Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 55 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 06:29 pm: |
|
Seo thíos sliocht ón nuachtán inniu sa chathair seo. Tá gach rud fliuch; tá an talamh bog báite. Téamh domhanda is cúis leis, dar liomsa. Conas atá an aimsir in áiteanna eile? An bhfuil téamh domhanda i bhfeidhm go suntasach ar fud an domhain? "Today will be the 26th straight day of rain in Bellingham, breaking the record of 22 days set in 1953. Earlier in the week, it appeared the area might get a break this Sunday, but a chance of showers has been added to that day's forecast" |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 831 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 13, 2006 - 08:05 pm: |
|
Go maire tú an record nua, Liz! Níl aon cheann briste againn i Seattle fós. Tá 34 lá ag teastáil anseo len é sin a dhéanamh, agus inniu an 25ú lá. Is maith liom an bháisteach, áfach. Tá sí i bhfad níos fearr ná sneachta, ar aon nós! |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 05:22 am: |
|
Lá breá gréine atá againn i mBaile Átha Cliath inniu. Níl scamall le feiceál sa spéir. Lá amháin, an seachtain seo chaite, bhí an teocht níos airde i mBÁC ná i gcathair Algiers, dar leis an Irish Times. Is iontach an rud é do chuid againn an teas domhanda seo - nó is olc an gaoth nach séideann do dhuine éigin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 837 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 12:13 pm: |
|
quote:Is iontach an rud é do chuid againn an teas domhanda seo Iontach deas go dtí go stopann an North Atlantic Current a iompraíonn uisce te aneas agus a choinníonn teas le hIarthar na hEorpa. Míniú de seo ag: http://visindavefur.hi.is/svar.asp?id=5470 |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 359 Registered: 09-2004
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 12:44 pm: |
|
Does téamh domhanda refer to 'global warming?' Ní maith é an duine a bheith leis féin.
|
|
mahoo (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 08:59 pm: |
|
27 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 839 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 14, 2006 - 09:32 pm: |
|
Bhuel, Mahoo, más iontaofa an uimhir atá ceangailte le do theachtaireacht rí-ghairid, feicim go bhfuil tú i do chónaí in Seattle freisin. An bhfuil tú ag baint suilt as an mbáisteach uilig? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 11:54 am: |
|
Scríobh Dennis: "Iontach deas go dtí go stopann an North Atlantic Current a iompraíonn uisce te aneas agus a choinníonn teas le hIarthar na hEorpa." Tá an baol sin ann. Sruth Murascaille Mheicsiceo (Gulf Stream) a dtugtar air ar an taobh seo den Atlantach. Seans go mbeidh aeráid againn cosúil leis An tSualann nó An Fhionlann taobh istigh de caoga nó céad bliain. Ag an am céanna níl siadsan ag déanamh ro-dhona as. Ar aon chaoi, an féidir aon rud a dhéanamh faoi? Is léir nach cuirfear Aontú Kyoto i gcrích agus, fiú má chuirtear, an ndéanfaidh sé mórán difríocht? Níl na heolaithe ar aon guth ar an cheist seo. |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 11:56 am: |
|
Go mo leithscéal. Fiacc a scríobh an méid thuas. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 840 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 12:28 pm: |
|
Fiacc, An bhfuil a fhios agat an mbeadh Éire níos fliche nó níos tirime dá dteipfeadh ar Shruth Murascaille Mheicsiceo? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 12:52 pm: |
|
Níl a fhios agam ach tahbarfainn tomhas go mbeadh Éire níos tirime. An cuid is mó den báiste sa tír seo, tagann sé ón iarthar. In éagmais an uisce te ón Sruth iontach seo, ní bheadh aer te ag eirí aníos agus mar sin de ní bheadh an aeráid chomh scamallach is atá sé faoi láthair. |
|
Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 12:59 pm: |
|
Níl a fhios agam ach tabharfainn tomhas go mbeadh Éire níos tirime. Tagann an cuid is mó den báiste sa tír seo ón iarthar. In éagmais an uisce te ón Sruth iontach seo ní bheadh aer te ag éirí aníos agus, dá bharr sin, ní bheadh an aeráid chomh scamallach is atá sé faoi láthair. Aeráid níos fuaire agus níos tirime atá i ndán dúinn, má tá an ceart agam. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 842 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 01:27 pm: |
|
Mo thrua na crainnte pailme! Ach le fírinne, ní fíor-phailmeacha iad dáiríre ach Cordyline australis, saghas agave, planda atá réasúnta crua. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 931 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 04:56 pm: |
|
An bhfuil daoine ag tosú "lae" a úsáid in ionad "laethanta" mar iolra an fhocail "lá"? Fáilte Roimh Cheartúcháin
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 57 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 05:28 pm: |
|
Gabhaigí mo leithscéal. Fadhb ghearrtha agus ghreimithe a bhí ann. Tá "laethanta báistí" ceart, ar ndóigh. Cuireadh deireadh leis an mbáisteach inné, agus tháinig amach rud geal aisteach sa spéir. Cé hé sin? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 15, 2006 - 06:12 pm: |
|
Tá an ceart agat a Phádraig: téamh domhanda = global warming |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2818 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 06:24 am: |
|
A Liz, tá scéal iontach ag Ciarán Ó Nualláin faoi grian i ndiadh baistí - ag maíomh go bhfuil sé in ndán do gach gael é fheiscint uair ina shaol! (i gcló in "Amaidí", atá faoraor, as cló) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 844 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 16, 2006 - 01:00 pm: |
|
Tá téarma againn sna bólaí seo (timpeall Phuget Sound) nár chuala mé riamh i gCalifornia: sun breaks. "Chuala mé ar an raidió go mbeidh báisteach ann ar maidin agus sun breaks tráthnóna inniu." Agus fuair mé an abairt seo in FGB uair amháin: Tá fuinneoga ag teacht ar an spéir, the sky is clearing in patches. Ar chuala sibh an nath sin á úsáid, "fuinneoga (ag teacht) ar an spéir"? |
|