mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Ar n-Aonghus s'againne i Lá « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 121
Registered: 12-2004
Posted on Monday, November 28, 2005 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar léigh éinne Lá inniu? Is oth liom a rá áfach nach n-aontaim leat a Aonghuis, a chara. Sílim go gcabhróidh na hachoimhrí sin agus go múiscleoidh siad fiosracht na ndaoine ar imeall an linn snámha atá imni orthu dul ar snámh leis an teanga go fóill. Is maith liom an 'Ath-Lá píosa agus leathanach na foghlaimeoirí chomh maith. Cad a cheapann tusa faoina features seo? Tá a lán daoine le Gaeilge mhaith nach féidir leo léamh altanna faoi cursaí reatha atá breac le tearmaí nua nó tearmaí nach raibh sna fóclóir nuair a bhí siadsan sa scoil, nó tearmaí nach bhfuil sna fóclóir fiu inniu. Ní bhíonn a fhios ag daoine faoina acmhainní atá ar fáil on-line nó am acu chun dían staidear a dhéanamh ar gach alt. N'feadair cé mhéid des na 4000 léitheoirí atá ag fáil sintius Lá thar lear?
Colleen

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2584
Registered: 08-2004


Posted on Monday, November 28, 2005 - 05:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl deacracht ar bith agam le h"Ath Lá" na le leathanach d'fhoghlaimeoirí mar is furaist iad a sheachaint!

Ní bheadh deacracht agam chomh beag le barra taobh i mBéarla ar an gcéad leathanach - mar a bhíonn ag Irish times agus a leithéid - achoimre ansin i mBéarla, agus nod don scéal iomlán.

Ach tarraingíonn na giotaí Béarla do shúil, mar a dhéanann na fotheideal ar TG4.

Agus creidim gur ceart
1) feidhm a bhaint as gaeilge cruinn simplí, agus béarlagar a sheachaint.
2) gluaiseanna a bheith i nGaeilge más feidir

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 346
Registered: 06-2005


Posted on Monday, November 28, 2005 - 05:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

De chúis éigin níl Lá le fáil im choláiste..
Tá an comhartha *Lá ar díol anseo* ar an bhfuinneog. Sheol mé r-phost ach freagra ní bhfuaireas.
Dé dhéanta na fírinne, tá aoi-chainteoir de chuid Lá ag teacht chun caint lem rangsa an tseachtain seo..

Bhí cóip Foinse san Irish Independent inniú agus an dá pháipéar curtha amach timpeall an choláiste saor in aisce.
Píosa spéisiúil go leor a bhí inti faoi Scéim Labhairt na Gaeilge.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán_mac_eochaidh
Member
Username: Seán_mac_eochaidh

Post Number: 17
Registered: 11-2005


Posted on Monday, November 28, 2005 - 07:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scriobh Cailindoll:
"Ar léigh éinne Lá inniu? Is oth liom a rá áfach nach n-aontaim leat a Aonghuis, a chara."

Leigheadh an t-alt ag Caife Maidin na Gaeilge i dTeach Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar maidin.(Dé Luain)

Creidim nar choir Bearla ar bith a bheith i "Lá". Mar sin de, ní aontuighim le Cailindoll nó Aonghus faoi an ceist seo.

Seán Mac Eochaidh
Béal Feirste
Guthan: +442890507988

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, November 29, 2005 - 04:02 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith an fear a Aonghuis, go mairir an t-alt. Léas aréir é.

Is mór an doghrainn locht sin an Bhéarla i mbéal gach ailt ar LÁ le tamall gairid anuas. Bhíos róghnóthach le tamall le tabhairt faoi litir a scríobh is a sheoladh chucu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 12
Registered: 10-2004


Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 02:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaíom go hiomlán le hAonghus anseo!

Tá mé ag ceapadh go bhfuil nuachtán eile laethúil i mBéarla ag an Andersonstown News Group. Bheadh i bhfad níos mó creidiút ag dul d'argóint eagarthóra Lá dá ma rud é go raibh giotaín (!) beag i nGaeilge mar acoimre ar gach alt ansin mar "iarracht chun teanga-dheighilt a sharú."

Dia leat a Aonghus

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2597
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 30, 2005 - 05:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfaca sibh alt bhréa greannmhar Philip Cummings i Lá inniu, ar an ábhar seo?

http://www.nuacht.com/story/?newsid=9645&cat_id=5

Caithfead a rá go mbainim an-sult as a cholún siúd i gconaí.

(Message edited by aonghus on November 30, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 687
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, December 01, 2005 - 02:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chonaic anois, a bhuí leatsa, a Aonghuis. Obair dheas é an colún sin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2603
Registered: 08-2004


Posted on Friday, December 02, 2005 - 04:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bíonn colún seachtainiúl Philip ar cheann des na rudaí is fearr ar Lá. Murach eisean agus roinnt beag colúnaithe eile, ní dóigh liom go mbacfhainn le Lá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 249
Registered: 11-2004


Posted on Friday, December 02, 2005 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Colún cliste greannmhar le PC. Sin an saghas ruda atá de dhíth chun léitheoirí a mhealladh - spraoi! Molaim é, agus molaim Lá as a fhoilsiú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 694
Registered: 02-2005


Posted on Friday, December 02, 2005 - 10:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An mbíonn a cholún ar fáil ar an líon i gcónaí? Cén lá a nochtann sé ar Lá?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2606
Registered: 08-2004


Posted on Friday, December 02, 2005 - 11:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl fhios agam.
Dé Cheadaoin, muna bhfuil dul amú ort. Leis an bhforlíonadh ealaíona, atá faoina eagar.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge