Liz
Member Username: Liz
Post Number: 45 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 11:33 am: |
|
Oíche Naomh Nioclás Dé Luain, agus chuir m’iníon a bróg sa hall ag doras a seomra leapa. Chuir mé boinn seacláide inti agus briosca déanta i riocht calóg shneachta. De réir De Bhaldraithe, mar a thuigimse é, is é ‘cáithníní sneachta’ an bhrí le ‘hailstones’ agus ‘calóg shneachta’ an focal ar ‘snowflake’. Chuala mé 'clocha sneachta' ar 'hailstones' chomh maith. Tá m’iníon in a déagóir, ach baineann sí sult as nósanna mar seo go fóill. Tá a cuid bróga níos faide ná mo chuidse....11 ½ US mná. Caithfimid dul go Seattle le bróga a fháil di, mar nach mbíonn ach péire nó dó atá oiriúnach di sna siopaí anseo. Léigh mé i bpáipéar eolaíochta go bhfuil bróga na cailíní ag éirí níos faide thar na blianta. Níl a fhios agam cén fáth...ach b’fhéidir go gcothaíonn a dtuismitheoirí iad go han-mhaith. |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1106 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 12:44 pm: |
|
Nó go dtabhrann siad barraíocht bídh daofa ;-) Maidir le "snowflake", seo a bhfuil i sean-fhoclóir Mhic Cionnaith (1935, le foirmeacha canúnacha): bratóg sneachta (Ulaidh) calóg sneachta (Mumha & Connachta) Tír Chonaill abú!
|