mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » An ollscoil is fearr le haghaigh staidéar an Ghaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán Ó Luasa (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, November 25, 2005 - 02:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A chairde,
Tá fonn mór orm staidéar an Ghaeilge ag féachaint chuig a bheith i m'aistritheoir. Chuala mé ar an ngrapevine (ó duine a raibh dhá céimsí sa Ghaeilge aige) go bhfuil an Roinn Nua-Ghaeilge i UCC an ceann is fearr sa tír. Le haghaigh cúis éigin, ní raibh meas ar bith aige sa Roinn Gheilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Chualas faoi dhá cinn eile freisin i rith na blianta, ná DCU agus Maynooth. Cad a cheapann sibh?

Bheinn an-bhuíoch ar fad do aon duine a bheadh in ann ofráil aon eolas ar an t-ábhar seo.

Mise le meas, a chairde,
Seán Ó Luasa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1049
Registered: 01-2005
Posted on Friday, November 25, 2005 - 03:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chaith mise féin bliain in Ollscoil Chúil Raithin, Co. Dhoire, le feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Bhí sé iontach maith, bhí na múinteoirí iontach maith, ní dóigh liom gur féidir bheith níos fearr ná iad. Bhí siad sin iontach cairdiúil, suimiúil agus eolach.
Gabh ann !!!

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, November 28, 2005 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá'imse féin i gCOC(UCC) agus tá an obair ar son na Gaeilge an-mhaith ar fad. Tá cúrsaithe ann, scoláíreachtaí go dtí an nGaeltacht, áiseanna don Ghaeilge, Seomra Foirne as Gaeilge, trí sochaí as Gaeilge agus níos mó ná sin. Maidir le staidéar na Gaeilge, tá dhá dhuine ar aithne agam ag staidéar Gaeilge. Deir duine nach bhfuil sé ró-shuimiúil agus níor chuir mé ceist ar an duine eile. Ceapaim ámh go bhfuil sé an-mhaith ó thaobh na foglaime de. Tá ranganna ann ar traidisiúin na Gaeilge, litríocht agus cruineas. Téigh go dtí http://www.ucc.ie/academic/mi/ ar níos mó eolais.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 350
Registered: 06-2005


Posted on Monday, November 28, 2005 - 06:09 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuel boy!
Is Mac Léinn le Fiontar mé i DCU.. http://www.dcu.ie/fiontar/

Eh "bheith i m'aistritheoir" Féach anseo - http://www.dcu.ie/prospective/deginfo.php?classname=TCD&mode=full&originating_sc hool=56

Béidh an chéim nua (Gnó agus Gaeilge) ag tosnú i 2006. Muidne an t-aon chursa trí nó le Gaeilge ar an bpríomhchampas. Mar sin cuirtear dhá ríomhlann, chill-out zone agus go leor eile ann do na Mic Léinn.
Chomh maith le seo, tá na mílte ag foghlaim Gaeilge i gColáiste Phádraig agus Mater Dei *An chuid is mó dóibh siúd a bheidh ina múinteoirí*

Mise Cathaoirleach An Cumann Gaelach anseo agus is iomaí imeacht a bhíonn ar siúl againn! Tá beagnach 200 ball againn (Níl éinne ó Choláiste Phádraig/ Mater Dei linn so sin méid ollmhór!!) 350 i UCD agus 743 i TCD.

Tá NUIG an-mhaith don Ghaeilge agus de dhéanta na fírinne bhí mé féin agus An Cumann Gaelach DCU i nGaillimh an deireadh seachtaine atá imithe thart agus is láidír an teanga í Gaeilge ansin.
Fós tá Club an Chonartha, Foras na G, Conradh na G, Raidio na Life agus ceannáras an-chuid grúpaí don Ghaeilge anseo i mBAC.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge