mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2006 (January-February) » Archive through January 09, 2006 » Tomhais ag teastáil « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 8
Registered: 12-2005
Posted on Sunday, January 01, 2006 - 07:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fuair mé an suíomh seo agus mé ag cuardach tomhais: http://www.akerbeltz.org/beagangaidhlig/toimhseachain/toimh_b.htm
Mar a tharlaíonn go minic, tá mé ag fáil an t-eolas atá ag teastáil uaim i nGaidhlig in áit i nGaeilge. B’fhéidir nach bhfuil mé sách cleachtaithe le Google go fóill. B’fhuil aon áit ar an Internet le tomhais i nGaeilge? Ar fhaitíos nach bhfuil, tá mé ag dul ag tosnú le liosta anois agus iarraidh oraibh aon tomhais atá ar eolas agaibh a sheoladh isteach le bhúr dtoil.

Here are some riddles ( these are for young children) and I’m looking for more:

1.Fanann sé sa chúinne ach téann sé ar fud an domhain. Céard é? Stampa
It stays in the corner but it goes around the world. What is it? A stamp
2.Céard a thugtar chuig an mbord agus a ghearrtar ach nach n-itear? Paca cártai
What is brought to the table and is cut but not eaten? A pack of cards
3.Cén taobh den chupán a bhfuil an lámh air? An taobh amuigh
Which side of the cup has the handle? The outside
4.Céard é an droichead is giorra duit? Droichead do shróine
Which bridge is closest to you? The bridge of your nose
5.Cén fáth a n-iompaíonn madra cnámh ina bhéal? . Mar níl póca aige.
Why does a dog carry a bone in its mouth? . Because it doesn’t have a pocket

OK, so I can imagine groans from people reading this but this selection is for small kids. Please let me know what you have.
IMPORTANT:
I’m particularly looking for riddles that have the following as the answers:
Heaven, the sun, an anthill, a cottage, an egg. Help, please.

Contributions requested. I’d hate to think we don’t have a stór of riddles in Irish.
Buíochas,
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lucy (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, January 01, 2006 - 08:30 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuaigh mé suas le fáinne an lae, Fuair mé rud ina luí san fhéar; Níorbh iasc é ná feoil, fuil ná cnámh, Is choinnigh mé é gur shiúil sé uaidh féin. (Ubh)


Cén rud nach bhfuil mórán maitheasa ann go dti go mbristear é? (Ubh)


Níl sé amuigh ort, Níl sé istigh ort. Tá sé ort, Is ní trom leat ort. (D'ainm)

Cén rud is mó a ritheann gan cosa? (Abhainn)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 801
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, January 01, 2006 - 08:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

an egg

Teach beag agam agus é lán bia, agus níl doras ná fuinneoga air.

Seo cúpla ceann eile:

Cad é a chuireann an fear saibhir ina phóca a chaitheann an fear bocht uaidh?

Tá sé ag fiach. An méid a mharaíonn sé, caitheann sé uaidh iad, agus an méid nach maraíonn, tugann sé leis abhaile iad. Céard atá á fhiach aige?

Droichead ar loch, gan adhmad ná cloch. Cad é?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 802
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, January 01, 2006 - 09:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Rinne mé tomhaiseanna a ghoogláil agus fuair mé an ceann seo:

Tá ceann fada ag Arnold Schwarzenegger. Tá ceann gearr ag Michael Fox. Níl ceann ar bith ag Madonna. Agus ní bhaineann an Pápa feidhm as an gceann atá aige.” Céard é? (Sloinne)

(Message edited by dennis on January 01, 2006)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 11
Registered: 12-2005
Posted on Monday, January 02, 2006 - 02:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat arís Dennis agus buíochas le Lucy freisin.

Freagra amháin duit Dennis
Droichead ar loch, gan adhmad ná cloch. Freagra: Leac oighir

Ceann duitse anois.
Nuair a deireann tú m'ainm, scriosann tú mé.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 804
Registered: 02-2005


Posted on Monday, January 02, 2006 - 02:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Am soip domsa anois. B'fhéidir go dtiocfaidh an freagra chugam roimh mhaidin! :-)

Idir an dá linn, má tá tú i do shuí fós, seo agat dhá sheancheann ón scéal Tochmarc Ailbe:

http://www.sengoidelc.com/node/177
http://www.sengoidelc.com/node/325

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2740
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 02, 2006 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an leabhar seo lán leo:
http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=3233

Agus bhí cúpla snáth againn anseo, cuardaigh "Tomhas" sa chartlann.

Mar shampla:
http://www.daltai.com/discus/messages/13510/13812.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 13
Registered: 12-2005
Posted on Monday, January 02, 2006 - 11:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Buíochas mór le gach duine.

Péire eile agam

1.Feicimse é is ní fheiceann tusa é. Is gaire duitse é na domsa.

2.Tháinig sé isteach ar dhroim na ndaoine is chuaigh sé amach mar shnáithin síoda.

Freagra
Nuair a deireann tú m'ainm, scriosann tú mé. Freagra: Tost

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2743
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 03, 2006 - 05:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

1) Cúl mo chinn
2) Móin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 19
Registered: 12-2005
Posted on Tuesday, January 03, 2006 - 09:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cliste.
Seo ceann easca:
Bhí feirmeoir ann uair is bhí a mhac gortaithe go dona i dtimpiste ar an bhfeirm. Chuir sé a mhac sa charr agus chuaigh sé ag an ospidéal chomh tapaidh agus ab fhéidir leis. Bhí an tospidéal seasca míle ón bhfeirm. Thóg na banaltraí isteach an lead bocht agus dúirt said leis an athair dul abhaile. Chuaigh an fear ar ais go dtí an fheirm agus ghlaoigh sé ar an ospidéal ar an nguthán. Nuair a ghlaoigh sé, bhí an mac le dul faoi obráid ag an nóiméad sin. Ach bhí fadhb mór acu. Dúirt an dochtuir, ag féachaint ar an othar, “Ní féidir liom an duine seo a chur faoi scian. Seo é mo mhac.”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2748
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 04, 2006 - 05:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Liz an dochtúir!



©Daltaí na Gaeilge