ginealach, from generation to generation. 3. (In phrase) Ní raibh ginealach an bhéil bheo ann, there was not a living soul there. — Ó Dónaill Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2821 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 09:00 am: |
|
Maith thú, a Pheadair. Sin é. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 162 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 09:15 am: |
|
do chulaois "o ghluain go gluain" in ionad "Ó ghinealach go ginealach". |
|
Celtoid
Member Username: Celtoid
Post Number: 90 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 09:56 pm: |
|
"Tamall ó shin bhí Celtoid ag streachailt le gearrscéal de chuid an Chadhainaigh, seans go bhfuil sé ag streachailt le ceann eile acu anois." Tá sé sin fíor, a Aonghuis. Tá mé ag léamh "An Gheis" faoi láthair, a dara ghearrscéal as "An Braon Broghach". Seans go mbeidh níos mó focal ann nach mbeidh mé in ann a fháil i m'fhoclóir. Go raibh maith agaibh, a chairde. |
|