mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Eachtra i bport lairge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 142
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, November 16, 2005 - 06:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

ta cupla ceist agam doibh i dtaobh an teanga sa gcontae bpoirt lairge. an bhfuil aon duine acu ina chonai ann go hairithe sa limistear sean pobaill no ardmore. ta suim agam o taobh aon eachtra ag baint le gaoiluine a mbeidh ar suil ann sa todchai.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 323
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, November 17, 2005 - 02:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A chara,
Conas tánn? Bím sa ghaeltacht sin ó am go h-am i rith na bliana.. Agus mé amuigh chuile óiche ;)
Hmmm - Bíonn sórt Seisiún ar siúl i nDún Garbhán gach Déardaoin.. Tagann na munchies (muintir na gaeltachta) agus na daoine ón gceantar agus sár-chraic a bhíonn ann!

Sa ghaeltacht í féin bí i dteagmhail le Coláiste na Rinne.. Mairtín ach go h-áirithe.. Is é an leas-phríomhoide ach eagraíonn sé saghas teacht le chéile sóisialta sa Ghaeltacht nó Dún Garbhán do dhaoine le pas beag gaeilge agus daoine le Gaeilge líofa..
Teach Mooneys sa Rinn a bhíonn go maith - Bíonn Gaeilge ag chách ach ní úsáideann cách é..
Seachas sin, teach an cheoil in aice leis na báid..

N'fheadar an bhfuil sé sin oiriúnach duitse?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 143
Registered: 11-2004
Posted on Friday, November 18, 2005 - 06:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

ceart go leor a buachaill. Tann tu plodaite le nuacht! an bhfuilar dul sall go minic. Nior tugadh aimn ar teach tabhnaire sa Dún Garbhán thu. Taim gnothach lem chlann og fein i lathair na huaire ach ba maith liom ag dul anon tam eigin tuisce (some time soon?)!!! Bfeider go mbeidh chanic againn ag casadh le cheile i bport lairge sa todchai. chithfidh me thu ar ball mar sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, November 18, 2005 - 06:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mar bhreis ar an eolas Déiseach sin duit a Bhreacbháin:

Buail Isteach - Port Láirge le Gaolainn
Drop-in centre with café and bookshop; information and translation services. The Quays, Waterford City
(087) 648-9465



http://www.beo.ie/2004-09/dushraith.asp

www.beo.ie: DÚSHRAITH NA GAEILGE

Port Láirge le Gaoluinn

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dáithí Kimber, Port Láirge le Gaoluinn.



1. Cén ról atá agat féin in Port Láirge le Gaoluinn (PLleG) agus cén fhad atá tú ina bhun?

Is mise an cúntóir teicniúil agus "fear na láimhe deise" (an dioscaire, más maith leat) aige Traolach Ó Braoin, an príomhfheidhmeannach. Tá mé freagrach as an tseirbhís aistriúcháin; agus sraitheanna de thráth na gceist a reáchtáil agus na ceisteanna a cheapadh. Chomh maith leis sin, tá ceann des na ranganna oíche do dhaoine fásta á mhúineadh agam agus is mise príomhthiománaí na veain atá ceannaithe againn.

2. Cá huair a bunaíodh PLleG agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Port Láirge le Gaoluinn Teo. i 1999. Mé féin agus Traolach a bhunaigh é.

3. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh an comhlacht leis an nGaolainn a chur chun cinn sa chathair, sa chontae agus sna ceantair mháguaird.

4. An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an gcomhlacht?

Tá duine amháin, Traolach, fostaithe go lánaimseartha. Bíonn beirt ag obair go páirtaimseartha sa siopa agus leathdosaen eile, mé féin ina measc, ar bhonn deonach. Ina theannta san tá Bord Bainistíochta againn ar a bhfuil ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla: gnólachtaí áitiúla, an Cumann Tráchtála, Bord Sláinte an Oirdheiscirt, Comhairle na Cathrach, an Chomhairle Contae, Gaelscoileanna, Comhluadar, Cumann Lúthchleas Gael, agus ionadaí eaglasta. Tá gach ball den Choiste gníomhach in obair na teangan agus an chultúir sa cheantar. Tá plean fadtréimhseach againn a mbuilimid ag cur leis bliain i ndiaidh bliana.

