Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 779 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 02:15 pm: |
|
Téann mo dhuine chuig an dochtúir ar an 21ú lá de Mhí na Nollag (.i. inniu, .i. grianstad an gheimhridh) le haghaidh scrúdú. Deir an dochtúir leis tar éis é a iniúchadh, "Tá drochscéal agam duit, agus dea-scéal. Is é an drochscéal nach mbeidh tú beo ach go ceann sé mhí eile." "Cad é an deascéal?" a deir mo dhuine. "Beidh na laethanta ag éirí níos faide as seo amach." |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 02:29 pm: |
|
Sin greann na haonuaire gan aon agó! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2725 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 03:44 pm: |
|
Lean an fear céanna air: Cad is féidir liom a dhéanamh? Éirigh as na mná, an ól agus na toitiní! An mairfidh mé níos faide da bharr? Ní mhairfidh, ach samhlódh tú níos faide é! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 47 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 08:31 pm: |
|
An t-othar arís: Agus an féidir liom seinm ar an bpíanó? Cinnte. Beidh do mhéara ar fónamh go dtí an deireadh. Nach aisteach an galar seo. Níor sheinn mé ar an ngléas riamh roimhe. (Chuala mé an ceann seo thuas ó fhear a bhris a lámh.) Ceann eile a chuala mé fiche bliana ó shin: Mise agus cuma bhrónach dhubhach ar m'aghaidh -- Tá brón orm, ach caithfidh mé a insint duit --- níl ach trí cill T fágtha agat. An fear -- Tabharfaidh mé "Curly, Moe, and Larry" orthu. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2726 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 22, 2005 - 05:21 am: |
|
Othar eile: Níl tada cearr leat, ach go nólann agus go nitheann tú iomarca, agus go bhfuil tú falsa. Go raibh maith agat, a dhochtúir. Céard é sin as Laidin, do mo bhean, le'd thoil! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 262 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 22, 2005 - 09:47 am: |
|
Má tá Curly Moe agus Larry uait, éist liom ag http://philo-celtic.blogspot.com/ |
|