Author |
Message |
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 53 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, December 18, 2005 - 03:28 pm: |
|
Rugadh Naomh Maolmhaodhóg i nÁrd Macha san mbliain 1095. Do ceapadh é ina abb ar mhainistir Bheannchoir san mbliain 1124. An bhliain chéadna sin, choisric Ceallach, árdeasbog Árd Macha, é ina easbog ar Choinnire, agus bhí an dá chúram sin ar Mhaolmhaodhóg i n-aoinfheacht go dtí gur tobhadh é le Árd Macha a riaghlú nuair d'eag Ceallach san mbliain 1132. Chaith sé a dhúthracht, mar a chaith N. Ceallach roimhre, ag leigheas na droch-chuma a bhí ar an Eaglais i nÉireann san am. "Chuir sé caoi ar gach eaglais a bhí leigthe i bhfaillighe agus in éislis le fada roimhe sin." San mbliain 1139, choisric sé Giolla Mac Liag mar chomharba dó i nÁrd Macha agus ghluais sé chun na Rómha. Ar a bhealach dó, thug sé cuairt ar mhainistir Clairvaux, mar ar fháiltigh Naomh Bearnárdus roimhe gur eirigh dlúth-charadas eatortha. Rinne an Pápa Innocentius II Leagáid le haghaidh na hÉireann de agus d'fhill Maolmhaodhóg abhaile. San mbliain 1182, chuir a dhualgas athturas chun na Rómha air. Fuair sé bás fá bhealach i gClairvaux. Bhí meas naoimh ag Naomh Bearnárdus air, agus scriobh sé sgéal a bheatha. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com
|
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 06:52 am: |
|
Nach diabhal an mac é an Maolmhaodhóg seo, agus é ar a shlí chun na Róimhe in aois a 87 dó, a dharna thuras? Frequent Flyer cruthanta é gan dabht. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 54 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 08:08 am: |
|
Ní raibh sé moran nios sinne na mé fein agus bhí mise sa Rómha cupla mí ó shoin. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com
|
|
Duine (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 09:11 am: |
|
Ach ní raibh aon eitleán/traein/gluaisteán ar fáil dó siúd. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 09:27 am: |
|
Nach bhfuil scéal ann i dtaobh Easpag Chiarraí a thug Trionta ar féin le haghaidh Comhairle mhór an athleasú creidimh agus a thug a bhó leis go mbeadh leamhnacht aige gach lá. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 55 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, December 19, 2005 - 02:12 pm: |
|
Rugadh Naomh Finnian i Laighnibh. Bhí sé ina dhalta ag Naomh Albán ar dtús, agus annsin chuaidh sé anonn go Cill Muine san mBreatain Bhig ag foghluim chrábhaidh i Sgoil San Dibhi. Timcheall na bliaina 520 chuaidh sé ag lonnú i gCluain Iorairdar bhruach na Bóinne. Chruinnigh deisciobuil agus daltai ina thimcheall, i ngioll ar cháil a naomhthachta agus a léighinn. D'éag Naomh Finnian san mbliain 549. Abb Chluana Ioraird, saol eagna, agus oide Naomh Éireann ina aimsir. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com
|
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, December 20, 2005 - 11:21 am: |
|
An é seo an naomh a thug beachaireacht go hÉireann, nó an é sin fear eile. Tá fhios agam go ndearna Eoin Pól II a leath oiread is atá naoimh ann anois, ach dhá nó trí Pápa ó shoin, nár baineadh a gcuid naomhachta de mórchuid den seandream. An raibh mo dhuine orthu? |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 56 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 20, 2005 - 04:08 pm: |
|
Beidh Aifreann Gaelige i Séipéal Naomh Mhuire, Bóithrín an Shéipéal, Béal Feirste, Lá Nollaig, ag meán lae. Tá fáilte roimh duine ar bith atá abalta freastal a dhéanamh ar. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com
|
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 57 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, December 20, 2005 - 04:31 pm: |
|
Rugadh Naomh Íde i nDéisibh Mumhan timcheall na bliana 480. D'fhág sí a baile dúthchais, le grá do Dhia, agus ghluais roimpi gur shroich sí Uí Conaill i n-iarthar Luimnigh agus bhunuigh sí a ceall annsúd. Cill Íde a tugtar ar an ait sin ó shoin. Bhí mainistir ag Íde agus sgoil. Fuair cuid mhór de naoimh na hÉireann oileamhaint san sgoil sin fá chúram Íde i riocht gur tugadh "buime naomh na hÉireann" uirthi. Sé Bréanainn Chluain Fearta an dalta is mó cáil diobh siúd. D'eag Íde timcheall na bliana 560. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2720 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 20, 2005 - 05:07 pm: |
|
Bhain an Eaglais iad siúd, nach raibh fianaise ann gur mhair siad, den bhféilire i seascaidí an aois chaite. Ní dóigh liom go mbaineann Finian leis an roinn sin. Ní luaitear anseo gurbh amhlaidh atá; http://www.catholic.org/saints/saint.php?saint_id=3368 Cé go luaitear faoi San Criostóir é: http://www.catholic.org/saints/saint.php?saint_id=36 Ní raibh córás iniuctha i bfeidhm san Eaglais go dtí an 15ú aois. Seard a rinne Eoin Pol, a d'aithin an gá le samplaí maithe don Eaglais, ná an córás a bheachtú agus a dhéanamh níos éifeachtaí. Ní dhearna seisean, ná aon Phápa eile, naomh ar bith - is faoi Dia atá sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 776 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 20, 2005 - 10:59 pm: |
|
quote:Ní dhearna seisean, ná aon Phápa eile, naomh ar bith - is faoi Dia atá sin. Ach, ó nach bhfuil Sé sásta rud ar bith cinnte cosúil leis an Queen's Birthday Honours List a chraoladh... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2722 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 08:23 am: |
|
Bíonn lámh Aige sa bhféilire. Bíonn miorúiltí de dhíth, |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 21, 2005 - 12:49 pm: |
|
GRMA, a aonghuis! |
|