Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 46 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, December 15, 2005 - 04:34 pm: |
|
Gabhaigí mo leithscéal, mar ní bhaineann an ábhar thíos leis an ngramadach, nó le fairsinge na Gaeilge labhartha. (Baineann sé le teanga is béal, áfach.) Tá siopa seanrudaí i lár na cathrach anseo atá ag grúpa seanbhan a thugtar "Assistance League" air. Tuilleann siad airgead sa siopa agus tugann do scoileanna é. Téim anseo go minic mar tá sé suite gar do m'oifig. Bhí mé ann an tseachtain seo caite agus cheannaigh mias traidhfle gloine deas ar $5. Tá sé trom is réasúnta mór. Ach ní dhearnadh mé traidhfil riamh. An bhfuil oideas maith ag duine ar bith? Beidh traidhfil álainn bhlasta againn um Nollaig más féidir liom í a dhéanamh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 761 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 15, 2005 - 05:16 pm: |
|
Tá an ceann seo réasúnta traidisiúnta, Liz: http://www.cooks.com/rec/doc/0,1613,156168-246193,00.html Agus an ceann seo, ar a dtugtar Tipsy Laird, níos traidisiúnta fós. http://www.ivillage.co.uk/food/tools/recipefinder/display_recipe/0,10193,6151,00 .html Ní mór do thraidhfil na comhábhair seo a leanas a bheith inti: lady fingers, seiris, subh sú craobh, custard, torthaí, agus uachtar. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2695 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 16, 2005 - 06:06 am: |
|
Oideas shimplí a bhí ag mo Mhamó. Ciste spúinse, (3 ubh, 3 unsa plúr, 3 unsa siucra - buail na huibheacha 's an tsiucra, fill isteach an plúr, 45 noiméad san oighean ag mean teas) Canna (nó dhó) piorraí Glóthach. Bhíodh uirthi cúinne a fhágaint saor ó chiste do Dhaideo! Uachtar ar a bharr. |
|
|