mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (November-December) » Archive through December 09, 2005 » Píosa grinn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2634
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 03:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuala é seo ar maidin ar Cois Cuain, "sobal" RnaG.
Ag caint faoi Aldi (ollmhargadh saor ón nGearmáin atá ag éirí coitianta in Éireann - tá ceann le hoscailt ar an gClochán Léith)

"Ní bhíonn acu siúd ach bia scolairí gaeilge. Níl blas ar bith air"

(Tá áthas orm nár seoladh chun na gaeltachta mé agus mé i'm thachrán - is maith liom blas ar mo bhia).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 43
Registered: 07-2005


Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 06:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá Aldi i lár Wisconsin le tuairim is deich mbliana anuas. Téann mo thuismitheoirí is mo dheirfiúracha ansin go minic le glasraí cannaithe agus rudaí eile a cheannach. Bíonn a n-ollmhargaidh sna Stáit go han-mhór.

Nuair a chuaigh mé go hÉirinn den chéad uair, ba dhóigh liom go raibh saol na sráidbhbailte in Éirinn cosúil le saol Wisconsin sna caogaidí, roimh theacht na siopaí móra. Nuair a bhí mé i mo chailín, bhí siopaí beaga ar na sráideanna, agus shiúlamar chucu. Anois, tá na siopaí móra saora suite lasmuigh de na bailte, agus caithfimid dul chucu sa charr. Fuair láracha na mílte sráidbhailte sna Stáit bás ina ndiaidh.

Mauston, Wisconsin, mar shampla. Tá 3,000 duine ina gcónaí ansin. Cuireadh 'Piggly Wiggly' is 'Kmart' is 'Walgreen's' ar ionad siopadóireachta lasmuigh den bhaile sna seachtaidí. Ní raibh siopadóirí an bhaile abálta fanacht sa ghnó thar éis sin, agus dúnaíodh a ndoirse. Tá a seansiopaí i lár na cathrach follamh go fóill.

Tá súil agam nach ndeanfaidh na hÉireannaigh na botúin ghnó céanna a rinneamar anseo i Meiriceá. Sábháilígi bhur sráidbhailte agus bhur siopadóirí!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 44
Registered: 07-2005


Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 06:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

OOps! I did'n't realize I was in the dual language room. Basically, Aonghus said that Aldi stores are becoming common in Ireland. Aldi is a German retailer that has put up many big stores East of the Mississippi.
I talked about how the downtown areas of many small towns in America died when the big retailers put their stores outside the towns and how I hope that doesn't happen in rural Ireland.
If you care about this issue, please use some Irish in your comments.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 724
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, December 06, 2005 - 09:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

is maith liom blas ar mo bhia

Aontaím leat. Ach tá cúpla rud ann ón seansaol nach bhfuil a sárú le fáil, dar liomsa. Mar shampla, is breá liom leite mhine coirce bruite le salann, an-te sa bhbhla -- cosúl le crannóg i loch de bhainne fuar! Beagán den te agus den fhuar in gach spúnóg, sin is fearr. Níl sa Delikatess seo ach ceithre rud: min choirce, salann, uisce, agus bainne. Ach ní mór don leite a bheith déanta i gceart. Rolled oats? Bleah. Is fearr liom an seandéanamh, "a coarse meal ... produced by slowly grinding the kernel between two large millstones", mar a deir an lipéad ar an bpacáiste.

And then there's arán donn, but only if the cook has the right whole meal flour and the right technique! Tá sé chóir a bheith dodhéanta, arán donn ceart a fháil i Meiricea.

Seo mise, ag fanacht le mo shuipéar. Can you tell? ;-)

(Message edited by dennis on December 06, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2636
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 06:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní hé Delikatess an uimhir uatha de Delikatessen, a Dennis! Ní féidir essen/bia a chuir san uimhir uatha.

Liz,

is eagal liom go bhfuilimid ag leanacht an tslí chéanna maidir le siopaí abhus.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2637
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 08:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Monuar, thit mé sa pholl mar is dual do bheachtasóir.
"Delikatesse" an uimhir uatha de "Delikatessen", agus gan baint aige le "essen" chor ar bith.

'Nois, bhfuil gaeilge ag aoinne air? Ní ritheann liom ach "togha bidh"

(Nua gach bia agus sean gach dí)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 726
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

mír mhéine ?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2640
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 07, 2005 - 04:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

sócamas atá ag de Bhaldraithe ar "Table delicacies"



sócamas [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
milseán, milseog.



©Daltaí na Gaeilge