Agus asamsa, bíodh agus go bhfuil an ceann sin chomh sean le hart! Classic ceart. :-)
quote:Agus muid ar an ábhar is í "an chuma".
Ahh, ná bí ag tromaíocht ar an bhfocal
transgender sin. :-) Tá brón orm anois gur tharraing mé os comhair an tsaoil é/í.
Pé scéal é, tarraingíonn scéal scéal eile. Seo ceann faoi bhotún eile ón Athair Pádraig Standún:
D'inis fear eile [sagart gallda i bparóiste Gaeltachta] faoin iarracht a rinne sé cuntas a thabhairt dá phobal ar aon airgead a chaith sé. Tharla go raibh an suíochán ar bharr an leithris briste agus cheannaigh sé ceann nua. D'fhógair sé ón altóir an tseachtain dár gcionn: "Chuaigh mé go Gaillimh an lá cheana, agus cheannaigh mé cathaoir leictric …"