Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 122 Registered: 12-2004
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 10:20 am: |
|
Has anyone seen Aonghus' alt in Lá today about Lá? I think his article was great but I disagree. I like the little summary paragraphs they put in in English. What does everyone think? I also like the learners' sections and the AthLá sections. I wonder how many of Lá's 4000 readers are overseas? Colleen |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 665 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 11:34 am: |
|
quote:I wonder how many of Lá's 4000 readers are overseas? I used to take both Lá and Foinse, ach... ní thagann siad saor in aisce! Agus tá mo dhóthain le léamh agam ar an idirlíon na laethanta seo, gan trácht ar an gcarn leabhar a bhíonns agam i gcónaí. |
Dalta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 12:23 pm: |
|
Ní maith liom na fotheidil ar ThG a 4. An iomarca Béarla, cuireann siad an cuma ar faoi mar nach mbeadh Gaeilge ina teanga cheart. |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2582 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 28, 2005 - 05:01 pm: |
|
Bhuel, ós mise a scríobh an talt úd, seo chughaibh an leagan nemah phrofléite. Errors and omissions excepted, mar a dúirt an cuntasóir... Le tamall anuas tá giotaí bheaga Béarla, achoimhrí ar roinnt altanna, le léamh ar Lá. Nós é seo nach maith liom. Go deimhin, cuireann sé olc airithe orm. Is Gaeilgeoir cathrach mise. Níl faill ar bith agam Gaeilge a labhairt i mo ghairm - tá an innealtóireacht gafa í marbhfháisc an Bhéarla. Fiú san gnathsaol, is tearc na deiseanna a bhíonn agam Gaeilge a labhairt, nó a chlos, nó a léamh. Mar sin, is mór agam gach tearmann ón mBéarla, na hocaidí sin a ligeann don Ghaeilge ionam a géaga a shíneadh, agus deoch doimhin a tharraingt as tobar na teangan. Ach bíonn na tearmann céanna de shor faoi bhrú ag an mBéarla. Is eol dúinn ar fad an nós atá ann iompu ar an mBéarla, is cuma cé chomh bríomhar a bhí an comhrá, nuair a thagann Béarlóir aonteangach inár láthair. Is beag nach coir shoisialta atá ann Gaeilge a labhairt go poiblí! Tá, agus bhí riamh, an t-iriseoireacht Ghaeilge lárnach do saol an Ghaeilgeoira Galltachta. Cuimhnímís ar an gCadhnach, ar Bhreandán Uí hEithir, ar Chiaráin Uí Nualláin, ar Phronsias Mhic Aonghusa, agus ar mhórán eile nach iad. Thug said léirgeas bhreá ar an saol mór dúinn - agus inár dteanga. Saibhrigh siad muid idir smaointe agus teanga. Roimh teacht ann don Lá laethiúl, is taobh le hirisí mhíosúla, nó ráithe a bhí muid - le faoiseamh bheag ón Lá seachtainiúl agus Foinse. Chuir muid ná múrtha failte dá réir roimh Lá gach Lá - deoch úr Ghaeilge chaon lá! Colúnaithe a bhí ag cuir síos ar an saol mór dúinn. Tearmann agus foscadh ón mBéarla, gan an saol a chuir ó dhoras. Ach anois tá Béarla a sleamhnú isteach. Tá tuiscint airithe agam don Eagarthóir - is mian leis spéis an Bhéarlórá a mhuscailt in obair Lá. Níor mhiste sin. Ach an gá smugairle an Bhéarla a tharraingt tríd an iliomad alt chuige sin? Mhol Michéal Ó Cronín ina leabharán "An Ghaeilge san Aois Nua" nár cheart gach rud a aistriú ar mhaithe leis an mór theanga - chun go mbeadh spreagadh ann do lucht an mhór théanga an mionthéanga a fhoghlaim. Tá ciall leis sin. Cuirimís daoine ag caint faoi Lá. Músclaimís a bhfiosracht. Mealltar pearsan mór le rá le gaeilge - agus is eol d'aoinne a éisteann le Radio na Gaeltachta gurbh fairsinge iad ná mar cheaptar - le colúin agus altanna a scríobh. Bíonn altanna ó Lá ar Daily Ireland. Tá an acoimhre i mBéarla cuí ansin. (Ach tugaim faoi ndeara gur éirigh Pól Ó Muirí san Irish Times as an nós.) Ach fágtar ár dtearmann againne, agus spreagtar níos mó le tarraingt uirthi - tré scoth na hiriseoireachta a chuir ar fáil. Sroicheann Lá ar a laghad 4000 duine gach lá. Ní beag sin. Ach tá níos mó ná sin ag labhairt na Gaeilge gach lá. Sin é do aonach, a Eagarthóir. Bí ina lár! |