Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 781 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 10:12 pm: |
|
Ná téigí thar fóir leis na cóisirí! http://www.sengoidelc.com/node/324 Gabhaigí mo leithscéal faoin teideal sa teanga chontráilte. Tá sé greanta i gcloch anois. (Message edited by dennis on December 21, 2005) |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 22, 2005 - 02:17 pm: |
|
Do Dhennis is measa, fonn seangánaigh? ;) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 785 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 22, 2005 - 02:52 pm: |
|
Ní thuigim. seangánach = formicosus |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 48 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, December 22, 2005 - 05:42 pm: |
|
Go raibh maith agat as na hoidis traidhfle, a Dennis. Léigh mé iad, agus tuigim an traidhfil anois. Toisc nach n-ólann m'iníon bheag, déanfaidh mé ceann gan alcól. Déanfaidh mé císte puint agus cuirfidh ann. Ansin, píosaí bananaí is sútha talún, maróg fanaile, is uachtar fuipeáilte. Beidh slisní d'almóinní ar barr. Mura n-itheann mo bheirt iníonacha an rud iomlán, cuirfidh mé cupán nó dhó de bhranda nó poirt isteach agus beidh sé ag mise is m'fear dílis Lá Nollag. Níl orainn dul ar obair Dé Lúain. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2729 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 05:04 am: |
|
Ní thuigeann an sách an seangánach! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 11:58 am: |
|
"Ní thuigim. seangánach = formicosus" Ní thuigim ach an oiread. Is diabhal an béarla atá agat cé nach bhfuil sé luaite san Oxford agam, ach tuigim as. Is minic n is r in achrann le chéile sa teanga againne. B'fhéidir go ndéanfadh "seargánach" cúis do lucht na "ceartlitrithe"? Níl foclóir ar láimh agam. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 264 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 01:23 pm: |
|
seargthach? Cad is brí den bhearna sin i d'ainm, a Unregistered Guest? Cosúil leis an matamaitic. Má théann fear N seasca míle, agus má thagann fear X fiche míle, cá mbuailfidh siad a chéile? Sa teach tábhairne, dar ndóigh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2732 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 01:45 pm: |
|
Le chéile, seachas a chéile, tá súil agam. Ní maith liom achrann sa teach tábhairne! |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 28, 2005 - 10:24 am: |
|
seargthach? In ainm chroim, nach bhfuil foclóirí ag daoine; seargánach: duine a mhilleann aoibhneas ar dhaoine eile Cad is brí den bhearna sin i d'ainm, a Unregistered Guest? Tá an t-ainm gan bhriseadh gafa cheana féin. Cosúil leis an matamaitic. Má théann fear N seasca míle, agus má thagann fear X fiche míle, cá mbuailfidh siad a chéile? Sa mhatamaitic is gnáth n a sheasamh do uimhir gan áireamh. Is gnáth x a sheasamh d'uimhir cheapáirithe gan aithint. cá mbuailfidh siad a chéile? Sa chró dornála? |
|
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 11 Registered: 12-2005
| Posted on Thursday, December 29, 2005 - 06:46 pm: |
|
Ciallaionn "searg" na "waste/wither/decline" - b'fheidir go ndeireann seargthach na wasting/declining |
|