5. Cén obair a dhéanann PLleG?

Bíonn an "Buail Isteach", ionad ina bhfuil siopa, oifig agus ceanncheathrú na Gaolainne sa cheantar, ar oscailt sé lá in aghaidh na seachtaine, óna deich ar maidin go dtí leathuair tar éis a cúig um thráthnóna. Díoltar réimse leathan earraí a bhfuil baint acu leis an nGaolainn sa siopa: leabhair, foclóirí, cártaí, bratacha agus dlúthdhioscaí - ana-chuid rudaí i ndáiríre. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil agus déanaimid comórtais scoile (sé cinn ar fad) a reáchtáil. Chomh maith leis sin, déanaimid ranganna oíche Gaolainne a thairiscint do dhaoine fásta. Bhí ceithre scór rannpháirteach sna ranganna a chuireamar ar fáil le linn 2003/2004.

6. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag PLleG? An leor iad?

Foras na Gaeilge a chuireann an chuid is mó den maoiniú ar fáil ach faighimid tacaíocht chomh maith ó na dreamanna seo: Comhairle Cathrach Phort Láirge, Comhairle Contae Phort Láirge, Bord Sláinte an Oirdheiscirt agus tógálaí nó dhó príobháideach. Ar ndóigh, dá mbeadh níos mó airgid againn bheimis in ann i bhfad níos mó a dhéanamh. Ba mhaith linn a bheith in ann duine a fhostú leis an veain a thiomáint, mar shampla. Téimid amach go dtí an t-ospidéal leis an siopa taistil gach Luan, agus cúpla áit eile, ach ba mhaith linn duine a fhostú chun an siopa a choimeád ar an mbóthar i rith na seachtaine go léir. Níl an t-airgead againn chuige sin, áfach.

7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

D'éirigh linn an comhlacht PLleG Teo a chur ar bun; siopa, oifig agus ionad na Gaolainne a oscailt; an tarna scoil lán-Ghaelach, Gaelscoil na nDéise, a oscailt; agus an Ghaolainn a chur i lár an phobail.

8. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PLleG?

Ceann de na laigí is mó a bhaineann linn ná go bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán, nach mór, ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is é Traolach an láidreacht is mó atá againn. Is eisean fear na smaointe agus fear nach bhfaighfeá a rá faoi ná fuil an "dul tríd" go smior ann. Is duine é a thógann ualach an fhiontair seo ar a ghuaillí féin. Bhainfeadh sé Gaolainn as an gcat!

9. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag PLleG faoi cheann cúig bliana.

Meánscolaíocht trí Ghaolainn a chur ar fáil.
An tríú Gaelscoil a chur ar bun.
Oifigeach lánaimseartha le Gaolainn a cheapadh leis an gComhairle Cathrach.
An siopa taistil a chur ar an mbóthar go lánaimseartha.
10. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Bheinn lánsásta dá mbeadh ceantair ann san am atá romhainn ina mbeadh an Ghaolainn á labhairt go nádúrtha. Tá na Gaeltachtaí ag imeacht agus, mar sin, ba mhaith liom go mbeadh ceantair eile ann ina mbeadh an Ghaolainn á labhairt mar theanga laethúil - i mBaile Átha Cliath nó anseo i bPort Láirge, mar shampla. Gach seans go mbeidh níos mó de sheans ag áiteanna mar Ráth Cairn nó An Rinn. Tá an meath atá ag tarlú anois sna Gaeltachtaí eile, abair i gConamara nó i nDún na nGall, tá sé stoptha sna háiteanna sin, is dóigh liom.
----------------------
Gluais • Glossary


comhlacht company

cúntóir teicniúil technical assistant

dioscaire errand-boy

príomhfheidhmeannach chief executive

freagrach as responsible for

sraitheanna series

príomhthiománaí na veain the main driver of the van

sna ceantair mháguaird in the surrounding areas

fostaithe employed

go lánaimseartha on a full-time basis

leathdosaen half a dozen

ar bhonn deonach on a voluntary basis

ionadaithe representatives

gnólachtaí áitiúla local businesses

an Cumann Tráchtála the Chamber of Commerce

gníomhach active

plean fadtréimhseach long-term plan

ceanncheathrú headquarters

réimse leathan earraí a wide range of goods

a thairiscint to offer

ceithre scór eighty people

foinsí maoinithe sources of funding

tógálaí builder

a fhostú to employ

chuige sin for that purpose

spriocanna targets

bainte amach achieved

laigí weaknesses

láidreachtaí strengths

ag brath depending

maoiniú funding

ualach an fhiontair seo the burden of this enterprise

Bhainfeadh sé Gaolainn as an gcat! He'd make the cat speak Irish!

fís vision

san am atá romhainn in the future

á labhairt being spoken

meath decline

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 332
Registered: 06-2005


Posted on Sunday, November 20, 2005 - 03:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

The local is ainm don theach tabhairne sin..

Ní bhead ar ais sa Ghaeltacht sin go ceann tamaill ach ar aghaidh go Gaillimh leis an gCumann Gaelach Dcu an deireadh seachtaine seo!!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge