Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2596 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 05:24 pm: |
|
Réamhrá Éistim le cuideachta (a athchraoltar gach maidin), agus bíonn an "sobal" Cois Cuain ann. Tá seanfhear cantalach ann d'arbh ainm Timmí Chuala mé cúpla uair anois é ag beannacht don sagart san uimhir iolra (Dia dhíbh, a Athair). Leigh mé (Béal Beo) go raibh an nós ann uair amháin beannú san uimhir iolra do dhuine aonair, toisc go rabhthas ag beannú dá aingeal cuideachta chomh maith. An Cheist: An bhfuil an nós fairsing i nGaoth Dobhair? An leis an sagart amháin a bhaineann sé? Aon tuairim agat faoin mbunús atá leis? (Hmm. trí cheist. Ach bheinn buíoch as freagra ar aon cheann acu!) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1080 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 06:08 pm: |
|
Mar a d’úrt mé cheana, níor chuala mé "Dia duit" nó "Dia daoibh" ariamh i dTír Chonaill. Léigh mé go rabh sé ann ach nach mbaintear úsáid as ach le daoiní "uaisle" srl. Níor chuala mé féin ach "halló", "cad é mar atá (tú)?" srl agus mé i nGaoth Dobhair. Ach d’fhoghlaim mé ó mhúinteoirí go n-abartar "Dia daoibh" san iolraidh nuair a bheannaíthear do shagart, siocair go mbeannaíthear don tsagart sin agus do Dhia in éineacht : beirt atá ann --> iolraidh. Ach níor casadh orm sagart ar bith i nGaoth Dobhair, mar sin níl ’s agam an abartar sin ann nó nach n-abartar. Níor chuala mé ariamh fá dtaobh do "Dia daoibh" le beannú do dhuine eile, seachas do shagart, sular léigh mé do phost thuas. Tá sin suimiúil. Cibé ar bith, "Dia daoibh" a bheadh ann, ní "Dia d(h)íbh" mar a scríobh tú (daoibh < do + sibh; díbh < de + sibh). Sin an méid... Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2598 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 01, 2005 - 04:05 am: |
|
GRMA. Sin mórán mar a cheap mé. "Dia dhaoibh" a bhí i gceist agam, táimse cleachtadh ar é sheimhiú, cé nach bhfuil sin sa chaighdeán. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1082 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, December 01, 2005 - 08:05 am: |
|
Ok, ach ní hionann 'dhíbh' agus 'dhaoibh' féin: cluintear /γ'i:v'/ agus /γi:v'/. Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2600 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 01, 2005 - 11:28 am: |
|
Is léir go bhfuil do chluas níos géire ná mo chluasa! Tuigim go bhfuil an difear ann, botúm a bhí i "dhíbh" |
|
|