mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (November-December) » Archive through December 09, 2005 » Caint nó Labhairt « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2623
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, December 04, 2005 - 04:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Arising out of other posts...

I think "caint" usually refers to a piece of speech, whereas labhairt refers to the practice of speaking.



caint [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer).

labhairt [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach]
focail a rá (ná labhair air); cumarsáid a dhéanamh, (ní labhraíonn siad le chéile); caint (labhraítear Gaeilge anseo); canadh (mar a labhraíonn an chuach).




Scríobh Dennis:
quote:

Céard faoi "ba mhaith liom Gaeilge a chaint"?



"a labhairt" a bheadh agamsa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1098
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, December 04, 2005 - 07:15 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Deirfinn gur chóra "bheith ag caint i nGaeilge/as Gaeilge" ach "Gaeilge a labhairt" a ráidht.

Is minicí a bhainimse feidhm as "labhairt" ná as "caint", cibé ar bith.

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 714
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, December 04, 2005 - 07:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Deirfinn

Cén chanúint atá tú ag labhairt anois? "Déarfainn" a deirtear sa Chaighdeán. Agus deir Dónall Ó Baoill (An Teanga Bheo: Gaelge Uladh) go bhfuil rogha ann idir "déarhainn" agus "d'abrochainn" sa chanúint is ansa leatsa. Nó an dearmad cló é seo? Tá a fhios agam nach bhfuil na litreacha FRC greamaithe de do thcht, ach ós rud é gur namhaid na meancóg thusa déanfaidh mé eisceacht sa chás seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 716
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, December 04, 2005 - 08:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Omigawd. Rinne mé dearmad cló! Agus botún gramadaí (nó dearmad cló eile? ó nach bhfuil aon difríocht san fhuaimniú) mar bharr ar an donas!! Recte: "Gaeilge" agus "atá tú a labhairt". Those pesky meancógs, they just swarm around looking for a moment's inattention.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1099
Registered: 01-2005
Posted on Monday, December 05, 2005 - 06:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cén chanúint atá tú ag labhairt anois? "Déarfainn" a deirtear sa Chaighdeán. Agus deir Dónall Ó Baoill (An Teanga Bheo: Gaelge Uladh) go bhfuil rogha ann idir "déarhainn" agus "d'abrochainn" sa chanúint is ansa leatsa. Nó an dearmad cló é seo? Tá a fhios agam nach bhfuil na litreacha FRC greamaithe de do thcht, ach ós rud é gur namhaid na meancóg thusa déanfaidh mé eisceacht sa chás seo.

I nGaoth Dobhair, deirtear "deirfinn", le /e/ gairid agus r caol. Chuala mé le cainteoirí as GD é, agus d’úrt Micheál Ó Murchú linn aríst é. Níl achan fhoirm ar fáil i leabhar Dh. Ó Baoill (cé gurb as GD dó!), tá cuid mhór foirmeacha beaga i dTír Chonaill agus cha bheadh go leor spáis le iad uilig a chur i leabhar gomh beag sin...

Tír Chonaill abú!



©Daltaí na Gaeilge