Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2662 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, December 10, 2005 - 06:27 am: |
|
Fuair scabhtéir bás, agus bhí an Bhreith le bheith ann. "Caithfidh tú mé a scaoileadh isteach ar Neamh", arsa mo dhuine le Dia, "tá an-aithne agam ar Do Mhac". "Cén sort aithne atá agat air?" arsa Dia. "Ó, tá na seacht n-aithne agam air" "Ach tá na Deich nAithne agamsa ortsa!" |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 742 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, December 10, 2005 - 12:47 pm: |
|
Scéilín cliste, atá níos fearr fós toisc nach bhfuil an t-imeartas focal inaistrithe! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 887 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 11, 2005 - 08:03 am: |
|
Seo imeartas focal dátheangach dhaoibh: Bhí beirt fhear ag rith síos Bóthar na bhFál; chonaic siad fear ina shuí ar bhalla:- -An gceapann tú go bhfuil sé san UVF? -Knee cap him. Is aoibhinn liom an ceann sin! :) Fáilte Roimh Cheartúcháin
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1150 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, December 11, 2005 - 08:13 am: |
|
Chuala mé ’n cionn sin ón chéad mhúinteoir Gaeilge agam, b’as Béal Feirste dó. :-) Tír Chonaill abú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 744 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, December 11, 2005 - 12:50 pm: |
|
Seo seancheann: Cad é an Ghaeilge ar an "generation gap"? Táim cinnte go bhfuil an freagra ceart agaibh. ;-) |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 10 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, December 11, 2005 - 04:31 pm: |
|
Níl a fhios agam an fiú mo chlú a scriosadh trí seo a chur ar an chlár seo, ach seo é arís.. Cad é a thugtar ar shaighdiúr Arabach a thréigeann a chomrádaithe i lár na hoíche? Abdul abhaile |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2669 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 11, 2005 - 05:27 pm: |
|
Go deas. Cara le Abdul a chodladh, seans? |
|